Earraigh le cúpla bliain anuas in Éirinn:
2016: Tirim agus fionnuar den chuid is mó. Bhí beagnach gach Meánleibhéal Fadtéarmach (MLFT) do thitim báistí agus teochtaí aeir faoin meán. Bhí Stoirm Jake agus Stoirm Katie gníomhach i mí an Mhárta.
2017: Gaofar agus luaineach. Bhí gach Meánteocht aeir os cionn a MLFT, bhí iomláin na titime báistí faoina MLFT agus bhí formhór iomláin an taitnimh gréine a bhí ar fáil mar is gnách.
2018: Tús an-fhuar, deireadh an-te. D’athraigh iomláin na titime báistí agus iomláin an taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil, ach bhí formhór na dteochtaí aeir faoina MLFT.
2019: Fliuch agus séimh ar an iomlán, níos fuaire agus níos tirime i mí na Bealtaine. Bhí iomláin na titime báistí os cionn an mheáin beagnach i ngach áit, bhí teochtaí aeir os cionn an mheáin, agus d’athraigh iomláin an taitnimh gréine.
2020: An-tirim, grianmhar i ngach áit agus te don chuid is mó. Bhí an titim báistí iomlán faoin meán. Bhí formhór na dteochtaí aeir agus iomláin an taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil os cionn a MLFT.
2021: Fionnuar agus grianmhar, Márta agus Aibreán tirim, Bealtaine fhliuch. Bhí formhór iomláin na titime báistí agus gach teocht aeir faoin meán. Bhí iomláin an taitnimh gréine os cionn a MLFT.
Earrach 2022 (Márta, Aibreán, Bealtaine)
Tirim agus séimh ar an iomlán, grianmhar i Márta agus Aibreán
Ar an iomlán bhí earrach 2022 tirim agus séimh agus bhí na trí mhí os cionn na meánteochtaí agus faoin meán titime báistí den chuid is mó. Bhí Márta agus Aibreán an-ghrianmhar, ach bhí Bealtaine gruama. Bhí ardbhrú san oirthear os cionn mhór-roinn na hEorpa, rud a choimeád Éire ar an taobh theas teolaí den scairdsruth, agus an aershreabh ag teacht ón deisceart agus ón oirthear den chuid is mó de mhí an Mhárta, an mhí ba thirime san earrach. Bhí deireadh mhí an Mhárta fionnuar i dtuaisceart na hEorpa tar éis don scairdsruth athrú ó dheas agus ardbhrú ag forbairt amach ó chósta iarthuaisceart na hÉireann. Bhí tionchar ag an ardbhrú fós, amach ó chósta thuaidh an oileáin go príomha, ar an aimsir i mí Aibreáin. Bhí roinnt mhaith tréimhsí ann, áfach, inar tháinig lagbhrú ón iarthar, rud a thug frontaí báistí nó ceathanna leis. Tháinig an aershreabh ón oirthear sa tríú trian de mhí Aibreáin mar thoradh ar ardbhrú sa tuaisceart. Bhí Bealtaine te agus réasúnta tirim ar an iomlán, le han-chuid scamall. Tháinig an aershreabh ón ndeisceart agus ón iarthar go príomha, ón Atlantach, áit a raibh teochtaí dromchla na farraige níos airde ná mar is gnách. Bhí ardbhrú amach ó chósta dheisceart agus oirthear na hÉireann i gceannas ag amanna, le tréimhsí lagbhrú san iarthar agus iarthuaisceart a thug bandaí báistí nó ceathanna leo trasna na tíre.
Titim Báistí: Faoin meán i ngach áit
Bhí iomláin shéasúracha na titime báistí ar fud na tíre faoin Meánleibhéal Fadtéarmach (MLFT) 1981-2010 don earrach. Bhí céatadán na luachanna titime báistí séasúracha idir 63% (titim báistí shéasúrach iomlán de 162.5 mm) ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí (an t-earrach is tirime ó 2000) agus 91% (titim báistí shéasúrach iomlán de 146.6 mm) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí iomláin shéasúracha na titime báistí idir 122.2mm (74% dá MLFT) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 258.8mm (78% dá MLFT) ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Ba é iomlán laethúil na titime báistí is airde ná 41.5 mm ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman ar an gCéadaoin an 9 Márta (an titim laethúil is airde don earrach ar taifead, fad taifid 81 bliain). Bhí líon na laethanta báistí idir 36 lá ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 59 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta fliucha idir 23 lá ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí agus 44 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh agus Fionnúir, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta an-fhliuch idir 2 lá ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 8 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo agus Ionad Breathnaithe Dhairbhre, Co. Chiarraí. Bhí sealanna triomaigh ag naoi stáisiún déag i rith an earraigh a mhair idir 15 agus 21 lá. Bhí dhá sheal triomaigh ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí. Bhí dearbhthriomaigh ag sé stáisiún idir an 18 Márta agus an 2 Aibreán, a mhair idir 15 agus 16 lá. Ba ag na stáisiúin seo a leanas a bhíodar: Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe, Ionad Breathnaithe Dhairbhre, Co. Chiarraí, Cluain Creamha, Co. Ros Comáin agus Marcréidh, Co. Shligigh. Bhí an t-earrach is tirime dar taifeadadh riamh ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí le 135.3 mm (68% dá MLFT) (fad taifid 17 mbliana).
Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit, ba iad Iarthar agus Iardheisceart na tíre na réigiúin ba theo
Bhí meánteocht an aeir ar fud na tíre os cionn an MLFT don séasúr. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir 0.2 °C (meánteocht de 8.7, 8.9 °C) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath, agus Marcréidh, Co. Shligigh, agus 1.2 °C (meánteocht 9.8 °C) ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí meánteochtaí an tséasúir idir 8.7 °C (0.2 °C os cionn a MLFT) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 10.2 °C ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, Inis Arcáin, Co. Chorcaí, Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo, agus Ionad Breathnaithe Dhairbhre, Co. Chiarraí (0.5°C, 0.4°C, 0.9°C agus 0.6°C os cionn a MLFT faoi seach). Tuairiscíodh uasteocht an tséasúir ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, ar an Satharn an 28 Bealtaine le teocht de 21.0 °C. Taifeadadh íosmhéid aeir an tséasúir agus íosmhéid an fhéir is ísle ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin. Tuairiscíodh an teocht aeir is ísle ar an Domhnach an 6 Márta ag -5.7 °C agus tuairiscíodh an t-íosmhéid féir is ísle ag -11.9 °C ar an Déardaoin an 31 Márta. Thuairiscigh gach stáisiún sioc talún i rith an tséasúir. Bhí líon na laethanta le sioc talún idir 15 lá ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus 58 lá ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc aeir. Bhí líon na laethanta le sioc aeir idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 29 lá ag Cluain Creamha, Ros Comáin.
Taitneamh na Gréine: Os cionn an mheáin, grianmhar i mí an Mhárta agus mí Aibreáin, dorcha i mí na Bealtaine
Bhí iomláin an taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil os cionn an MLFT don séasúr. Bhí céatadán na luachanna gréine séasúracha idir 120% (taitneamh gréine séasúrach iomlán de 522.3 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 126% (taitneamh gréine is airde an tséasúir de 555.6 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí iomláin shéasúracha an taitnimh gréine is ísle ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ag 497.5 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*). Ba é 15.2 uair an chloig ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí ar an Satharn an 28 Bealtaine an líon is airde uaireanta an chloig gréine laethúla a taifeadadh an séasúr seo. Bhí líon na laethanta gruama idir 11 lá ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 16 lá ag an nGoirtín, Co. Thiobraid Árann, agus Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.
Gaoth: Tuairiscíodh gálaí agus gálaí láidre, gan aon stoirm ainmnithe
Bhí meánluas séasúrach na gaoithe idir 6.0 muirmhíle san uair (11.1 km/u) ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin agus 13.7 muirmhíle san uair (25.4 km/u) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Tuairiscíodh gálaí ar 9 lá éagsúla i rith an tséasúir agus tuairiscíodh gaotha gálaí láidre ar an Máirt an 8 Márta agus ar an gCéadaoin an 6 Aibreán. Bhí líon na laethanta le gálaí idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 8 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta le gaoth suas le gálaí láidre idir náid lá ag formhór na stáisiún agus 1 lá ag cúpla stáisiún éagsúil. Tuairiscíodh séideán is airde an tséasúir ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo ar an gCéadaoin an 6 Aibreán le 59 muirmhíle san uair (109 km/u). Ba é an luas gaoithe 10 nóiméad is airde ná 45 muirmhíle san uair (83 km/u) a tuairiscíodh ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe ar an gCéadaoin an 6 Aibreán.
Tá an tuairisc iomlán ar fáil anseo
Mí na Bealtaine le cúpla bliain anuas in Éirinn:
- 2016: Luaineach le roinnt sealanna glana. Bhí formhór na luachanna Meánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT) 1981-2010 do thitim báistí faoin meán agus thuairiscigh gach stáisiún teochtaí aeir meánacha nó os cionn an mheáin.
- 2017: Te, tirim agus grianmhar. Bhí formhór iomláin na titime báistí faoin meán. Bhí na meánteochtaí aeir os cionn an mheáin i ngach áit agus bhí formhór iomláin an taitnimh gréine a bhí ar fáil os cionn a MLFT.
- 2018: Te, tirim agus grianmhar go príomha. Bhí beagnach iomláin na titime báistí ar fad faoina MLFT. Bhí gach meánteocht aeir agus gach iomlán taitnimh gréine a bhí ar fáil os cionn a MLFT.
- 2019: Tirim le teochtaí beagnach meánach go príomha. Bhí beagnach gach iomlán titime báistí faoina MLFT. Bhí meánteochtaí athraitheach agus ba é an tIardheisceart an áit ba ghrianmhaire.
- 2020: An-tirim, te agus grianmhar. Bhí iomláin na titime báistí faoin meán ach thug Stoirm Arthur báisteach fhorleathan léi ag deireadh na míosa. Bhí gach meánteocht aeir agus gach iomlán taitnimh gréine a bhí ar fáil os cionn a MLFT.
- 2021: Fionnuar agus fliuch i ngach áit. Bhí gach iomlán titime báistí agus taitnimh gréine os cionn a MLFT agus bhí gach meánteocht aeir faoina MLFT.
Bealtaine 2022
An-séimh, tirim sa Deisceart, fliuch san Iarthuaisceart
Ba mhí the, réasúnta tirim í mí na Bealtaine ar an iomlán, le haershreabh aneas agus aniar go príomha. Bhí ardbhrú amach ó chósta dheisceart agus oirthear na hÉireann i gceannas ag amanna, le tréimhsí lagbhrú san iarthar agus iarthuaisceart a thug bandaí báistí nó ceathanna leo trasna na tíre. Bhí frontaí báistí ann sa chéad seachtain sa Deisceart agus san Oirthear ar dtús, ach lean dálaí tirime le roinnt ceathanna, sular thrasnaigh frontaí báistí forleathana an tír ón iarthuaisceart ar an 6 Bealtaine. Tharraing ardbhrú ón oirthear sa dara seachtain siar, rud a lig lagbhrú ón iarthuaisceart isteach chun ceannas a bheith aige. Stiúir sé sin bandaí d’fhrontaí báistí nó ceathanna trasna na tíre idir an 9 agus an 12 Bealtaine in aershreabh iartharach, agus an bháisteach is troime san Iarthuaisceart. Bhí deireadh na seachtaine tirim le hardbhrú ag forbairt amach ó chósta dheisceart na hÉireann. Bhí lagbhrú an Atlantaigh ag teacht ón iarthar sa tríú seachtain, rud a stiúir bandaí d’fhrontaí báistí nó ceathanna trasna na tíre in aershreabh aneas. Bhí báisteach throm san Oirthear ar an 17 Bealtaine, le ceathanna toirní i Lár tíre agus i dTuaisceart na tíre ar an 16 Bealtaine agus in Iardheisceart na tíre ar an 17 Bealtaine. Bhí lagbhrú sa tuaisceart sa cheathrú seachtain, rud a stiúir frontaí aimsire laga go príomha trasna na tíre ón iarthar ag amanna, le tréimhsí tirime eatarthu. Thug ardbhrú, a d’fhorbair ón deisceart i dtreo dheireadh an ceathrú seachtain, dálaí tirime, teo agus grianmhara chugainn go príomha, sular imigh sé leis siar ó thuaidh, rud a lig d’aershreabh aduaidh níos fionnuaire, níos ceathaí ceannas a bheith aige sa chúpla lá deireanach den mhí.
