Is príomh-tháscaire ar athruithe ar an aeráid é an teocht agus tá tomhais agus anailís riachtanach chun tionchair athrú aeráide a mheas. Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoi luach breathnóireachta ardcháilíochta do na pobail eolaíochta meitéareolaíochta agus clíomeolaíochta. Tá luach ar leith ar bhreathnóireachta stairiúla mar nach féidir breathnóireacht atá tógtha cheana a thógáil arís agus mura dtógtar breathnóireachta ní bheidh aon bhealach díreach againn le fios a bheith againn cén chaoi a raibh an aimsir agus an aeráid san am atá caite.
Tá taifead déanta ag Met Éireann ar bheagnach 9.5 milliún tomhas teochta uaire aonair idir 1939 agus 2017 agus tá siad stóráilte acu sa Bhunachar Sonraí Náisiúnta Aeráide. Tugtar anailís chun críche ón tacar sonraí breathnóireachta seo agus ó chinn eile chun mionsonraí a thabhairt ar Aeráid Bháistí na hÉireann.
Braitear an tionchar maolaithe atá ag an Atlantach ar theochtaí ar fud na hÉireann. Mar sin ní bhíonn an teochtraon foircneach céanna ag an tír is a bhíonn ag tíortha na mór-roinne i gcaitheamh na bliana, le geimhrí réasúnta boga agus samhraí fionnuara.
An Líonra Breathnóireachta Teochta
Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoi luach breathnóireachta ardcháilíochta do na pobail eolaíochta meitéareolaíochta agus clíomeolaíochta. Tá luach ar leith ar bhreathnóireachta stairiúla mar nach féidir breathnóireacht atá tógtha cheana a thógáil arís agus mura dtógtar breathnóireachta ní bheidh aon bhealach díreach againn le fios a bheith againn cén chaoi a raibh an aimsir agus an aeráid san am atá caite. Téann stair bhreathnóireachta aimsire eagraithe in Éirinn siar go dtí deireadh na 1700í agus bhí Faireachlanna ag Dún Sinche (1787) agus Ard Mhacha (1790). Sa chéad leath den 19ú haois tógadh léamha ag Caisleán Bhiorra (1845), ag Caisleán Mharcréidh (1824) ag Páirc an Fhionnuisce (1829) agus ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1838). Tháinig ardú ar an líon stáisiún ó lár na 19ú haoise agus rinneadh caighdeánú de chineál ar bhreathnóireachta le teacht le forbairtí idirnáisiúnta. Bhí os cionn 100 láthair ag tomhais teochta i dtús na 20ú haoise agus faoin am ar bunaíodh Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann i 1936 bhí os cionn 200 tomhsaire báistí ann. Tá an líonra leathnaithe tuilleadh ó shin agus anois tá beagán faoi bhun 500 láthair tomhsaire báistí sa tír.
Léarscáil de na Stáisiúin Náisiúnta Sionoptacha agus Aeráide a bhí ag taifeadadh Teochta (2017)
Stáisiúin in Éirinn a bhfuil os cionn 100 bliain de bhreathnóireachta teochta déanta acu
Príomhtháscaire ar athruithe san aeráid is ea an teocht, tá tomhais agus anailís riachtanach chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mheasúnú. Tá stáisiúin mheitéareolaíochta le taifid fhadtéarmacha ríthábhachtach chun athrú aeráide a bhreathnú, a anailísiú agus a chainníochtú. Ní féidir an iomarca béime a chur ar luach breathnuithe ardchaighdeáin do na pobail eolaíochta meitéareolaíochta agus clíomeolaíochta. Is ‘oidhreacht chultúrtha agus eolaíoch do-athsholáthair an chine daonna iad freisin a fhreastalaíonn ar riachtanais na nglún atá ann faoi láthair agus na glúnta atá le teacht maidir le taifid aeráide ardcháilíochta fadtéarmacha’ (An Eagraíocht Mheitéareolaíochta Dhomhanda).
