Bhí míonna Márta roimhe seo athraitheach agus stoirmeach
- 2016 Ainmníodh Stoirmeacha Jake agus Katie. Thuairiscigh formhór na n-áiteanna faoina Meánleibhéil Fhadtéarmacha (MLFT) do 1981-2010 do thitim báistí agus meánteochtaí aeir.
- 2017 Séimh, luaineach agus fliuch. Bhí iomláin na titime báistí agus na teochtaí os cionn a MLFT den chuid is mó.
- 2018 Thug Stoirm Emma sneachta, oighear agus teochtaí ísle léi go forleathan. Bhí formhór iomláin na titime báistí, agus gach teocht, faoina MLFT.
- 2019 Ainmníodh Stoirmeacha Freya agus Gareth. Luaineach; bhí iomláin na titime báistí iomlán agus na teochtaí os cionn a MLFT.
- 2020 Ainmníodh Stoirm Jorge. Bhí an mhí seo fuar, grianmhar agus tirim san Oirthear. Bhí iomláin na titime báistí agus na teochtaí faoi bhun a MLFT beagnach i ngach áit.
- 2021 Séimh agus socair. Bhí iomláin na titime báistí faoina MLFT agus bhí na teochtaí aeir os cionn a MLFT.
Léigh tuilleadh ar mhí an Mhárta le cúpla bliain anuas agus ar Mhárta 2022 anseo
Buaicphointí ráiteas sealadach Mhárta 2022
Bhí Márta séimh, tirim agus an-ghrianmhar
Titim Báistí: Faoin meán beagnach i ngach áit; ba é an tIarthuaisceart an áit ba thirime
Taifeadadh an lá is fliche i gCaisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman ar an gCéadaoin an 9 Márta le 41.5 mm (53% dá MLFT míosúil) agus an titim is airde i mí an Mhárta le 81 bliain anuas.
Teocht: Os cionn an mheáin ag formhór na stáisiún
Taitneamh na Gréine: An-ghrianmhar i ngach áit
Bhí iomláin mhíosúla an taitnimh gréine chomh hard le 203.1 uair an chloig (níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath (an t-iomlán míosúil is airde sa taifead digiteach, 81 bliain). Chomh maith leis sin, taifeadadh an dara hiomlán gréine míosúil is airde in aon stáisiún gréine i mí an Mhárta 2022 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Is é an t-iomlán gréine míosúil is airde ar taifead ná 221.3 uair an chloig ag Ionad Breathnaithe Dhairbhre, Co. Chiarraí ó Mhárta 1955 (féach Taifid Adhaimsire le haghaidh tuilleadh eolais).
Gaoth: Tuairiscíodh gálaí láidre