Réamhaisnéis Néimeatóidíris 2022 ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Tógtha ón bPreasráiteas ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) ar gov.ie

Réamhrá

Gach earrach, tugann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM), i gcomhpháirt le Met Éireann, UCD agus Teagasc, comhairle d’fheirmeoirí maidir leis an riosca réamh-mheasta galair, go príomha in uain, a thagann ón gcruinnphéist Nematodirus battus.

An galar

Is galar seadánach dian é Néimeatóidíreas a tharlaíonn in uain 6 go 12 sheachtain d’aois. Ionfhabhtaítear iad nuair a ionghabhann siad scata larbhaí ionfhabhtaíocha ó bheith ag innilt ar fhéarach éillithe. Tá saolré N. battus éagsúil ó chruinnphéisteanna eile toisc nach dtagann larbhaí as na huibheacha a chuirtear ar an bhféarach go dtí an bhliain dár gcionn. Tarlaíonn sé sin i rith eachtra briste ollmhór san earrach nuair a théann teocht na hithreach tar éis tréimhse aimsire fuaire. Tarlaíonn an galar i míonna Aibreáin, Bealtaine agus Meithimh de ghnáth.

Tar éis d’uain na larbhaí Néimeatóidíreas a ionghabháil, téann an larbha isteach trí bhalla na stéige. Léirítear an t-ionfhabhtú le buinneach raidhsiúil, díhiodráitiú agus cailleadh meáchain. Sa chás go mbriseann sé amach, is féidir na huain a fheiceáil ag bailiú timpeall ar na humair uisce de bharr na hiarta a thagann orthu. Ní chuireann an seadán isteach ar chaoirigh fhásta.

Cuirtear cosc ar an ngalar seo trí uain na bliana reatha a choimeád as féarach na bliana seo caite a ndearna uain nó gamhna óga (ar féidir leo a bheith ina n-iompróirí) innilt air an bhliain roimhe. Tá feirmeacha le rátaí stocála arda níos leochailí ná aon fheirm eile. Tá baol níos mó ar uain leathchúpla, nó uain ar bhreith caora a bhfuil cumas olc bleáin aici, an galar a fháil toisc go dtosaíonn siad ag ithe níos mó féir níos luaithe ina saol. Má tá teacht agat ar fhéarach glan, nach ndearnadh innilt air, ba cheart tús áite a thabhairt do na huain seo a bhogadh ar dtús.

Cathain a thuartar go mbeidh an galar ann i mbliana

Táthar ag súil go mbeidh goradh uibheacha Néimeatóidíris ina bhuaic idir an 6 agus an 18 Aibreán, am atá cóngarach don ghnáth-thréimhse ghortha, bunaithe ar na meánluachanna ó Mhárta 2022 a bheith cóngarach don mheánleibhéal fadtéarmach do theocht na hithreach.

Beidh goradh uibheacha ina bhuaic i bhformhór na tíre thart ar an dara agus tríú seachtain in Aibreán, gan imeall an chósta i ndeisceart, iarthar agus iarthuaisceart na tíre san áireamh. Beidh goradh sna háiteanna sin ina bhuaic ag deireadh mhí an Mhárta agus tús mhí Aibreáin.

Féach an mapa thíos le do thoil (Fíor 1) don tomhas ama a bhfuiltear ag súil leis na buaic-amanna ina ngorfar uibheacha Néimeatóidíris ar an bhféarach.

Cathain ar cheart cóireáil a chur ar na huain

Ba cheart cóireáil a chur ar uain a bhfuil i mbaol (is iad sin uain 6 go 12 sheachtain d’aois agus ag innilt ar fhéarach éilithe) thart ar 2 sheachtain tar éis buaic-am gortha uibheacha Néimeatóidíris.

Ba cheart smaoineamh ar dháileog a thabhairt d’uain níos luaithe ar fheirmeacha aonair má tá comharthaí cliniciúla ann i gcomhréir le Néimeatóidíreas toisc go bhfuil an treoir chóireála thuas bunaithe ar ghoradh uibheacha ag buaic-amanna measta.

 

Dátaí measta i Márta agus Aibreán 2022 nuair atáthar ag súil le goradh uibheacha Néimeatóidíris ar fhéarach a bheith ina bhuaic

Dátaí measta i Márta agus Aibreán 2022 nuair atáthar ag súil le goradh uibheacha Néimeatóidíris ar fhéarach a bheith ina bhuaic

Cén cineál díphéistigh is ceart a úsáid

Is iad beinsimíodasóil (droinsí bána) an chóireáil a mholtar d’ionfhabhtuithe Néimeatóidíris agus tá siad éifeachtúil i gcoinne larbhaí agus na gcéimeanna fásta freisin. Cabhróidh úsáid an chineáil frith-heilmintigh sin, mar an chéad rogha cóireála, le teagmháil péisteanna eile, amhail Trichostrongylus agus Teladorsagia, le cineálacha frith-heilmintigh eile (mar shampla, lachtóin mhacraichiogail) a laghdú, ag pointe sa séasúr innilte nuair nach bhfuil cóireáil orthu sin riachtanach. Cabhróidh sé sin le héifeachtúlacht na ndrugaí sin a choinneáil, rud atá tábhachtach ach go háirithe ar fheirmeacha le fadhbanna le frithsheasmhacht bheinsimíodasóil i ndaonraí de chruinnphéisteanna goile/stéigeacha comónta.

Níl aon droinsí ann a bhfuil oibriú iarmharach éifeachtach acu i gcoinne Néimeatóidíris. Dá bharr, d’fhéadfadh uain a bheith ath-ionfhabhtaithe le larbhaí má leanann siad ag innilt, agus mar thoradh air sin bheadh an chóireáil díphéistigh chéanna nó a chomhionann ag teastáil gach 2 go 3 seachtaine i rith an earraigh.

Néimeatóidíreas agus coiciodóis in uain

Tá sé tábhachtach chomh maith a áiteamh go bhféadfadh seadáin eile a bheith ina gcúis le buinneach in uain óga, seadáin a n-éilítear bearta rialaithe difriúla agus cógas difriúil lena n-aghaidh. D’fhéadfaí glacadh leis, go mícheart, gurb é Néimeatóidíreas is cúis le buinneach throm in uain, nuair is é ionfhabhtú coiciodach is cúis lena leithéid i ndáiríre. Cuirfidh uainíocht féaraigh agus gluaiseacht mhinic umar beathaithe agus pointí uiscithe chuig limistéir níos tirime cosc ar choiciodóis in uain óga de bhrí go gcruthaíonn pasáil logánaithe riochtaí taise atá oiriúnach do scaipeadh coicioidí. Leis na humair bheatha a ardú, is féidir cabhrú le héilliú an bheatha le faecas a sheachaint, agus dá réir sin, cosc a chur ar thras-seoladh na coiciodóise. I roinnt cásanna, is féidir le néimeatóidíróis agus coiciodóis tarlú ag an am céanna, rud a chruthódh galar an-dian.

Comhairle tréidliachta agus cúnaimh dhiagnóiseacha saotharlainne

Moltar dul i gcomhairle le cleachtóir tréidliachta príobháideach chun diagnóis agus comhairle chruinn a fháil ar cén leigheas atá oiriúnach d’uain le buinneach throm agus strus orthu. Ba cheart é sin a dhéanamh go mór mór i gcásanna nach bhfuil aon fheabhas tagtha ar an scéal tar éis an chéad chóireála le díphéisteach. Toisc gur féidir le néimeatóidíreas agus coiciodóis tarlú ag an am céanna, tá seans ann gur gá cóireáil don dá phataigin a thabhairt.

Moltar gur cheart aon uan a fhaigheann bás go tobann a chur go cleachtóir tréidliachta príobháideach go saotharlann réigiúnach tréidliachta chun scrúdú iarbháis a dhéanamh toisc gur féidir le huain bás a fháil de N. battus gan comharthaí cliniciúla soiléire a bheith ann.

Cruthaíonn na céimeanna larbhacha éifeachtaí pataigineacha an tseadáin seo. Dá bharr, ní thugann líon na n-uibheacha faecacha bunús iontaofa maidir le cathain ar cheart cóireáil a chur ar uain.