Tá stair fhada ag oileán na hÉireann de stáisiúin aimsire oibríochtúla a thomhaiseann teocht an aeir. Sonraí teochta uasta agus íosta an aeir ó chúig stáisiún meitéareolaíochta atá scaipthe go spásúil; Réadlann Ard Mhacha, Co. Ard Mhacha, Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath 1829; Baineadh úsáid as Caisleán Bhiorra*, Co. Uíbh Fhailí, Réadlann Dhairbhre agus Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall chun an tsraith mheánteochta náisiúnta fadtéarmach d’Éirinn a dhíorthú don tréimhse 1900 go 2019.
Díorthaíodh an tsraith náisiúnta meánteochta fadtéarmach d’Éirinn ag baint úsáide as sonraí ó na cúig stáisiún meitéareolaíochta atá scaipthe go spásúil thuas. I mí na Bealtaine 2017, bhí Réadlann Dhairbhre aitheanta mar Stáisiún Breathnóireachta Céad Bliain ag an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (EDM).
* Dúnadh an stáisiún meitéareolaíochta i mBiorra i mí Dheireadh Fómhair 2009, ó shin i leith úsáideadh sonraí coigeartaithe ón stáisiún meitéareolaíochta gar do Goirtín, Co. Thiobraid Árann.
Is é an Meántréimhse Fadtéarmach 1961 go 1990 (LTA 1961-1990) nó ‘gnáthréimhse’ tréimhse thagartha sheasta an EMD a úsáidtear le haghaidh staidéir ar athrú aeráide agus inathraitheacht.
Léiríonn an figiúr thíos an aimhrialtacht teochta an aeir ó 1900 go 2022. Is í an aimhrialtacht an difríocht idir an mheánteocht bhliantúil agus meánteocht bhliantúil LTA 1961-1990 de 9.55°C. Mar is féidir leat a fheiceáil tá éagsúlacht mhór tagtha ar mheánteochtaí ó bhliain go bliain. Tharla tréimhsí téimh ó na 1930í agus 1940idí agus ó na 1980í déanacha go dtí an lá inniu. Tá tréimhsí téimh ó dheireadh an 20ú haois níos faide agus níos minice.
Is féidir leat na sonraí teochta fadsraith sealadach seo a leanas a íoslódáil anseo. Tá sonraí Réadlann Ard Mhacha le caoinchead ón Oifig Meitéareolaíochta sa Ríocht Aontaithe. Na sonraí go léir sealadach faoi láthair. Baineann aimhrialtachtaí (difríocht ó) leis na meáin fhadtéarmacha 1961-1990 faoi seach.
Ag Tomhas Teocht Aeir
Tá teocht aeir á thomhas ar bhealach córasach in Éirinn ó luath sa 19ú haois. Tar éis Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann a bhunú i 1936, rinneadh atheagrú agus leathnú ar an líonra clíomeolaíochta i rith na 1940í agus na 1950í luatha.
Go traidisiúnta tomhaistear teochtaí aeir dhromchla i gcéimeanna Celsius (°C) le teirmiméadair a choinnítear i bhfoscadán lúvrach adhmaid le péint bhán ar a dtugtar Scáthlan Stevenson agus is é sin an caighdeán ag stáisiúin oifigiúla aimsire na hÉireann. Taispeánann íomhánna thuas an Scáthlan Stevenson iomlán mar a bhíonn sé le feiceáil amuigh faoin aer, agus tá an ionstiomaíocht inmheánach ar taispeáint freisin (láithreacha: Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Marcréidh.
An raibh a fhios agat? D’fhéadfadh teochtaí a thomhaisfí faoi sholas díreach na gréine, nó ar phóirse, a bheith suas le 10°C nó 15°C níos airde in aimsir the agus ghrianmhar. is é sin an fáth a ndéantar tomhais teochta i gclós caighdeánach agus amach as solas díreach na gréine.
Tomhaistear teochtaí ag stáisiúin aeráide agus léití iad go traidisiúnta uair sa lá ag 9 UTC. Cuireann glúin nua stáisiúin léamha nóiméad le nóiméad ar na príomh-pharaiméadair aimsire, teocht san áireamh ar fáil ag stáisiúin sionoptacha. Tomhaistear teochtaí ag na stáisiúin sin agus ag aerfoirt le teirmiméadar friotaíochta platanaim, ag láithreacha eile léitear an teocht ag baint úsáide as teirmiméadar lán le mearcair. Tá tionscadal ar bun faoi láthair le teirmiméadair friotaíochta platanaim a chur in áit teirmiméadair mearcair.
