Mí Aibreáin le cúpla bliain anuas in Éirinn:
- 2016: Athraitheach agus luaineach go luath sa mhí, ach socair don dara leat den mhí. Bhí luachanna Mheánleibhéal Fadtéarmach (MLFT) 1981-2010 na titime báistí athraitheach agus thuairiscigh gach stáisiún teochtaí aeir faoin meán.
- 2017: Séimh agus tirim i ngach áit. Bhí gach iomlán titime báistí faoin MLFT agus teochtaí cóngarach don MLFT nó os cionn de.
- 2018: Luaineach, gruama agus fliuch. Bhí an chuid is mó d’iomláin mhíosúla na titime báistí agus na teochtaí aeir os cionn a MLFT agus bhí an chuid is mó d’iomláin an taitnimh gréine ar fad faoin MLFT.
- 2019: Teochtaí agus titim báistí os cionn an mheáin d’fhormhór na stáisiún; thug Stoirm Hannah gaotha fórsa stoirme léi i rith na míosa.
- 2020: An-tirim, séimh agus grianmhar. Bhí iomláin na titime báistí faoin meán i ngach áit; bhí gach teocht aeir ar fud na tíre agus iomláin an taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil os cionn a MLFT.
- 2021: An-tirim, fuar agus grianmhar. Bhí iomláin na titime báistí ar fad agus beagnach gach teocht aeir faoin MLFT agus bhí iomláin an taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil os cionn a MLFT.
Aibreán 2022
Séimh, tirim agus grianmhar ar an iomlán
Ba mhí measartha tirim é mí Aibreáin le smacht ag an ardbhrú, i dtuaisceart na hÉireann go príomha. Bhí bandaí báistí éadroime nó ceathanna den chuid is mó ag trasnú na tíre ón iarthuaisceart sa chéad sheachtain. Chiorclaíodar ceantar ina raibh ardbhrú amach ó chósta iarthar na hÉireann. Bhog lár ceantair ina raibh lagbhrú measartha domhain cóngarach do thuaisceart na tíre ag deireadh na chéad seachtaine, ag tabhairt níos mó báistí nó ceathanna leis, mar aon leis an tréimhse is gaofara sa mhí. Bhí dálaí níos tirime agus sioc oíche níos forleithne ann ag tús an dara seachtain de bharr aermhais níos fuaire. Thug córas lagbhrú amach ó chósta iarthar na hÉireann darbh ainm Stoirm Evelyn (ainmnithe ag seirbhís mheitéareolaíochta na Portaingéile) aershreabh níos séimhe leis, in éineacht le bandaí báistí nó ceathanna ón iardheisceart idir an 10 agus an 12 Aibreán. Bhrúigh tuilleadh frontaí báistí nó ceathanna isteach ón iarthar i dtreo dheireadh an dara seachtain agus tús an tríú seachtain, ach ní raibh mórán ann. Ar an Domhnach an 17 Aibreán, thug fronta fuar gníomhach titim báistí forleathan agus fadréimseach leis agus é ag brú trasna na tíre ón iarthar go mall. Don chuid eile den mhí, bhí ardbhrú sa tuaisceart i gceannas, ag tabhairt aershreabh anoir agus dálaí aimsire tirime go príomha leis. Bhí sé fuar ag amanna, go háirithe san Oirthear ach bhí roinnt laethanta teo agus grianmhara ann, go háirithe san Iarthar agus san Iarthuaisceart. Ar lá deireanach na míosa, thug ceantar éadomhain de lagbhrú, fronta báistí forleathan aníos leis ón iarthuaisceart.
