Leagann tuarascáil aeráide béim ar conas mar is féidir le gníomhaíocht aeráide láithreach ár dtodhchaí a chinntiú

Tugann an tuarascáil is déanaí ón PIRAA (an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide) rabhadh gur baol d’fholláine an duine agus sláinte an phláinéid é an t-athrú aeráide. Is féidir le gníomhaíocht aeráide láithreach ár dtodhchaí a chinntiú.

Foilsíodh an dara mír den Séú Measúnú ón PIRAA, Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht, inniu (Dé Luain an 28 Feabhra 2022) ag Grúpa Oibre II an PIRAA. Leagtar amach sa tuarascáil go gcaillfear “deis atá gairid agus ag imeacht léi go tapa chun todhchaí inmharthana agus inbhuanaithe do chách a chinntiú” má bhíonn aon mhoill bhreise i ngníomhú domhanda i dtaca le hoiriúnú agus maolú.

Déanann Grúpa Oibre PIRAA II iniúchadh ar éifeachtaí an athraithe aeráide, idir dhearcthaí domhanda agus dearcthaí réigiúnacha ar éiceachórais, bithéagsúlacht, cultúir agus lonnaíochtaí daonna. Pléann sé a leochaileacht agus na cumais agus teorainneacha atá ag na córais nádúrtha agus daonna dul in oiriúint don athrú aeráide.

“Aithníonn an tuarascáil seo idirspleáchas na haeráide, na bithéagsúlachta agus na ndaoine agus comhtháthaíonn sí eolaíochtaí nádúrtha, sóisialta agus eacnamaíocha níos láidre ná mar a dhéanann measúnuithe PIRAA níos sine”, arsa Hoesung Lee, Cathaoirleach PIRAA. “Cuirtear béim ar an bpráinn atá ann gníomhartha práinneacha agus níos uaillmhianaí a dhéanamh chun dul i ngleic le rioscaí aeráide. Ní rogha iad leathiarrachtaí a thuilleadh.”

Tá an méid seo a leanas le rá ag Keith Lambkin, Ard-Chlíomeolaí Met Éireann: “Leagtar amach sa tuarascáil shuntasach seo roghanna soiléire ar conas mar is féidir linn dul in oiriúint dár n-aeráid atá ag athrú. Rinneadh dul chun cinn suntasach i réimse pleanála d’oiriúnú aeráide na hearnála agus oiriúnú aeráide réigiúnach in Éirinn le cúpla bliain anuas. Díreofar ar an gcur i bhfeidhm anois. Chun tacaíocht a thabhairt do chinnteoirí ar oiriúnú Éireannach, tá Met Éireann agus ár gcomhpháirtithe tar éis a bheith ag forbairt ‘Seirbhísí Aeráide’ chun eolaíocht aeráide aontaithe is déanaí de chuid PIRAA a aistriú go heolas úsáideach ar féidir a chur i bhfeidhm.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD: “Is é an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIRAA) an comhlacht eolaíochta aeráide is údarásaí ar domhan agus is meabhrúchán láidir é an tuarascáil, dúinn ar fad, faoin ngá atá le gníomhartha a dhéanamh chun éifeachtaí dochracha agus uafásacha an athraithe aeráide a sheachaint.”

Is féidir ráiteas iomlán an Aire Ryan a léamh anseo.

Is é tuarascáil Ghrúpa Oibre II an dara mír as trí de Thuarascálacha ar an Séú Measúnú de chuid PIRAA. Rinne an chéad tuarascáil, foilsithe i Lúnasa 2021, measúnú ar eolaíocht fhisiceach an athraithe aeráide. Táthar ag súil leis an tríú tuarascáil ar laghdú an athraithe aeráide a fhoilsiú i mí Aibreán na bliana seo. Tabharfar na trí thuarascáil le chéile in achoimre Tuarascáil Sintéise níos déanaí sa bhliain, ag cur deireadh le cúrsa Séú Measúnú PIRAA.

Tá tuilleadh eolais ar thuarascáil nuafhoilsithe de chuid Ghrúpa Oibre II ar Shéú Measúnú PIRAA ar fáil anseo.