Tarlaíonn neamh-aonchineálachta i sraith ama sonraí mar gheall ar athruithe ionstramaíochta, breathnóra, agus láthair agus am breathnóireachta, d’fhéadfadh siad tarlú freisin mar gheall ar athruithe in oscailteacht stáisiúin de bharr fhoirgnimh nua, fás crainn, et cetera, in aice an stáisiúin. Tá Met Éireann ag obair faoi láthair ar shraith sonraí a homaiginiú, níl na sonraí a úsáideadh sa rannán seo homaiginithe.
An raibh a fhios agat? Ní hé teocht an dromchla an t-aon teocht a thomhaiseann Met Éireann; ináirithe ar chinn eile tá teocht an aeir uachtaraí, teocht na talún agus na hithreach.
Éagsúlacht Shéasúrach ar Theocht Aeir
Tugann na breathnóireachta a bhailítear ar an mbealach thuas deis chun anailís a dhéanamh le cur síos ar Aeráid Teochta na hÉireann. Athraíonn éagsúlachtaí séasúracha foircneacha mar a bheifeá ag súil leis, leis an aimsir is fuaire sa gheimhreadh agus an aimsir is teo sa samhradh.
Taispeánann an ghraif a leanas na teochta foircneacha de réir séasúir maidir le Teochtaí Aeir Dromchla ag stáisiúin shionoptacha idir 1941 agus 2016, an dá bhliain san áireamh.
Céard iad na Séasúir Mheitéareolaíochta? Chun tuilleadh eolais a fháil ar theochtaí fhoircneacha in Éirinn, tabhair cuairt ar leathanach Weather Extremes.
Athrú Aeráide agus na Meáin Fadtéarmacha (LTA) 1961-1990
Is tréimhse tagartha seasta é LTA 1961-1990 nó ‘gnáth’ thréimhse a úsáidtear i gcomhair staidéir ar athrú aeráide agus athraitheacht.
Meán Bliantúil Stáisiúin Fadtéarmacha i gcomparáid le LTA 1961-1990
Is príomh-tháscaire é teocht ar athruithe san aeráid. Thángthas ar shraith náisiúnta meánteochta fadtéarmach d’Éirinn ag úsáid sonraí ó chúig stáisiúin an chéid ag Dairbhre, Cionn Mhálanna, Ard Mhacha, Biorra* agus Baile Átha Cliath. Léiríonn an léaráid thíos an aimhrialtacht meánteochta bliantúil idir 1900 agus 2010 (is é sin an difríocht idir an meánteocht bliantúil agus gnáth luach 1961 go 1990). Bhí éagsúlacht mhór sna meánteochtaí ó bhliain go bliain. Bhí tréimhsí téimh ann sna 1930í agus sna 1940í agus ó dheireadh na 1980í go dtí an lá atá inniu ann. Tá tréimhsí téimh níos faide agus níos minice ann ó dheireadh na 20ú haoise. Is é sraith LTA 1961-1990 an tréimhse a bhaintear úsáid as i gcomhair staidéir i leith aeráide.
Breathnóireachta ag Stáisiúin an Chéid i gcomparáid le Meán Fadtéarmach (LTA) 1961-1990 do Mheánteocht Aeir ó 1900 (°C)
* Dúnadh an stáisiún i mBiorra i nDeireadh Fómhair 2009, ó shin baineadh úsáid as sonraí coigeartaithe ó stáisiún TUSCON sa Ghoirtín in aice láimhe.
Séasúrach (gach Stáisiún) i gcomparáid le LTA 1961-1990
Tá sonraí ó stáisiúin sionoptacha agus stáisiúin clíomeolaíochta ar fáil i bhformáid dhigiteach ó 1941 agus 1961 faoi sheach. Cuireadh uasteocht agus íosteocht eangachúil ar fáil ó na sonraí seo gach mí ó 1961. Déantar sonraí eangachúla a mheánú thar cheantar na hÉireann chun uasluachanna agus íosluachanna náisiúnta a chur ar fáil do gach mí agus gach séasúr.
