Grian agus Radaíocht na Gréine
Bíonn idir 1100 agus 1600 uair ghréine in Éirinn gach bliain de ghnáth. Is iad na míonna is grianmhaire ná Bealtaine agus Meitheamh. Le linn na míonna seo, is é an mheántréimhse ghréine in aghaidh an lae ná idir 5 agus 6.5 uair i bhformhór na tíre. Bíonn an ghrian is mó i bhfoirceann an taobh thoir theas, meántréimhse de idir 3 1/4 agus 3 3/4 uair ghréine in aghaidh an lae. Ba é samhradh 1887 an samhradh ba ghrianmhaire sa chéad bliain ó 1881 go 1980, de réir tomhais a rinneadh i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. Ba é samhradh 1980, níos déanaí, an ceann ba smúránta.
Baineann an treocht seo sna réigiúin ar an gcósta, ina dtaifeadtar grian níos gile ná mar a thaifeadtar sna ceantair intíre, le forbairt chomhiomprach na scamall thar an talamh. Forbraítear na scamaill seo go laethúil mar thoradh ar shruthanna aeir ingearacha ar cúis leo téamh teirmeach na talún. Bíonn luacha ísle de ghrian gheal sna ceantair ardtalún freisin toisc go mbíonn scamallacht níos mó iontu go háirithe ar fhánaí ar aghaidh na ngnáthghaoithe.
Baineann na héagsúlachtaí is tábhachtaí de ghrian gheal laethúil le hathruithe séasúir ag freagairt d’athruithe ar airde na gréine. Tá meánmhéid na gréine gile laethúla ag Ros Láir beagnach 1.9 uair sa gheimhreadh, 5.3 uair san earrach agus 6.1 uair sa samhradh.
Grian a Thomhas
Tomhaistear tréimhse na gréine gile le griantaifeadán Campbell-Stokes. Díríonn sé seo gathanna na gréine trí úsáid sféir gloine chun rian a dhó ar phíosa cáirtpháipéir chuair taobh thiar de. Déantar méideanna iarbhír an fhuinnimh ón ngrian a thomhas le hionstraim níos casta darb ainm grianmhéadar
Radaíocht na Gréine
Tá an radaíocht dhomhanda ag leibhéal an talún comhdhéanta de radaíocht léis dhírigh a thagann díreach ó réigiún na gréine agus radaíocht idirleata ar scaipeadh í le linn a bealaigh tríd an atmaisféar. Is féidir radaíocht léis dhírigh a dhíriú le scátháin pharabóileacha chun an dianléas de radaíocht na gréine atá de dhíth le haghaidh úsáidí ardfhuinnimh a chruthú agus tá an chomhpháirt idirleata oiriúnach d’úsáidí mar théamh uisce.
Léirítear an fuinneamh a thagann in aghaidh an aonaid achair i ngiúil sa cheintiméadar cearnach (J/cm²) agus féadfar é a choinbhéartú go cileavatuaireanta sa mhéadar cearnach (kWH/m²) leis an gcoinbhéartú 1000 J/cm²=2.778 kWh/m². Ar dhomhanleithead Bhiorra, is é raon an fhuinnimh gréine a fhaigheann dromchla cothrománach ag barr an atmaisféar ná ó 4170 J/cm² ar lá deireanach i Meitheamh (dhéanfadh 4187 J an teocht de lítear uisce amháin a ardú de 1°C) go níos lú ná 600 J/cm² déanach i mí na Nollaig. Tá lá grianmhar as an ghnách le léargas maith de dhíth chun go bhfaightear 75% den iomlán laethúil isteach seo ar dhromchla an domhain. Tá meánluach ó 40% go 47% ag an bhfuinneamh a thagann go barr an atmaisféir agus a shroicheann an dromchla ó Mhárta go Meán Fómhair agus 30% go 37% ó Dheireadh Fómhair go Feabhra.
Meánradaíocht Dhomhanda i nGiúil/cm² 1981-2010
Station | Jan | Feb | Mar | Apr | May | Jun | Jul | Aug | Sep | Oct | Nov | Dec | Annual |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Belmullet | 6337 | 12293 | 24642 | 40428 | 54132 | 52978 | 49611 | 41744 | 29541 | 16669 | 7533 | 4732 | 340640 |
Birr | 7186 | 12847 | 24678 | 38759 | 50903 | 50221 | 47864 | 40836 | 29602 | 17783 | 8952 | 5699 | 335329 |
Clones | 6161 | 11645 | 23106 | 37041 | 49740 | 49392 | 47442 | 38933 | 27688 | 16212 | 7754 | 4746 | 319862 |
Dublin Airport | 7228 | 12761 | 25705 | 39407 | 52530 | 52648 | 50859 | 42506 | 30043 | 18168 | 8935 | 5550 | 346340 |
Kilkenny* | 7592 | 12818 | 25415 | 39771 | 52075 | 51128 | 50371 | 41749 | 30494 | 17620 | 9301 | 5875 | 344210 |
Malin Head | 5375 | 11501 | 23494 | 39525 | 55175 | 53868 | 49602 | 40623 | 27852 | 15424 | 6706 | 4000 | 333143 |
Valentia | 7381 | 13059 | 25501 | 41291 | 53915 | 53694 | 50133 | 43319 | 30729 | 17942 | 8987 | 5843 | 351794 |
*Tá taifid Chill Chainnigh ó 1979 go 2008.
Ar laethanta smúránta, is radaíocht idirleata é iomlán nó beagnach iomlán radaíocht na gréine a shroicheann dromchla an domhain agus ar laethanta grianmhara féadfaidh an radaíocht idirleata a bheith níos lú ná 30% den radaíocht iomlán.
Níos mó eolais ar Solar Radiation
Méideanna Scamaill
Tuairiscítear méideanna scamaill mar líon na n-ochtanna (okta) den spéir atá clúdaithe. Bíonn spéartha na hÉireann go hiomlán clúdaithe le scamall níos mó ná caoga faoin gcéad den am. Is é an meánmhéid scamaill i ngach uair ná idir cúig agus sé okta. Tá sé mar seo mar gheall ar ár suíomh geografach ar thaobh thiar thuaidh na hEorpa, gar do chonair chórais lagbhrú an Atlantaigh a choinníonn aershruthanna taise scamallacha ag teacht inár dtreo formhór an ama. Léirigh staidéar a rinneadh ar mheánmhéideanna scamaill ag 12 stáisiún le linn tréimhse 25 bliain go raibh na meánmhéideanna scamaill is lú in Aibreán agus is mó in Iúil. Bhíodh méideanna scamaill níos lú istoíche, agus an t-íosmheán ag tarlú idir 2100 agus 0100 MAG a bheag nó a mhór agus an t-uasmheán ag tarlú idir 1000 agus 1500 GMT ag formhór na stáisiún. Bhíodh an clúdach is mó i mí Feabhra, áfach, ag na stáisiúin sa deisceart agus sa taobh thoir theas.ary.