Dáta eisithe: An Chéadaoin, an 1 Meitheamh 2022
Próiseáladh beagnach 450,000 breathnóireacht laethúil (09-09 AUL) ar theochtaí chun an tacar sonraí ar Theochtaí Oileán na hÉireann do gach mí agus séasúr le beagnach 123 bliain anuas (Eanáir 1900 go Bealtaine 2022) a chur i gcrích. Ba iad na stáisiúin a úsáideadh san anailís sin ná Caisleán Bhiorra/An Goirtín, Páirc an Fhionnuisce, Cionn Mhálanna, Ionad Breathnaithe Dhairbhre agus Ionad Breathnaithe Ard Mhacha (sonraí le caoinchead ó Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe agus Ionad Breathnaithe Ard Mhacha).
Bealtaine 2022 ar an mBealtaine is teo go sealadach le 123 bliain in Éirinn
An Bhealtaine is teo ar taifead go sealadach ag Páirc an Fhionnuisce agus Cionn Mhálanna
In éineacht le hearrach eile, tá earrach 2022 sa 6ú háit don earrach is teo in Éirinn le 123 bliain anuas
Bealtaine 2022
Tar éis Bealtaine fhuar as an ngnáth in 2021 (an 17ú is fuaire), ba í mí na Bealtaine 2022 an tríú Bealtaine ba theo in Éirinn go sealadach ar taifead. Ba é 12.6°C an mheánteocht, teocht atá 1.9°C os cionn mheánteocht mhí na Bealtaine sa 20ú haois (1901-2000) agus 1.3°C os cionn mheánteocht 1991-2020. Ba in 2008 ag 13.0°C a bhí an Bhealtaine ba theo, agus ba in 1923 ag 8.7°C a bhí an Bhealtaine ab fhuaire. Bhí an Bhealtaine the seo mar thoradh ar theochtaí thar oíche níos airde ná mar is gnách.
As na 10 mBealtaine is teo ar taifead, tharla leath díobh ó (agus in) 2008 i leith.
Ón dá mheánteocht dheichiúil déag atá ar fáil, ba é an mheánteocht dheichiúil is déanaí do Bhealtaine 2013-2022, an dá bhliain sin san áireamh, an mheánteocht ba theo ar taifead ag 11.5°C.
Ó na sé mheánteocht 30 bliain atá ar fáil, ba é an mheánteocht is déanaí do Bhealtaine 1993-2022, an dá bhliain sin san áireamh, an mheánteocht ba theo ag 11.3°C.
Bhí an Bhealtaine is teo ar taifead le 123 bliain i bPáirc an Fhionnuisce*, Co. Bhaile Átha Cliath ag 13.1°C, teocht atá 2.6°C os cionn an mheáin sa 20ú haois (10.5°C) agus beagnach 1.6°C os cionn mheánteocht 1991-2020 (11.5°C). Ba í Bealtaine 2017 an Bhealtaine ba theo roimhe sin ag 13.0°C.
Bhí an Bhealtaine is teo ar taifead le 123 bliain anuas ag Cionn Mhálanna*, Co. Dhún na nGall freisin díreach faoi bhun 12.1°C, teocht a bhí 2.1°C os cionn an mheáin sa 20ú haois (10.0°C) agus 1.4°C os cionn mheánteocht 1991-2020 (10.7°C).
* Is éard is ciall le laethúil ag na stáisiúin fhadtéarmacha ná taifid íosta agus uasta laethúla tógtha idir 09 AUL lá an taifid agus 09 AUL an lá ina dhiaidh. Tagann sé sin leis na taifid fhadtéarmacha, toisc go dtomhaiseann stáisiúin ag 09 AUL.
Cén fáth a raibh Bealtaine 2022 chomh difriúil sin ó Bhealtaine 2021
I rith Bhealtaine 2021, bhí Éire ar an taobh fuar den scairdsruth don chuid is mó den mhí agus bhí loig lagbhrú leanúnacha mhalla ann a chruthaigh titim báistí os cionn an mheáin in aershreabha cioclónacha den chuid is mó. I gcodarsnacht leis sin, bhí Éire ar an taobh te den scairdsruth i mBealtaine 2022, le haershreabha aneas agus aniar den chuid is mó. Tá an t-aer tar éis a bheith ag gluaiseacht thar theochtaí dhromchla na farraige a bhí os cionn an mheáin amach ó chósta dheisceart agus iarthar na hÉireann san Atlantach. Tháinig mí réasúnta scamallach uaidh sin le titim báistí faoin meán agus teochtaí os cionn an mheáin.
Earrach 2022
Tá earrach 2022 ar cheann de dhá earrach atá sa 6ú háit (in éineacht le hearrach 1997) don earrach is teo ar taifead ag 9.8°C. Tá an luach seo 1.3°C os cionn an mheáin sa 20ú haois (8.4°C) agus beagnach 0.7°C os cionn mheánteocht 1991-2020 (9.1°C).
Dáta foilsithe sealadach ráiteas Bhealtaine 2022: Déardaoin, an 2 Meitheamh 2022
Dáta foilsithe sealadach ráiteas earrach 2022: Aoine, an 3 Meitheamh 2022
Taifeadadh an teocht is airde go dtí seo in 2022 ná 21.1°C i mí na Bealtaine 2022 ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir Dé Sathairn an 28 Bealtaine 2022. Sa dara ceathrú, bhí aershreabh luaineach ag gluaiseacht ón deisceart siar ó dheas thar Éirinn, agus an tír suite idir lagbhrú de 977 hPa i lár an Atlantaigh agus ardbhrú de 1020 hPa i lár Bhá na Bioscáine. Bhí teochtaí chomh hard le 20°C in áiteanna le dálaí ceathacha mar thoradh air sin. Chun tuilleadh eolais a fháil air seo agus gnéithe eile, féach ráiteas Bhealtaine 2022 atá le foilsiú Déardaoin an 2 Meitheamh 2022 agus a bheidh ar fáil ag www.met.ie/climate/past-weather-statements.
An Rannóg Seirbhísí Aeráide, Taighde agus Iarratas
Met Éireann (2022)
Má tá aon cheist agat, le do thoil téigh i dteagmháil le enquires@met.ie
Le haghaidh tuilleadh eolais ar thacar sonraí Shraith Teochtaí Fadtéarmacha Oileán na hÉireann, tabhair cuairt le do thoil ar www.met.ie/climate/what-we-measure/temperature