Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Monday, 20 February 2017
  
RECENT DRIZZLE
11 Celsius
W Fresh 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Seirbhísí Eitlíochta - Aerfort na Sionainne
 

 

Seirbhísí Eitlíochta

AERFORT NA SIONAINNE
Suíomh:

52°41'31" N
8°55'8" W
6M os cionn leibhéal na farraige
Tá Aerfort na Sionainne lonnaithe 25 Km ó Luimneach agus Inis.

Shannon Airport radar antannaStair:
Osclaíodh Aerfort na Sionainne sa bhliain 1942. I 1944 bunaíodh stáisiún sionoptach ag an aerfort don tSeirbhís Meitéareolaíochta. I mí Dheireadh Fómhair 1945 chuaigh an chéad eitilt sceidealaithe tríd  Aerfort na Sionainne. Sa bhliain 1947 d’oscail an chéad siopa saor ó dhleacht ag an aerfort.

Roghnaíodh suíomh Aerfort na Sionainne siocair a dhea-thopagrafaíochta d’aerárthaí. Úsáideann cuid mhór aerlínte Aerfort na Sionainne mar ionad oiliúna do phíolótaí nua siocair na gcoinníollacha idéalacha ag an Aerfort.

Cuireadh radar aimsire isteach ag Aerfort na Sionainne i mí Bealtaine 1996. Is féidir a argóint gurb é an radar is tábhachtaí in Éirinn é mar gurb é an chéad radar a bhraitheann aimsir ón iardheisceart. Is féidir leis báisteach a thaispeáint go raon 240 Km agus gaoth go raon 100 Km. Tarchuirtear bíog ardmhinicíochta (minicíocht 5.6 GHz) ag ráta tipiciúil de 570 bíog sa tsoicind (tugtar minicíocht athbhualadh bíge air seo de ghnáth, nó MAB).

Shannon terminal buildingDéantar an bhíog seo a fhrithchaitheamh ar ais go dtí an radar má bhuaileann sé báisteach agus ansin próiseálann ríomhairí é chun an bháisteach a léiriú i gcód dathanna le haghaidh aithint éasca. Úsáideann na láithreoirí teilifíse seo chomh maith agus iad ag léiriú fhairsinge na báistí laethúla. Déantar gaoth a bhrath trí ghluaiseacht na báistí a leanann an ghaoth i luas agus i dtreo. Mura bhfuil aon bháisteach ann, áfach, ní féidir leis an radar luas na gaoithe a thomhas ach an oiread.

 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO