Líonra Breathnóireachta Aimsire Met Éireann
Tá líonra breathnóireachta ag Met Éireann a bhailíonn sonraí aimsire trasna na tíre le húsáid i réamhaisnéisí aimsire, eitlíocht, imeachtaí mara, talmhaíocht, anailís aeráide, fíorú réamhaisnéise agus taighde meitéareolaíochta. Déanann gach breathnóireacht aimsire taifeadadh ar athruithe san atmaisféar ó lá go lá agus tá siad faoi rialú cáilíochta agus déantar iad a chartlannú i mbunachar sonraí Met Éireann chun taifid aeráide fadtéarmacha a fhoirmliú.
Tagann na sonraí sin i bhfoirmeacha éagsúla agus faightear iad ó fhoinsí difriúla: tuairiscí daonna, uirlisí in situ agus braiteoirí iargúlta. Baineann Met Éireann úsáid faoi láthair as ceithre chineál stáisiún aimsire difriúil chun sonraí a thaifeadadh, iad ar fad difreáilte de réir an raon uirlisí agus eatramh tomhais. Tugtar míníú níos sonraithe ar gach ceann díobh sin thíos:
Stáisiúin Aimsire faoi Fhoireann
Tá cúig cinn de stáisiúin aimsire faoi fhoireann ag obair,Aeradróm Mhic Easmainn, Aerfort Chorcaí, Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort Chnoc Mhuire agus Aerfort na Sionainne. Déanann na stáisiúin sin taifeadadh ar eilimintí meitéareolaíochta ar bhonn uaire. Bailíonn breathnóir meitéareolaíochta sonraí agus déantar códú sionoptach orthu láithreach (is é sin an cód uimhriúil chun breathnóireachta aimsire a thuairisciú) agus cuirtear iad trí ríomhaire chuig Ceanncheathrú Met Éireann (HQ) i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath. Féach Figiúr 1.
Baintear úsáid láithreach as na sonraí sin chun réamhaisnéisí aimsire cothrom le dáta a tháirgeadh. Is iad na heilimintí a ndéantar taifeadadh orthu ná:
- Teocht aeir
- Báisteach
- Luas agus treo na gaoithe
- Brú atmaisféarach
- Bogthaise choibhneasta
- Teochtaí ithreach agus cré
- Aimsir atá caite agus aimsir láithreach
- Cineál scamaill agus Léargas airde
- Taitneamh na gréine
Stáisiúin Aimsire Uathoibríocha
Tá 20 stáisiún aimsire uathoibríoch go hiomlán ar fud na tíre atá ag taifeadadh eilimintí meitéareolaíochta ar bhonn gach uile nóiméad. Aistrítear na sonraí sin ar ais ag sealanna uaire trí líne bhanda leathan/PSTN chuig Ceanncheathrú Met Éireann. Déanann cláir ríomhaire anailís orthu ansin agus cruthaítear breathnóireacht uaire agus aistrítear isteach é i gcód sionoptach. Baintear úsáid astu sin i rití múnla réamhaisnéise láithreach, ar nós na mbreathnóireachta láimhe. Is iad na heilimintí aimsire céanna a ndéantar taifeadadh orthu agus a dhéantar ag na stáisiúin sionoptacha faoi fhoireann. Stáisiúin Aimsire Uathoibríocha
Stáisiúin Clíomeolaíochta
Forlíonann breathnóireachta laethúla a dhéantar ag stáisiúin clíomeolaíochta na sonraí ó stáisiúin aimsire le foireann agus ó stáisiúin uathoibríocha. Faoi láthair tá os cionn 60 stáisiúin aimsire scaipthe ar fud na hÉireann. Tá comhcheangal breathnóirí deonacha agus gníomhaireachtaí stáit ag rith na stáisiúin sin agus déanann siad taifeadadh ar léamh laethúil amháin ag 0900 UTC. Breactar an fhaisnéis aimsire seo isteach ar fhoirm aeráide, agus seoltar í tríd an phost chuig Ceanncheathrú Met Éireann ag deireadh gach mí. Cuirtear na sonraí sin isteach i mbunachar sonraí Met Éireann agus déanann foireann Met Éireann rialú cáilíochta orthu chun iad a úsáid in anailís aeráide agus i dtaighde meitéareolaíochta.
Tugann gach stáisiún aeráide tuairisc ar theocht an aeir agus ar bháisteach agus tugann cuid acu tuairisc freisin ar:
- Teocht an fhéir
- Teochtaí ithreach agus cré
- Taitneamh na gréine-Scamall
- Luas agus treo na gaoithe
- Léargas
- Aimsir láithreach
Stáisiúin Báistí
Bíonn dáileadh báistí ar fud na hÉireann fíor-athraitheach agus tá sé tábhachtach go mbeadh clúdach fud fad na tíre ar ionstraimiú báistí. Faoi láthair tá thart ar 500 stáisiún báistí alonnaithe go straitéiseach ar fud na tíre. Ritheann comhcheangal breathnóirí deonacha agus gníomhaireachtaí stáit na stáisiúin sin, ar aon dul leis na stáisiúin aeráide. Tá dhá chineál stáisiún báistí ann; laethúil agus míosúil. Déanann stáisiúin báistí laethúla taifeadadh ar shonraí báistí uair sa lá ag 0900 UTC. Tógtar léamha báistí ag stáisiúin mhíosúla uair sa mhí ag 0900 UTC ar an gcéad lá den mhí dár gcionn. Breactar síos sonraí laethúla agus sonraí míosúla ar chárta báistí, agus seoltar é sin tríd an bpost chuig Ceanncheathrú Met Éireann ag deireadh gach mí. Cuirtear na sonraí sin tríd an bpróiseas céanna a chuirtear na sonraí aimsire a fhaightear ó stáisiúin aeráide trína gcur isteach i mbunachar sonraí Met Éireann agus déantar rialú cáilíochta orthu sula mbaintear úsáid astu in aon áit eile.
Déanfar stáisiún uathoibríoch de gach stáisiún ar deireadh, amach anseo, agus beidh níos mó léamha sonraí ar fáil rud a chuirfidh feabhas ar thaighde meitéareolaíochta agus ar anailís aeráide.