Tá baint ag Met Éireann le hEitlíocht in Éirinn le fada an lá; go deimhin ba i 1936 a bunaíodh Seirbhís Mheitéareolaíochta na hÉireann chun faisnéis chruinn aimsire a chur ar fáil i gcomhair eitlíocht thrasatlantach.
Coinníonn Met Éireann láithreacht i roinnt aerfort agus aeradróm ar fud na tíre. Tá Met Éireann ag tabhairt faoi na córais breathnóireachta eitlíochta a uasghrádú trí thionscadal ar a dtugtar Tionscadal Nuachóirithe agus Uathoibrithe Eitlíochta (“AMAP”).
Déanfaidh an tionscadal nuachóiriú ar líonra breathnóireachta dhromchla eitlíochta Met Éireann, agus déanfaidh sé uathoibriú ar bhreathnóireacht dhromchla eitlíochta, ach amháin Baile Átha Cliath. Is é an riachtanas le breathnóireacht shábháilte agus éifeachtach a chur ar fáil chun gach caighdeán de chuid na hEagraíochta Sibhialta Eitlíochta Idirnáisiúnta (ICAO) a chomhlíonadh atá ag tiomáint na sprice seo.
Met Éireann agus Aeradróm Mhic Easmainn
D’oscail an t-aerfort i 1922 agus bhí beirt phíolotaí ón Royal Air Force á rith ar dtús. Ceannaíodh an chéad eitleán a fuair an tAerchór leis an gcuspóir an Ginearál Mícheál Ó Coileáin a thabhairt ar ais ó idirbheartaíocht an Chonartha dá mba rud é go mbeadh gá leis.
Rinneadh an chéad turas ar éirigh leis, trasna an Atlantaigh ón Oirthear go dtí an tIarthar ar an 12 Aibreán 1928. Ba é Baile Dhónaill an pointe fágála don eitilt seo agus bhí an Ceannfort James Fitzmaurice, Oifigeach Ceannais an Aerchór ar dhuine den fhoireann.
Tá stáisiún Aeráide anseo ó 1943 agus bhunaigh an tSeirbhís Meitéareolaíochta stáisiún iomlán sionoptach ag an láthair i 1964.
Nuair a shéideann an ghaoth ó threo an iardheiscirt, bíonn neart níos mó léi ná i gceantair eile in aice le Baile Átha Cliath mar gheall ar láthair an stáisiúin maidir le Sléibhte Bhaile Átha Cliath. Ní bhíonn an oiread ceo ag Aeradróm Mhic Easmainn le hAerfort Bhaile Átha Cliath. Bhí ráthanna sneachta anseo sna geimhrí sna 1960í, sna 1970í agus sna 1980í.
Met Éireann agus Aerfort Chorcaí
D’oscail an t-aerfort i nDeireadh Fómhair 1961, in aice le láthair aerpháirce a dtugtaí Farmers Cross air. Bhítí ag tógáil réamhbhreathóireachta meitéareolaíochta ag an láthair seo i 1946-47. Ar dtús, ní dhéantaí breathnóireachta ach ar éileamh amháin . Ansin ag tarraingt ar dheireadh 1961 cuireadh iad sin ar bhonn 24uair agus tháinig an stáisiún isteach mar chuid de líonra sionoptach na Seirbhíse Meitéareolaíochta. Osclaíodh rannóg réamhaisnéise do chuspóirí eitlíochta in 1966 agus, de réir mar a tháinig ardú ar an éileamh ar réamhaisnéisí ginearálta, suiteáladh seirbhís aimsire teileafóin uathoibríoch. Bhí an-tóir ag an bpobal ar an tseirbhís seo agus shroich sí a buaicphointe le 750,000 glao in 1991.
Dhún an rannóg réamhaisnéise eitlíochta in 1988, agus ghlac an Lár-Oifig Eitlíochta sa tSionainn freagracht ar réamhaisnéisí. Bhí fáil ag píolótaí ar sheirbhís féin-threorach a chuir Met Éireann ar fáil i rith na 10 mbliana dár gcionn, sa phríomh ionad críochfoirt. Chuir an áis na pictiúir radair is déanaí, TAFeanna, METARanna, gaoth uachtarach agus Sig ar fáil. Bhí cairteacha aimsire agus nasc teileafóin leis an réamhaisneoir eitlíochta ar fáil freisin. Dhún an tseirbhís féin-fhaisnéise in 2008 nuair a thug MetÉireann áis Féin-Fhaisnéise . Tá Met Éireann ag pleanáil faoi láthair an oifig breathnóireachta a athrú chuig láthair nua trasna na haerpháirce in aice leis an túr rialúcháin. Táthar ag súil go dtabharfar an t-athrú chun críche i lár 2018.
Is minic leis an aerfort a bheith i mbaol ceo. Is mar gheall ar a suíomh in aice leis an gcósta theas agus an airde os cionn na farraige é seo. Mar sin féin, nuair a tugadh isteach stádas Chatagóir 2 i 1990 tháinig titim mhór ar an líon atreoruithe eitilte, cé gur aerfort ceomhar é aerfort Chorcaí i gcónaí i súile go leor daoine.
Met Éireann agus Aerfort Bhaile Átha Cliath
Cuireadh tús leis na chéad bhreathnóireachta sionoptacha ag Aerfort Bhaile Átha Cliath in 1939. Ba sa bhliain dár gcionn a d’fhág an chéad eitilt thráchtála Aerfort Bhaile Átha Cliath ar an 19 Eanáir.
D’aistrigh an oifig Met ón a sean bhunáit, ar aonad ospidéil de chuid an RAF a bhí ann le linn an Chéad Chogadh Domhanda, i 1942, chuig an gCríochphoirt Láir a bhí tar éis a oscailte agus a bhfuil aithne air anois mar OCTB (an Sean Chríochfort Láir).
Bhí an oifig réamhaisnéise ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ag cur seirbhís ar fáil d’eitiltí idir Éire agus an Bhreatain ó dheireadh 1943, agus bhí an fhreagracht maidir leis an tseirbhís don Aerchór agus do na Fórsaí Cosanta tógtha ar láimh aige ó Faing.
Ghlac oifig Met ag Aerfort Bhaile Átha Cliath freagracht as an gcéad chraoladh réamhaisnéise aimsire do Raidió Éireann ar an 1 Aibreán, 1948. Ceithre bliana níos déanaí cuireadh réamhaisnéisí ar fáil do na nuachtáin náisiúnta.
Mar gheall ar an éileamh mhéadaithe ón bpobal i gcoitinne agus ó shainleasanna talmhaíochta agus tionscail agus eile, socraíodh an Lár-Oifig Anailíse agus Réamhaisnéise (CAFO) a bhunú ag an gCeanncheathrú ar Shráid Uí Chonaill ar an 23 Márta, 1961 chun déileáil le hachainíocha eile seachas cinn eitlíochta.
Aistríodh an rannóg réamhaisnéise Eitlíochta chuig an Lár-Oifig Eitlíochta nuabhunaithe ag Aerfort na Sionainne i 1988.
Leanann Met Éireann lena seirbhís don eitlíocht ag Aerfort Bhaile Átha Cliath trí faire aimsire seasta a chur ar fáil 24 uair sa lá. Is féidir le píolótaí Aonad Féin-threorach Met, a chuireann Met Éireann ar fáil in oifigí AIS i bhfoirgneamh Link, a úsáid anois. Cuireann an áis seo rochtain PC ar fáil don ríomhaire lárnach maidir le TAFanna, TAFORanna, METARanna agus SIGMETeanna i gcomhair faisnéise bealaigh do cheannphointe an aerárthaigh le liosta aerfoirt malartacha. Tá cairteacha gaoithe Aeir Uachtaraí, Sig ar fáil freisin. Cairteacha aimsire, pictiúir Radar Beo agus Satailíte agus scáileáin le breathnóireachta reatha agus léamha amach RVR (Raon Radhairc Rúidbhealaigh). Tá Met Éireann ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ag comhoibriú go gníomhach le húdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an IAA chun freastal ar an bhfás leanúnach atá ar an líon paisinéirí.
Met Éireann agus Aerfort Chnoc Mhuire
D’oscail an tAerfort i gcomhair eitiltí i mí na Bealtaine 1986.
Chuir pearsanra de chuid Met Éireann a bhí ar scor faisnéis mheitéareolaíochta (METARanna etc.) ar fáil ón tús. Socraíodh i 1994 go gcuirfí tacar iomlán sheirbhísí meitéareolaíochta ar fáil ag an aerfort. Nuair a rinneadh uathoibriú ar áis Met Éireann i gClár Chlainne Mhuiris (23km siar ó dheas) athlonnaíodh Foireann Met as sin go hAerfort Iarthar Éireann. Chuir foireann Met Éireann tús le tuairiscí iomlána meitéareolaíochta 24 uair an chloig ar chaighdeáin ICAO ar an 1 Aibreán 1996.
Chomhtharlaigh sé seo le leathnú mear ar sheirbhísí agus áiseanna ag an aerfort.
Tá staid Aerfoirt Iarthar Éireann ag Cnoc Mhuire neartaithe tuilleadh thar na cúig bliana seo caite mar an cheathrú aerfort idirnáisiúnta in Éirinn agus tá ardú mór tagtha ar an líon paisinéirí atá ag úsáid na háise. Is é Aerfort Iarthar Éireann an príomh gheata rochtana idirnáisiúnta don Iarthar, don Iarthuaisceart agus do réigiúin Lár Tíre na hÉireann. Déanann an tAerfort freastal anois ar os cionn 20 ceannphointe sceidealaithe agus cairteitilte ar fud na hÉireann, sa RA, san Eoraip agus lasmuigh.
Met Éireann agus Aerfort na Sionainne
Osclaiodh Aerfort na Sionainne in 1942. Bunaíodh stáisiún sionoptach ag an aerfort don tSeirbhís Meitéareolaíochta in 1944. Chuaigh an chéad eitilt sceidealaithe tríd an tSionainn i nDeireadh Fómhair 1945. D’oscail an chéad shiopa saor ó dhleacht ag an aerfort in 1947.
Roghnaíodh láthair Aerfort na Sionainne mar gheall ar an topagrafaíocht fhabhrach atá ann d’aerárthaí. Baineann aerlínte go leor úsáid as an tSionainn mar ionad traenála do phíolótaí nua mar gheall ar na sár-choinníollacha atá ag an aerfort.
Suiteáladh radar aimsire ag an tSionainn i mí na Bealtaine 1996. D’fhéadfaí a rá go bhfuil sé ar an radar is tábhachtaí in Éirinn mar gurb é a aimsíonn aimsir on iardheisceart ar dtús. Tá sé in ann báisteach a thaispeáint go raon 240 Km agus an ghaoth go raon 100 Km. Tarchuirtear bíog ar ardmhinicíocht (minic. 5.6 GHz) ag gnáth ráta 570 bíog sa soicind (déantar tagairt go hiondúil dó mar PRF nó minicíocht atrialla bíge).
Frithchaitear an bíog ar ais chuig an radar má bhuaileann sé báisteach agus déanann ríomhairí é a phróiseáil ansin chun an bháisteach a léiriú i gcód daite a bheidh éasca a aithint.