Bhí aimsir shéimh fhliuch againn i mí Eanáir le cúpla bliain anuas in Éirinn.
- In 2016ghlac scairdsruth an Atlantaigh Thuaidh ceannas ar an aeráid, agus Stoirm Gertrude ina gné shuntasach. Bhí Meánleibhéil Fhadtéarmacha (MLFTanna) na teochta normálta agus bhí titim báistí os cionn an mheáin.
- In 2017bhí aimsir shéimh agus thirim againn. Bhí iomláin na titime báistí ar fad faoin MLFT agus os cionn an MLFT don teocht.
- In 2018bhí aimsir níos fliche ná mar is gnách againn leis an MLFT do theochtaí agus titim báistí cóngarach nó beagáinín os cionn an mheáin. Ba ghné shuntasach é an ceo, go háirithe san Iarthar agus sa Deisceart.
- In 2019bhí aimsir shéimh agus thirim againn le críoch fhuar ar an mbliain. Bhí MLFT thitim na báistí faoin meán i ngach áit agus os cionn an mheáin do theochtaí.
- In 2020bhí aimsir shéimh agus thirim againn ar an iomlán. Thug Stoirm Brendan gaotha fórsa stoirme go dtí an tír, stoirmeacha toirní san Iarthar agus san Oirthear san áireamh. Bhí MLFT thitim na báistí faoin meán i bhformhór áiteanna agus os cionn an mheáin do theochtaí i ngach áit.
- In 2021bhí aimsir fhuar agus fhliuch againn. Bhí MLFT thitim na báistí os cionn an mheáin i bhformhór áiteanna agus faoin meán do theochtaí i ngach áit.
Eanáir 2022
Séimh agus an-tirim
Ba mhí an-tirim í Eanáir ar an iomlán le teochtaí os cionn an mheáin. Ghlac córais lagbhrú Atlantaigh thiar agus ó thuaidh ceannas ar an gcéad trian den mhí, agus go leor frontaí aimsire ag trasnú na tíre. Bhog an scairdsruth ó thuaidh sa dara agus tríú trian den mhí, ag ligean d’ardbhrú forbairt ón deisceart, ag tabhairt coinníollacha an-tirime leis. Thosaigh an mhí an-séimh le lagbhrú amach ó chósta iarthar na hÉireann ag tabhairt gaotha láidre agus bandaí báistí nó ceathanna, toirniúil uaireanta, leis trasna na tíre ón iardheisceart. Bhí cúpla lá measartha tirim ann le gaotha fuara aduaidh i lár na chéad seachtaine sular stiúir lagbhrú san iarthuaisceart roinnt frontaí aimsire gníomhacha, fite fuaite le ceathanna troma, trasna na tíre ón iarthar idir an 6 agus an 8 Eanáir. Lean ardú socair i mbrú on deisceart. Bhí an chuid eile den mhí an-tirim le smacht ag an ardbhrú. Thug córais ardbhrú, i ndeisceart agus oirdheisceart na hÉireann den chuid is mó, leibhéil éagsúla gréine, níos airde sa Deisceart agus san Oirthear. Choimeád roinnt frontaí aimsire laga an aimsir scamallach uaireanta, áfach, le roinnt báistí éadroime agus ceobhrán, go háirithe san Iarthuaisceart. Bhris lagbhrú isteach ón tuaisceart i dtreo dheireadh na míosa le Stoirm Corrie, ainmnithe ag Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe, ag tabhairt dálaí gaofara leis agus é ag dul i dtreo thuaisceart na hÉireann ar an 30 Eanáir.
Titim báistí: An-tirim i ngach áit
Bhí iomláin na titime báistí ar fud na tíre don mhí faoin Meánleibhéal Fadtéarmach (MLFT). Bhí an céatadán de luachanna na titime báistí míosúla idir 22% (iomlán míosúil titime báistí de 22.7mm) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman agus 78% (iomlán míosúil titime báistí de 93.1mm) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí iomláin mhíosúla na titime báistí idir 14.6mm (23% dá MLFT) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 98.8mm (59% dá MLFT) ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Ba é iomlán laethúil na titime báistí is airde ná 22.6mm ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall ar an Luan an 3 Eanáir. Bhí líon na laethanta báistí idir 10 lá i bPáirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 25 lá ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta fliucha1 idir 4 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 17 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta an-fhliucha3 idir náid lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 3 lá ag cúpla stáisiún. Bhí sealanna triomaigh ag naoi stáisiún idir an Satharn an 8 Eanáir agus an Domhnach an 30 Eanáir. Ba ag na stáisiúin seo a leanas a bhíodar: Fionnúir, Co. Dhún na nGall (a mhair 15 lá), Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, Dún Samhnaí, Co. na Mí, Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman (a mhair 16 lá), An Chloch Liath, Co. Chorcaí (a mhair 17 lá), Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath (a mhair 18 lá), Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach (a mhair 20 lá), Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath (a mhair 23 lá). Bhí an tEanáir is tirime dar taifeadadh riamh ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí le 45.2 mm (34% dá MLFT) (fad taifid 49 bliain). Bhí an tEanáir is tirime ó 1964 ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman agus Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí. Bhí an tEanáir is tirime ó 1992 ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí. Bhí an tEanáir is tirime ó 1997 ag ceithre stáisiún. Ba ag na stáisiúin seo a leanas a bhíodar: Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath, Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.
Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit
Bhí meánteocht an aeir ar fud na tíre os cionn an Mheánleibhéil Fhadtéarmach (MLFT) don mhí seo. Is é seo an cúigiú mí as a chéile ina raibh an mheánteocht mhíosúil os cionn an mheáin ag gach stáisiún. Bhí athruithe ó mheánteocht mhíosúil an aeir idir 0.1 °C (meánteocht 5.4 °C) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 1.9 °C (meánteocht 7.0 °C) ag Fionnúir, Co. Dhún na nGall. Bhí meánteochtaí na míosa seo idir 5.1 °C (0.5 °C os cionn a MLFT) ag an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí agus ag Dún Samhnaí, Co. na Mí agus 8.2 °C ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí agus Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí (0.6 °C, 0.9 °C os cionn a MLFT faoi seach). Ba iad teochtaí is ísle na míosa ar taifead ná an Luan, an 17 Eanáir, leis an íosmhéid aeir is ísle ar taifead ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin le teocht de -4.8 °C agus an íosmhéid féir is ísle ar taifead ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach le -9.2 °C. Tuairiscíodh an uasteocht is airde ar Lá Caille, ar an Satharn an 1 Eanáir ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath le teocht de 15.0 °C. Thuairiscigh gach stáisiún sioc talún i rith na míosa. Bhí líon na laethanta le sioc talún idir 3 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus 24 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc aeir. Bhí líon na laethanta le sioc aeir idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 10 lá ag Dún Samhnaí, Co. na Mí. Bhí an uasteocht is airde do mhí Eanáir ar taifead ag deich stáisiún ar Lá Caille, an Satharn an 1 Eanáir (fad taifid idir 11 agus 72 bliain).
Taitneamh na Gréine: Grianmhar sa Deisceart agus san Oirthear, gruama san Iarthuaisceart
Bhí iomláin an taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil os cionn an Mheánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT). Bhí céatadán na luachanna gréine míosúla idir 112% (iomlán míosúil taitnimh gréine de 57.1 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 126% (iomlán míosúil taitnimh gréine de 68.0 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí iomláin mhíosúla an taitnimh gréine idir 29.6 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus 86.7 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath. Ba é 7.4 uair an chloig ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath ar an Luan an 17 Eanáir an líon is airde uaireanta an chloig gréine laethúil a taifeadadh an mhí seo. Bhí líon na laethanta gruama idir 5 lá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus 15 lá ag Réadlann Dhairbhre.
Gaoth: Tuairiscíodh gaotha fórsa stoirme ar Lá Caille
Bhí meánluas míosúil na gaoithe idir 4.8 muirmhíle san uair (8.9 km/u) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí agus 17.5 muirmhíle san uair (32.4 km/u) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Tugadh tuairisc ar ghálaí 11 lá i rith na míosa agus tugadh tuairisc ar ghálaí láidre ar an 1, an 6, an 7, an 8 agus an 29 Eanáir. Tugadh tuairisc ar ghálaí fórsa stoirme ar Lá Caille, an Satharn an 1 Eanáir ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta le gálaí idir náid lá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 7 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta le gaoth suas le gálaí láidre idir náid lá ag formhór na stáisiún agus 4 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Bhí líon na laethanta le gaotha fórsa stoirme ag 1 lá ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Tuairiscíodh an séideán agus an luas gaoithe 10 nóiméad is airde sa mhí ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ar an Satharn an 1 Eanáir. Ba é an séideán is airde ná 65 muirmhíle san uair (120 km/u) agus ba é an luas gaoithe 10 nóiméad is airde ná 50 muirmhíle san uair (93 km/u).
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo.