Tar éis roinnt aimsire ceathaí ar Lá Fhéile Pádraig, beidh aimsir thirim agus shocair againn don chuid eile den deireadh seachtaine saoire bainc de bharr ardbhrú. Beidh teochtaí séimhe againn i rith an lae agus beidh sé fionnuar istoíche.
Tá an méid seo a leanas le rá ag meitéareolaí Met Éireann, Matthew Martin:
“Ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana beidh sé scamallach ar dtús ach gluaisfidh an bháisteach cheathach soir trasna na tíre sa chéad chuid den lá. Ach tá dea-scéala ann, gealfaidh an lá san iarnóin agus beidh an ghrian le feiceáil ag formhór againn agus ní thitfidh mórán báistí. Le teochtaí idir 11 agus 14 Celsius, beidh an aimsir cineálta faoi ghrian an earraigh freisin.”
Here’s the latest on the weather for #StPatricksDay
Showery rain will push eastwards across the country during the morning with sunny spells developing widely during the afternoon and evening
Feeling pleasant in the sun around 11 to 14°C #LáFhéilePádraig pic.twitter.com/tqudzbwZyQ
— Met Éireann (@MetEireann) March 16, 2022
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Matthew faoin réamhaisnéis don chuid eile den deireadh seachtaine Saoire Bainc: “Beidh tionchar an ardbhrú le brath faoin Aoine agus d’fhéadfaimis a bheith ag súil le roinnt laethanta tirime, geala agus socra mar aon le tréimhsí maithe gréine. Beidh aer níos séimhe á thabhairt inár dtreo ag na gaotha anoir aneas rud a fhágann go mbeidh sé go deas nuair a bheidh an ghrian ag taitneamh, agus beidh na teochtaí idir 11 agus 14 Celsius Dé hAoine agus Dé Sathairn.
“D’fhéadfadh roinnt scamall a bheith le feiceáil sa spéir agus d’fhéadfadh roinnt ceathanna a thabhairt faoi deara in iarthar na tíre Dé Domhnaigh fad is atá lagfhronta aimsire ag díriú ar iarthar na hÉireann, ach i gceantair eile seachas an t-iarthar, beidh an lá tirim agus geal agus beidh na teochtaí suas go dtí 14 Celsius. Beidh sé tirim, glan agus fionnuar i rith na hoíche agus titfidh na teochtaí go dtí thart ar 1 agus 5 Celsius thar oíche, agus beidh na teochtaí is ísle le tabhairt faoi deara sa tuaisceart.”
Nílimid cinnte cé chomh fada is a leanfaidh an aimsir shocair. Tá comharthaí ann go dtabharfaidh lagfhrontaí scamaill agus dálaí gaofara leo agus tugann comharthaí eile le fios go bhfanfaidh an t-ardbhrú linn go dtí an tseachtain seo chugainn. Tá an réamhaisnéis is déanaí do do cheantar féin le fáil ar met.ie. Tá an chomhairle agus na rabhaidh aimsire is déanaí d’Éirinn le fáil ar leathanach ‘Rabhaidh Met Éireann’. Tá na seirbhísí seo agus tuilleadh ar fáil ar an aip saor in aisce – ar fáil ar App Store don iPhone, agus ó Play Store do ghutháin Android.