Taispeánann gach séasúr ardú sa teocht, le uasteochtaí ag ardú beagán níos mó ná íosteochtaí sa gheimhreadh agus san earrach, agus íosteochtaí ag fás níos mó ná uasteochtaí sa samhradh.
Difríocht idir Meán Íoseisceachtaí agus Meán Uaseisceachtaí Teochta Aeir Séasúrach (°C) agus LTA 1961-1990
le Meán Fadtéarmach sealadach sraith fhada.
Táscairí Athrú Aeráide LTA 1961-1990
Tá cur síos déanta ag foireann saineolaithe de chuid na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta ar raon táscairí athraithe aeráide báistí agus teochta, chun comparáid chomhionann de na hathróga sin a chumasú. I gcás teochtaí de, tá roinnt laethanta seaca agus oighir ináirithe ar na hinnéacsanna sin, laethanta le teocht os cionn nó faoi thairseach ar leith, chomh maith le fad séasúr fáis. Taispeántar táscairí laethanta seaca (an líon laethanta gach bliain a dtiteann teocht an aeir faoi bhun a náid) agus laethanta te (an líon laethanta gach bliain a dtéann an teocht aeir os cionn 20 °C), do Pháirc an Fhionnuisce thíos.
Táscairí Teochta Athrú Aeráide Pháirc an Fhionnuisce
Is féidir treochta a fháil ón tsraith ama sin thar roinnt blianta nó go hiondúil thar deich nó fiche bliain. Tá treochta mar sin curtha ar fáil do stáisiúin aeráide le taifead iomlán nach mór don tréimhse 1961 go 2016. Úsáidtear an líne dhíreach is fearr a oireann na sonraí le teacht ar na treochta sin, baintear úsáid as tástálacha suntasacha caighdeánacha chun na heatraimh mhuiníne a dhéanamh amach agus glactar le heatramh muiníne de 95% go hiondúil le treocht suntasach a chur in iúl, b’fhéidir nach mbeadh sé cuí i gcónaí líne díreach a oiriúint do na sonraí.
Tá ríomh déanta ar threochta do na táscairí ó thaifid stáisiúin aonair. Taispeánann na mapaí thíos na treochta don líon laethanta seaca, agus do laethanta a raibh an teocht os cionn 20 °C ó 1961 go 2016. Ag teacht leis an treocht teochta ginearálta, tá ardú ar an líon laethanta le teocht os cionn 20 °C, agus laghdú ar an líon laethanta a bhfuil an teocht faoi bhun náid céim Celsius.
Táscairí Athrú Aeráide do SU20: Laethanta te (uasT>20°C) agus FD: Laethanta Seaca (íosT<0°C)
Clíomeolaiocht Reatha na hÉireann agus an Meán Fadtéarmach (LTA) 1981-2010
Baintear úsáid as Meáin Fadtéarmacha nó ‘normail’ i gcomhair cuspóirí comparáide agus chun luachanna a chur i gcomhthéacs. Is í an tsraith LTA 1981-2010 an tréimhse a táthar a úsáid faoi láthair i gcomhair tréimhseacháin (Ráitis, deiridh agus sealadach araon).
Bíonn na meánteochtaí bliantúla idir 9 agus 12°C, ón oirthuaisceart go dtí an t-iardheisceart, ag fágáil amach na gceantair shléibhtiúla.
Taispeánann stáisiúin intíre níos mó éagsúlachta ná stáisiúin ar an gcósta, le Geimhreadh níos fuaire agus Samhradh níos teo. Ar an meán ní bhíonn ach lá amháin sa bhliain nuair a fhanann an teocht faoi bhun an reophointe. Titeann an íosteocht aeir faoi bhun an reophointe thart ar 40 lá gach bliain ag na stáisiúin intíre, ach faoi 10 lá sa bhliain sa chuid is mó de na ceantair cósta. Sroicheann teochtaí an aeir 18 go 20 °C i rith an tsamhraidh, agus thart ar 8°C i rith an gheimhridh.
An bhfuil gá le níos mó a léamh? S. Walsh (2012). A Summary of Climate Averages for Ireland 1981-2010. Met Éireann, Climatology Note No 14