Titim Báistí: Faoin meán sa Deisceart, os cionn an mheáin san Iarthuaisceart
Bhí céatadán de luachanna Meánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT) do thitim báistí athraitheach ar fud na tíre. Bhí an céatadán de luachanna titime báistí míosúla idir 43% (titim báistí mhíosúil iomlán de 35.7mm) ag Aerfort Chorcaí agus 128% (titim báistí mhíosúil iomlán de 74.8mm) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí iomláin mhíosúla na titime báistí idir 32.6 mm (44% dá MLFT) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí (an Bhealtaine ba thirime ó 1991) agus 107.0 mm (113% dá MLFT) ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Ba é iomlán laethúil na titime báistí is airde ná 21.8 mm ag Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo Dé hAoine, an 6 Aibreán. Bhí líon na laethanta báistí idir 14 lá ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí agus 22 lá ag cúpla stáisiún. Bhí líon na laethanta fliucha idir 8 lá ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí agus 20 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta an-fhliuch idir lá ar bith ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach agus 4 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo agus Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo. Bhí seal triomaigh ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí idir Déardaoin an 21 Aibreán agus Domhnach an 8 Bealtaine (fad 18 lá). Ba é sin an dara seal triomaigh in 2022, bhí an chéad cheann ann idir Céadaoin an 16 Márta agus Luan an 4 Aibreán (fad 20 lá).
Teocht: Os cionn an mheáin go suntasach i ngach áit, thar a bheith te i rith na hoíche
Bhí meánteocht an aeir ar fud na tíre os cionn a Meánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT) 1981-2010 don mhí seo. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir 0.8 °C (meánteocht 12.5 °C) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí agus 2.1 °C (meánteocht 12.9 °C) ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí meánteochtaí na míosa idir 11.3 °C (1.3 °C os cionn a MLFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 13.1 °C (1.1 °C os cionn a MLFT) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Tuairiscíodh an teocht is airde don mhí ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, Dé Sathairn an 28 Bealtaine le teocht de 21.0 °C. Tuairiscíodh an t-íosmhéid aeir don mhí Dé Máirt an 31 Bealtaine ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin ag 1.4 °C agus tuairiscíodh an t-íosmhéid féir is ísle ag -1.9 °C ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath ar an 29 Bealtaine. Níor tuairiscíodh sioc aeir an mhí seo. Thuairiscigh níos lú ná leath na stáisiún sioc talún. Bhí líon na laethanta le sioc talún idir lá ar bith ag cúpla stáisiún agus 6 lá ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin. Taifeadadh an Bhealtaine is teo ar taifead riamh i dtrí stáisiún. Ba ag na stáisiúin seo a leanas a bhí siad: Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath le meánteocht de 12.9 °C (2.1 °C os cionn a MLFT) (fad taifid 123 bliain), Dún Samhnaí, Co. na Mí ag 12.2 °C (1.7 °C os cionn a MLFT) (fad taifid 29 bliain) agus Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe ag 12.3 °C (0.9 °C os cionn a MLFT) (fad taifid 12 bhliain). Taifeadadh an Bhealtaine is teo ar taifead riamh ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, ag 11.9 °C (1.6 °C os cionn a MLFT), ar comhscór le 2008 (fad taifid 67 bliain). Taifeadadh an Bhealtaine is teo ó 1992 in Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus an mhí Bealtaine is teo in aon stáisiún déag eile ó 2008. (Meánteochtaí bunaithe ar bhreathnóireacht 00-00 AUL)
Taitneamh na Gréine: Faoin mean
Bhí iomláin mhíosúla an taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil faoin Meánleibhéal Fadtéarmach (MLFT). Bhí céatadán luachanna míosúla thaitneamh na gréine idir 95% (taitneamh gréine míosúil iomlán de 176.6 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 97% (taitneamh gréine míosúil iomlán de 175.8 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Bhí iomláin mhíosúla an taitnimh gréine idir 139.1 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus 177.4 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. Ba é 15.2 uair an chloig ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí ar an Satharn, an 28 Bealtaine, an líon is airde uaireanta an chloig gréine laethúla a taifeadadh an mhí seo. Bhí líon na laethanta gruama idir 2 lá ag cúpla stáisiún agus 5 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, agus Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.
Gaoth: Ní róláidir
Bhí meánluas míosúil na gaoithe idir 5.9 muirmhíle san uair (10.9 km/u) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí agus 14.6 muirmhíle san uair (27.0 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Ní raibh aon lá le gálaí, gálaí láidre ná stoirmeacha an mhí seo. Tuairiscíodh an séideán is airde agus an meánluas gaoithe 10 nóiméad is airde sa mhí ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Taifeadadh an séideán is airde Dé Máirt, an 17ú lá, 47 muirmhíle (87 km/u), agus b’ionann meánluas gaoithe 10 nóiméad is airde na míosa agus 33 muirmhíle (61 km/u) ar dhátaí éagsúla.
Tá an tuairisc iomlán ar fáil anseo