Titim Báistí: Faoin meán i bhformhór áiteanna, an Oirthear an áit ba thirime
Bhí formhór iomláin na titime báistí faoin Mheánleibhéal Fadtéarmach (MLFT) ó 1981-2010 don mhí. Bhí an céatadán de luachanna titime báistí míosúla idir 43% (titim báistí mhíosúil iomlán de 33.2mm) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus 130% (titim báistí mhíosúil iomlán de 84.2mm) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí iomláin mhíosúla na titime báistí idir 28.1mm (52% dá MLFT) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 85.2mm (109% dá MLFT) ag Marcréidh, Co. Shligigh (an lá is fliche ansin ó 2009). Ba é iomlán laethúil na titime báistí is airde ná 25.8 mm ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí ar an Domhnach an 17 Aibreán. Bhí líon na laethanta báistí idir 10 lá ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach agus 21 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, agus Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta fliucha1 idir 7 lá ag Dún Samhnaí, Co. na Mí agus 16 lá ag cúpla stáisiún. Bhí líon na laethanta an-fhliucha3 idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 4 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Bhí sealanna triomaigh6 ag 15 stáisiún idir an 16 Márta agus an 5 Aibreán, a mhair idir 15 agus 21 lá. Bhí tréimhsí dearbhthriomaigh4 ag 6 stáisiún idir an 18 Márta agus an 2 Aibreán, a mhair idir 15 agus 16 lá. Ba ag na stáisiúin seo a leanas a bhíodar: Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe, Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí, Cluain Creamha, Co. Ros Comáin agus Marcréidh, Co. Shligigh.
Teocht: Os cionn an mheáin ag formhór na stáisiún; bhí an aimsir is teo san Iarthar
Bhí beagnach gach meánteocht an aeir os cionn an Mheánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT) don mhí. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir -0.6 °C (7.6 °C, meánteocht na míosa is ísle) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 0.9 °C (8.3 °C, meánteocht 10.0 °C) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo faoi seach. Ba iad na meánteochtaí is airde ná 10.0 °C ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo (0.9 °C os cionn a MLFT). Tuairiscíodh uasteocht na míosa ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath ar an Aoine, an 15 Aibreán, le teocht de 18.5 °C. Tuairiscíodh íosmhéid aeir is lú na míosa ar an Domhnach an 3 Aibreán ag an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí ag -4.6 °C agus tuairiscíodh an t-íosmhéid féir is ísle ag -10.1 °C ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin ar an Aoine, an 1 Aibreán. Thuairiscigh gach stáisiún sioc talún i rith na míosa. Bhí líon na laethanta le sioc talún idir 4 lá ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí agus 22 lá ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc aeir. Bhí líon na laethanta le sioc aeir idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 11 lá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath.
Taitneamh na Gréine: Taitneamh gréine is mó san Iarthuaisceart
Bhí iomláin an taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil os cionn an Mheánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT). Bhí céatadán na luachanna míosúla taitnimh gréine idir 113% (iomlán míosúil gréine de 174.3 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 115% (iomlán míosúil gréine de 175.2 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí iomláin mhíosúla an taitnimh gréine idir 152.1 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí agus 193.2 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Ba é 14.1 uair an chloig ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall ar an gCéadaoin, an 27 Aibreán, an líon is airde uaireanta an chloig gréine laethúla a taifeadadh an mhí seo. Bhí líon na laethanta gruama idir 5 lá ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 8 lá ag an nGoirtín, Co. Thiobraid Árann.
Gaoth: Tuairiscíodh gálaí láidre
Bhí meánluas míosúil na gaoithe idir 5.9 muirmhíle san uair (10.9 km/u) ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin agus 13.7 muirmhíle san uair (25.4 km/u) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Tuairiscíodh gálaí ar an 5, an 6, an 7 agus an 11 Aibreán agus gaotha suas le gálaí láidre ar an gCéadaoin an 6 Aibreán. Bhí líon na laethanta le gálaí idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 4 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta le gálaí láidre idir náid lá ag formhór na stáisiún agus 1 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh séideán is airde na míosa ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo ar an gCéadaoin an 6 Aibreán le 59 muirmhíle san uair (109 km/u). Ba é an luas gaoithe 10 nóiméad is airde ná 45 muirmhíle san uair (83 km/u) a tuairiscíodh ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe ar an gCéadaoin an 6.
Tá an tuairisc iomlán ar fáil anseo