Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Wednesday, 29 March 2017
  
CLOUDY
15 Celsius
SW Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - Aeráid - Teocht an Aeir

 

Teocht an Aeir

Braitear tionchar maolúcháin an Atlantaigh ar fud na hÉireann. Dá bhrí sin ní bhíonn an raon céanna teochtaí ag an tír le linn na bliana agus a bhíonn ag tíortha ar an mór-roinn. Cé go mbíonn roinnt comhathraithe ann i stáisiúin intíre, níl ach tuairim is lá amháin nó níos lú ina bhfanann teocht an aeir faoi bhun an reophointe. Titeann teocht íosta an aeir faoi bhun nialais ar tuairim is 40 lá in aghaidh na bliana i stáisiúin intíre, agus ar níos lú ná 10 lá in aghaidh na bliana i limistéir atá níos cóngaraí don chósta. Sroicheann teochtaí an aeir intíre 18 go 20 °C ar laethanta samhraidh, agus tuairim is 8°C le linn an gheimhridh.

average temperature

Tomhais

Tá teocht ina phríomhtháscaire d'athruithe san aeráid. Rinneadh teocht an aeir a thomhas ar bhealach córasach in Éirinn ón 19ú haois luath. Tar éis bhunú Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann sa bhliain 1936, rinneadh atheagrú ar an líonra clíomeolaíochta agus fairsingíodh é le linn na 1940í agus na 1950í. Tá tionchar láidir ar theocht na haeráide in Éirinn ag ár gcóngaracht don Aigéan Atlantach. De ghnáth bíonn meánteochtaí bliantúla sa raon idir 9 agus11°C, ón oirthuaisceart go dtí an iardheisceart. Go traidisiúnta rinneadh teocht a thomhas le teirmiméadair a bhí suite i bhfothain adhmaid le péint bhán air ar a dtugtar Scáthlán Stevenson.

measuring devices

stáisiúin chlíomeolaíocha uair sa amháin gach lá ag 0900 AUL. Faoi láthair tá Met Éireann ag déanamh stáisiúin uathoibríocha as a líonra sionoptach, agus cuireann na stáisiúin nua seo, ar a dtugtar TUCSON (Líonra Aontaithe um Bhreathnóireachtaí Aeráide agus Sionoptacha), léamha ar fáil gach nóiméad de na príomhpharaiméadair aimsire, lena n-áirítear teocht. Ag na stáisiúin uathoibríocha seo agus ag aerfoirt déantar teochtaí a thomhas ag baint úsáide as teirmiméadar friotaíochta platanam, agus ag suíomhanna eile déantar é a thomhas ag úsáid teirmiméadair atá líonta le mearcair. Tarlaíonn neamh-aonchineálacht san amshraith sonraí mar thoradh ar athruithe in ionstraimiú, suíomh an bhreathnóra, suíomh agus amanna an na breathnóireachta, agus uaireanta tarlaíonn siad toisc athruithe i nochtadh an stáisiúin d'fhoirgnimh nua, d'fhás crann etc. i gcóngaracht an stáisiúin. Faoi láthair, tá measúnú á dhéanamh ag Met Éireann ar mhodhanna éagsúla chun go mbeadh an tsraith sonraí aonchineálach, ní dhearnadh aonchineálú ar na sonraí sa rannóg seo.

Amshraitheanna agus Treochtaí: I roinnt suíomhana tá amshraitheanna acu atá níos faide ná 100 bliain. Tá na stáisiúin le taifid fhadtéarmacha ina stáisiúin ríthábhachtacha don bhreathnóireacht, anailís agus cainníochtú ar athrú aeráide. Seo thíos na hamshraitheanna de mheánteocht aeir do Réadlann Dhairbhre agus do Pháirc an Fhionnuisce ó 1881 go 2009.

