Féadfar go mbeidh tionchar ar an ngaoth ar láthair ar leith ó roinnt fachtóirí éagsúla mar bhac ó fhoirgnimh nó ó chrainn, cineál an tír-raoin agus sraonadh ó shléibhte nó cnoic in aice láimhe. Mar shampla, is é éifeacht fothana na sléibhte sa deisceart is cúis leis na gaotha aneas ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Is é treo na gnáthghaoithe ná ó dheas nó siar. Bíonn meánluais bhliantúla na gaoithe idir 3m/s i gcodanna de Laighean theas agus níos mó ná 8 m/s i bhfoirceann an tuaiscirt. Tá níos lú ná dhá lá le gálaí ar an meán gach bliain i roinnt áiteanna intíre mar Chill Chainnigh, ach níos mó ná 50 sa bhliain ar láithreacha ar an gcósta thuaidh mar Chionn Mhálanna.
Comhathrú Laethúil de Luas na Gaoithe
Le linn gnathlae, tá raon suntasach i gceist le meánluas na gaoithe san uair (is ionann an raon agus an difríocht idir an ceann is airde agus an ceann is ísle). Ag Béal an Mhuirthead, stáisiún ar an gcósta thiar, is é an meánraon laethúil ná 11.5 m/s in Eanáir agus bíonn sé fós chomh hard le 8.4 m/s in Iúil. Ag Cluain Eois, stáisiún intíre tipiciúil, is é an meánraon laethúil ná 8.3 m/s in Eanáir agus 6.2 m/s in Iúil. Bíonn an comhathrú laethúil i bhfad níos mó sa samhradh ná mar a bhíonn sa gheimhreadh. Is toradh é seo ar an téamh dromchla, a mhéadaíonn meascadh an aeir a ghluaiseann go sciobtha ar na leibhéil arda leis an aer gar don dromchla. De réir mar a laghdaíonn éifeacht an téimh dromchla, laghdaíonn luas na gaoithe agus le linn na hoíche ní bhíonn mórán comhathraithe ó lá go lá. Ní fheictear an claonadh go mbíonn meánluas na gaoithe sa tráthnóna ach sna figiúirí fadtéarmacha agus ar laethanta aonair féadfaidh an t-uasluas a bheith ann uair ar bith.
Treo Na Gaoithe
Séideann an ghaoth aneas agus aniar is minice i gcás láithreacha oscailte agus is annaimhe a shéideann gaotha anoir aduaidh nó anois aduaidh. In Eanáir, tarlaíonn gaotha aneas nó anoir aneas níos mó ná mar a tharlaíonn in Iúil, a mbíonn gaotha aniar lena linn go minic. Is féidir tionchar na topagrafaíochta a fheiceáil i minicíocht bheag na ngaoithe anoir aneas ag Réadlann Dhairbhre, agus gaoithe aneas ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Tar-rolladh ar stáisiún chun amharc ar shonraí.
Tomhais
Is ionann gaoth agus gluaiseacht an aeir ar cúis leis na difríochtaí brú ar dhromchla an domhain, ar cúis leosan téamh dhromchla an domhain ag an ngrian. Tá ról lárnach ag gaotha in iompar domhanda teasa agus fuinnimh. Tá tionchar ag an topagrafaíocht áitiúil ar chóras na gaoithe ar an dromchla. Ní mór do shuíomhanna tomhaiste gaoithe a bheith oscailte, cothrom agus saor ó bhaic ó fhoirgnimh agus chrainn etc. Ar an ábhar sin, tomhaistear luas na gaoithe ag 10 m os cionn leibhéal na talún de ghnáth.
Tá gaoth á tomhas in Éirinn ó bhlianta deireanacha an 19ú haois. Taifeadtar luas agus treo na gaoithe i stáisiúin aimsire shionoptacha. Go dtí na 1990í, úsáideadh ainéimiméadair bhrúfheadáin Dines chun luas agus treo na gaoithe a thaifeadadh. Oibríonn siad siúd ar bhunús an bhrú ó shéideadh na gaoithe isteach in oscailt ar thaobh eite ghaoithe ar aghaidh léi an ngaoth. Ó bhlianta tosaigh na 1990í, úsáidtear ainéimiméadair chupáin agus eite ina n-ionad agus tomhaistear luas na gaoithe le cupáin rothlacha agus treo na gaoithe le heite ghaoithe ar leith.
Féadfar go mbeidh tionchar ar an ngaoth ar láthair ar leith ó roinnt fachtóirí éagsúla mar bhac ó fhoirgnimh nó ó chrainn, cineál an tír-raoin (gairbhe) agus sraonadh ó shléibhte nó cnoic in aice láimhe. Tarlaíonn neamh-aonchineálacht in amshraith de shonraí gaoithe toisc athruithe ar ionstraimí agus athruithe ar neamhchosaint stáisiúin mar gheall ar fhoirgnimh nua, fás crann etc. cóngarach don stáisiún. Ní dhearnadh sonraí sa chuid seo a homaiginiú nó a cheartú don ghairbhe.
Taifeadtar luas agus treo na gaoithe go leanúnach agus táblaítear iad, de láimh nó go huathoibríoch ag brath ar shuíomh agus cineál an stáisiúin. Taifeadtar luais na séideán freisin, agus amanna na séideán laethúil is airde agus meánluas agus meántreo na gaoithe ag tráth an tséideáin is airde agus an meánluas 10 nóiméad is airde i dtréimhse 24 uair.
Amshraith agus Treochtaí: Léirítear meánluais bhliantúla na gaoithe agus líon na laethanta sa bhliain le séideáin ghálaí (séideán níos mó ná 17.5 m/s nó 34kt) thíos do Dhairbhre agus d’Aerfort Bhaile Átha Cliath.