Met Éireann - met.ie - The Irish Meteorological Service Online
 
met.ie - The Irish Meteorological Service Online     
The Irish Meteorological Service Online  

Monday, 23 January 2017
  
FAIR
10 Celsius
SW Moderate 
Search:   
Print this webpage
  Baile - An Rannóg Réamhaisnéise Ginearálta - Réamhaisnéisithe

 

Rannóg Réamhaisnéise Ginearálta

Réamhaisnéisithe
Ról an Réamhaisnéiseoirí LAR i réamhaisnéis na haimsire

Cuimsíonn obair an réamhaisnéiseoirí LAR thrí chéim ar leith.

Is é an chéad chéim anailís agus tuiscint ar an aimsir reatha. Braitheann an anailís seo ar an obair chairte thraidisiúnta (ag tarraingt na n-iseabar agus na bhfrontaí ar chairteacha air ar breacadh breathnadóireachtaí aimsire), chomh maith le staidéar ar íomhánna satailíte, ar eolas radair agus ar chairteacha agus grúpaí a léiríonn staid an atmaisféir ag airdí éagsúla sna scamaill.

Is é an chéad chéim eile ná an réamhaisnéis a dhearbhú. Déantar é seo ach staidéar a dhéanamh ar ghluaiseacht agus fhorbairt dhealraitheach na gcóras aimsire éagsúil sna laethanta atá ag teacht, agus ansin eolas a bhaint as an ngluaiseacht agus forbairt seo maidir le conas a athróidh an aimsir “ar talamh” le caitheamh ama. Tugann na samhlacha éagsúla ríomhaire treoir dúinn, sa dóigh is gur féidir an réamhaisnéis a cheartú agus a bheachtú agus é a choinneáil ar an mbealach ceart.

Ag an gcéim seo oibreoidh an réamhaisnéiseoir lena (h)eolas maidir le saintréithe áitiúla na haimsire os cionn na hÉireann; eolas agus taithí a tógadh thar am agus atá ina ghné ríthábhachtach go minic i réamhaisnéis mhaith. 

An chéim dheireanach ná cur in iúl an eolais réamhaisnéise don úsáideoir deiridh.

Caithfidh na trí chéim; anailís > réamhaisnéisiú > cur in iúl teacht le chéile sa dóigh is gur féidir eolas réamhaisnéise aimsire a sholáthar do phobal na hÉireann ar an gcaighdeán a éilíonn siad agus atá ag dul dóibh. 


 
MET ÉIREANN, Glasnevin Hill, Dublin 9, Ireland Tel: +353-1-8064200 Fax: +353-1-8064247

© The material on this site is Met Éireann copyright. The name Met Éireann and the Met Éireann logo are registered trademarks. Copyright Notice.
Times indicated in forecasts and reports may be local or UTC.
twitter World Weather Services


Site Design and Development by FUSIO