Mean Air Temps

Díorthaíodh meán fadtéarmach don tsraith teochta náisiúnta ag baint úsáide as sonraí ó 5 stáisiún fhadtéarmacha ag Dairbhre, Cionn Mhálanna, Ard Mhacha, Biorra agus Baile Átha Cliath. Sa léaráid thíos taispeántar an aimhrialtacht sa mheánteocht bhliantúil ó 1900 go 2010 (Seo an difríocht idir an mheánteocht bhliantúil agus an gnáthluach do 1961 go 1990). (Dhún an stáisiún i mBiorra i mí Dheireadh Fómhair 2009, don chéad chúpla mí de 2009 úsáideadh sonraí ualaithe ón stáisiún TUSCON ina chóngar sna Goirtíní).

Mean Air Anomaly

Athraíonn an mheánteocht go mór ó bhliain go bliain. Tharla thréimhse téimh ó na 1920í go dtí 1940 agus ó na 1980í déanacha go dtí an lá atá inniu ann. Tharla téamh níos mó agus níos gasta ag deireadh an 20ú haois.

Tá sonraí ó na stáisiúin shionoptacha agus chlíomeolaíocha ar fáil i bhformáid dhigiteach ó 1961. Ó na sonraí seo táirgeadh uasteochtaí agus íosteochtaí eangachúla do gach mí ó 1961. Is éard atá i sonraí eangachtúla ná sonraí a bhfuil a meán ríofa thar limistéar na hÉireann chun luachanna náisiúnta uasta agus íosta a ríomh do gach mí agus gach séasúr .

Seasonal temperature differences from 1961 to 1990.
Seasonal temperature differences from 1961 to 1990.

I ngach séasúr tá ardú i dteochtaí, le huasteochtaí ag ardú pas beag níos mó ná na híosteochtaí sa gheimhreadh agus san earrach, agus le híosteochtaí ag ardú níos mó ná na huasteochtaí sa samhradh.

Táscairí an Athraithe Aeráide

Chuir grúpa saineolaithe ón Eagraíocht Mheitéareolaíoch Dhomhanda síos ar raon táscairí báistí agus athraithe aeráide, chun go bhféadfaí comparáid a dhéanamh idir na hathróga sin. I gcás teochtaí, áiríonn na hinnéacsanna seo líon na laethanta seaca agus oighir, laethanta le teochtaí os cionn nó faoi bhun tairseach áirithe, agus fad an tséasúir fáis. Taispeántar thuas na táscairí do laethanta seaca (líon na laethanta gach bliain a mbíonn teocht an aeir faoi bhun nialais), agus laethanta teo (líon na laethanta gach bliain a n-ardaíonn an teocht os cionn 20° Celsius), do Pháirc an Fhionnuisce.

Climate Change Indicators

Ó na hamhshraitheanna is féidir treochtaí a dhíorthú thar roinnt blianta, nó de ghnáth deich mbliana. Táirgeadh na treochtaí sin de ghnáth do stáisiúin aeráide le taifead nach mór iomlán don tréimhse 1961-2010 (Nóta Eolais: agus na treochtaí seo á ríomh, baintear úsáid as an líne dhíreach is fearr a fheileann do na sonraí, agus baintear úsáid as tástálacha shuntasacha caighdeánacha chun na heatraimh mhuiníne a ríomh, de ghnáth úsáidtear eatramh muiníne de 95% mar tháscaire de threocht shuntasach, ach ní gá gur sin an ceann is fearr a oireann do líne dhíreach leis na sonraí)

Ó thaifid na stáisiún ar leithligh, ríomhadh léarscáileanna treochta do na táscairí, Léiríonn na léarscáileanna thíos treochtaí do roinnt laethanta seaca, agus laethanta le teocht os cionn 20°C ó 1961 go 2010. De réir na treochta ginearálta teasa, tá méadú ar líon na laethanta le teochtaí os cionn 20°C, agus laghdú ar líon na laethanta le teochtaí faoi bhun nialais.

climate change indicators

 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO