Is beag rud a théann i bhfeidhm orainn go laethúil cosúil leis an aimsir; conas a oibrímid agus a thaistealaímid, conas a dhéanaimid aclaíocht agus sóisialú, conas a fhásaimid ár mbia, ár sábháilteacht agus fiú conas a mhothaímid. Tá ár n-aimsir agus ár n-aeráid ag athrú, agus is féidir le tuiscint níos fearr ar ár n-atmaisféar cabhrú linn ár mbealach a dhéanamh trí na hathruithe sin.
Fiosraíonn Podchraoladh Met Éireann gach rud a bhaineann leis an aimsir agus leis an aeráid, mistéirí ár n-atmaisféir, agus buailtear leis na daoine a oibríonn chun iad a thuiscint. Bíonn aíonna nua i dteannta an Dr. Noel Fitzpatrick i ngach eagrán agus iad ag cabhrú leis an eolaíocht agus a tionchair fhairsinge a nochtadh. Chun tuilleadh a fháil amach, féach met.ie/podcast.
Mar sin, is cuma más éisteoir nua nó reatha thú, bí cinnte liostáil le sraith Phodchraoladh Met Éireann cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí.
Tá leagan Gaeilge den phodchraoladh againn freisin – Podchraoladh Met Éireann
Cliceáil ar an seinnteoir thíos chun éisteacht leis an eagrán is déanaí agus tuilleadh.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann Podchraolta ag podcast@met.ie nó úsáid #MetEireannPodcast on Twitter
Séasúr 4 Eagrán 10 – TRANSLATE
Tá gá le gníomhaíocht thapa éifeachtach chun cabhrú leis an athrú aeráide a mhaolú agus chun cabhrú le dul in oiriúint dá thionchair. Leis méadú leanúnach ar líon na staidéar aeráide ina léirítear fianaise ar athrú aeráide agus ina sonraítear éifeachtaí amach anseo, tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag lucht ceaptha beartas agus ag an bpobal ar fhaisnéis shoiléir bheacht.
In eagrán na míosa seo de Phodchraoladh Met Éireann, táimid ag fiosrú thionscadal TRANSLATE; tionscnamh chun foinse aontaithe faisnéise aeráide agus réamh-mheastacháin aeráide a sholáthar d’Éirinn. In éineacht le Noel, tá an Dr. Claire Scannell, fisiceoir agus taighdeoir le Met Éireann. I gcomhluadar a chéile, pléann siad na réamh-mheastacháin aeráide d’Éirinn amach anseo, agus conas is féidir leis an tionscadal TRANSLATE cabhrú le cinnteoirí ullmhú don athrú agus bearta a dhéanamh chun na tionchair is measa a sheachaint. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi thionscadal TRANSLATE anseo :
Séasúr 4 Eagrán 9 – Falscaithe
Tá falscaithe ag tarlú ar ár bpláinéad leis na milliúin bliain, rud a chabhraíonn le fás agus éagsúlacht nua a thabhairt d’fhoraoisí agus d’éiceachórais. Tá ról lárnach ag an aimsir agus ag an aeráid i bhfalscaithe. Tá tionchar ag athruithe ar ár n-aeráid, áfach, agus éifeachtaí gníomhaíochta daonna, ar phatrúin falscaithe, rud a fhágann go bhfuil baol níos mó ann go dtarlóidh mórimeachtaí falscaithe cosúil leo siúd a chonacthas an samhradh seo san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh agus san Áise.
San eagrán seo, táimid ag fiosrú falscaithe, conas a thosaíonn siad, conas a scaipeann siad, conas is fearr dul i ngleic leo agus iad a chosc, agus an ról atá ag an athrú aeráide iontu. Labhraíonn Noel ar dtús le comhraiceoir dóiteáin agus teagascóir falscaithe ó Bhaile Átha Cliath Darren O’Connor faoi na dúshláin agus faoin eolaíocht a bhaineann le dul i ngleic le falscaithe agus na teicnící a úsáidtear chun na lasracha a bhainistiú. Tá Noel in éineacht ansin le Jennifer Baron, taighdeoir falscaithe in Ollscoil British Columbia i gCeanada, chun plé a dhéanamh ar na tinte ollmhóra a bhí acu le blianta beaga anuas agus conas a chuaigh gníomhaíocht dhaonna agus athrú aeráide i bhfeidhm ar a bpatrúin.
Is féidir leat féachaint ar Innéacs Aimsire Dóiteáin Met Éireann a nuashonraítear go laethúil.
Séasúr 4 Eagrán 8 – Beathaí a Shábháil ar Muir
Tá báid tarrthála INRBT ag sábháil beathaí daoine in uiscí na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe ó 1824 i leith. Agus é á reáchtáil beagnach go hiomlán ag oibrithe deonacha, tá an INRBT tar éis breis is 144,000 duine a tharrtháil ó bunaíodh é, go minic i ndálaí an-dúshlánach.
San eagrán seo de Phodchraoladh Met Éireann, tugann Noel cuairt ar stáisiún Bád Tarrthála Chuan Shligigh, agus labhraíonn sé leis an gcriú faoin gcaoi a ndéanann siad a gcuid oibre ríthábhachtaí agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an aimsir ar a gcuid oibríochtaí. Tugann an Bainisteoir Oibríochtaí Willie Murphy turas ar an stáisiún do Noel ar dtús, agus ansin tá sé ar bord i dteannta na mná stiúrach Eithne Davis chun cur síos tapa ach mion a fháil ar an mbád féin. Suíonn Noel síos ansin le Willie, Eithne agus ionadaí sábháilteachta uisce INRBT, Tim Doran, chun níos mó a fhoghlaim faoi conas a dhéantar tarrthálacha, an oiliúint atá i gceist leo agus conas is fearr fanacht sábháilte san uisce nó timpeall air.
Séasúr 4 Eagrán 7 – An Ghrian agus Ár gCraiceann
Cad is cúis le dó gréine? Conas a dhéanann radaíocht UV damáiste dár gcraiceann? An féidir leis a bheith ina chúis le haosú? Cé na daoine is mó atá i mbaol ó ailse craicinn? Conas a oibríonn griansciath?
San eagrán seo, tá an Dr. Barbara McGrogan agus an Dr.Triona McCarthy ón gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse in éineacht le Noel. Le chéile, déanann siad iniúchadh ar ról sholas na gréine agus na radaíochta UV i ndamáiste craicinn agus ailse craicinn agus conas is fearr muid féin a chosaint ar na héifeachtaí is díobhálaí.
Chun níos mó a fhoghlaim faoi dhamáiste UV agus do chraiceann a chosaint, féach ar: https://www.hse.ie/sunsmart/
Séasúr 4 Eagrán 6 – Na Gealáin Thuaidh agus Aimsir Spáis
Is minic a fheictear an aurora, nó na Gealáin Thuaidh agus Theas, agus iad ag damhsa i spéir oíche ár réigiún polach. Ach le míonna beaga anuas, tá siad le feiceáil ag domhanleithid atá i bhfad níos ísle. Cad is cúis leis na Gealáin agus cén fáth a bhfuil an chuma air go bhfuil a ngníomhaíocht ag méadú?
San eagrán seo de Phodchraoladh Met Éireann, tá Noel ag labhairt leis an Dr. Sophie Murray, taighdeoir aimsire spáis agus oifigeach teicniúil le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Le chéile, déanann siad iniúchadh ar na Gealáin, grianghaotha, ról na gréine in aimsir spáis agus an dóchúlacht atá ann go bhféadfadh go mbeadh níos mó radharc ar an aurora go luath amach anseo.
Eagrán Measctha le Podchraoladh ‘Basically… with Stefanie Preissner’
Tá eagrán measctha speisialta againn de Phodchraoladh Met Éireann an mhí seo. Tá Noel in éineacht le Stefanie Preissner ar phodchraoladh Basically le haghaidh comhrá spraíúil, leathan a chlúdaíonn gach rud ón bhfáth a bhfuil an aimsir in Éirinn mar atá sí, an chaoi a n-oibríonn réamhaisnéis na haimsire, an seans go mbuailfidh tintreach thú go dtí cad atá i ndán ag an athrú aeráide dúinn.
Séasúr 4 Eagrán 4 – Radar Aimsire
Tá radar aimsire ar cheann de na huirlisí is úsáidí atá ar fáil do mheitéareolaithe nó d’aon duine atá ag smaoineamh an bhfuil an bháisteach air! Óna thús le linn an Dara Cogadh Domhanda, go dtí an t-ardtrealamh a úsáidtear sa lá atá inniu ann, tá radar aimsire ag soláthar faisnéis ríthábhachtach le haghaidh réamhaisnéise, rianú drochaimsire agus taighde atmaisféarach.
An mhí seo, labhraíonn Noel leis an meitéareolaí radair, Sinéad Duffy. Labhraíonn Sinéad linn faoin gcaoi a n-oibríonn radar aimsire, conas a fionnadh agus a feabhsaíodh é le himeacht ama, agus leagann sí amach sí cuid de na huasghráduithe móra atá ag teacht go luath ar ghréasán radair na hÉireann.
Séasúr 4 Eagrán 3 – Éirí: Seoladh satailíte aimsire nua na hEorpa
Aíonna: Dr. Lothar Schüller (EUMETSAT), Pierre Kokou (ESA)
Seoladh an tsatailít aimsire is nuaí san Eoraip ón Spásfort i nGuáin na Fraince an 13 Nollaig 2022. De bharr shatailít Tríú Glúin Meteosat Imager 1, nó MTG-I1, seachadfar ardíomhánna dár n-atmaisféar agus dár bpláinéad agus cuirfear faisnéis ríthábhachtach ar fáil do réamhaisnéiseoirí aimsire agus d’eolaithe aeráide.
In eagrán na míosa seo, táimid ag féachaint i dtreo spáis agus cad atá i ndán don mheitéareolaíocht satailíte. Tuairiscíonn Noel ó ócáid seolta MTG-I1 ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa san Ísiltír, agus labhraíonn sé le cuid de na heolaithe agus na hinnealtóirí a bhfuil baint acu leis an misean sin. Ansin táimid in éindí leo agus iad ag tosú ar an gcomhaireamh síos don éirí. Tá Noel in éineacht le Pierre Kokou ar dtús, innealtóir uirlisí le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, chun a chloisteáil mar gheall ar an bpróiseas maidir leis an tsatailít a fhorbairt agus í a thabhairt chuig an gceap lainseála. Labhraíonn sé ansin leis an Dr. Lothar Schüller, bainisteoir líonra le EUMETSAT, ar mhisean eolaíoch na satailíte agus cad a chiallaíonn sé d’eolaithe, do réamhaisnéiseoirí agus don tsochaí.
Séasúr 4 Eagrán 2 – Tionchair agus réitigh aeráide leis an Ollamh Peter Thorne
Chuir tonnta teasa agus triomaigh fhoircneacha Shamhradh 2022 isteach ar na céadta milliún duine ar fud an Leathsféir Thuaidh, agus cé go bhfuil siad eisceachtúil dúinn, ar cheart a bheith ag súil leo anois in aeráid atá ag téamh? An mbreathnófar go raibh an samhradh seo caite ar an meán nó fiú fionnuar níos déanaí sa chéad seo?
In eagrán na míosa seo, tá Noel ag labhairt leis an Ollamh Peter Thorne, ollamh le Tíreolaíocht Fhisiceach in Ollscoil Mhá Nuad agus Stiúrthóir ghrúpa Aonaid na hÉireann um Anailís agus Taighde ar an Aeráid (ICARUS). Is Príomhúdar é an tOllamh Thorne freisin ar thuarascálacha Measúnaithe an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (PIRAA). I gcomhluadar a chéile, pléann siad an chonair aeráide atá á siúl againn faoi láthair, conas is féidir imeachtaí foircneacha aonair a leagan ar an athraithe aeráide, na deiseanna a chuirtear ar fáil le maolú aeráide agus tuartha don todhchaí.
Séasúr 4 Eagrán 1 – Eachtraí ar theorainneacha an athraithe aeráide
Is ag an Dr. Heïdi Sevestre atá ceann de na guthanna is mó ar domhan maidir leis an ngá atá le háiteanna fuara ár bpláinéid a chosaint agus leis an damáiste atá á dhéanamh ag athrú aeráide. San eagrán seo, pléann Heïdi agus Noel a turais is déanaí chuig an Artach, chuig an nGraonlainn agus chuig na hAindéis, teacht slán as stoirmeacha troma agus teagmhálacha le béir bhána, agus dul i bpáirt le leis na dreapadóirí is fearr ar domhan chun cabhrú taighde a dhéanamh in áiteanna priaclacha. Pléann Heïdi agus Noel freisin an tábhacht a bhaineann le cumarsáid eolaíochta agus an gá atá le heolaithe aeráide a nguth a ardú.
Séasúr 3 Eagrán 3 – Tuarascáil PIRAA – Na héifeachtaí is measa a bhaineann leis an athrú aeráide a sheachaint
Tar éis dúinn plé a dhéanamh ar éifeachtaí reatha agus amach anseo an athraithe aeráide inár n-eagrán deireanach, fiosróimid an mhí seo conas is féidir linn na tionchair is measa atá aige a laghdú agus a sheachaint. Tá an Dr. Pádraig Flattery in éineacht le Noel arís chun an tuarascáil is déanaí ón PIRAA maidir le maolú aeráide a phlé.
Séasúr 3 – Eagrán 2 – Na 10 dtátal is mó i dTuarascáil an PIRAA ar thionchar an Athraithe Aeráide
In eagrán na míosa seo, labhraíonn Noel leis an Dr.Pádraig Flattery ó Sheirbhísí Aeráide Met Éireann faoin tuarascáil aeráide is déanaí ón reportPIRAA, agus pléann siad na 10 dtátal is mó:
1. Leochaileacht
2. Athruithe Dochúlaithe
3. Teorainneacha atá ag Teacht inár dTreo
4. Sláinte an Duine agus Athrú Aeráide
5. Cosaint an Dúlra
6. An Pobal agus Oiriúnú Áitiúil
7. Meabhairshláinte mar éifeacht
8. Forbairt atá seasmhach in aghaidh na haeráide
9. Mí-oiriúnú
10. Éire – Tionchair agus dul chun cinn go dtí seo10. Ireland – Impacts and progress so far
Séasúr 3 – Eagrán 1 – Éire Ársa agus an Spéir
I bpodchraoladh na míosa seo, táimid ag fiosrú thionchar na spéire ar chultúr agus ar struchtúir na hÉireann ársa. Labhraíonn Noel leis an Dr. Frank Prendergast, duine de na saineolaithe is mó in Éirinn ar ailíniú na gréine, faoi ról na Gréine, na Gealaí agus na réaltaí i ndearadh agus i suíomh tuamaí agus séadchomharthaí in Éirinn na réamhstaire, agus faoin tábhacht a bhaineann le spéartha dorcha oíche a chaomhnú san am i láthair.
Séasúr 2 – Eagrán 8 – Todhchaí na Réamhaisnéise
Éist le Noel & Liz sa phodchraoladh is déanaí ó Met Éireann a chlúdaíonn ábhair ón dul chun cinn sna satailítí, sa radar agus san intleacht shaorga, go dtí sár-ríomhaire nua UWC a bheidh ag feidhmiú an bhliain seo chugainn.
Séasúr 2 – Eagrán 7 – CP26, Stoirm Bharra agus Réamhaisnéis Aimsire Gheimhridh
Sa mhóreagrán Nollag seo, tugann an clíomeolaí sinsearach Keith Lambkin achoimre dúinn faoin méid a tharla ag CP26, agus tagann an meitéareolaí Paul Moore isteach chun Stoirm Bharra agus an aimsir atá romhainn an geimhreadh seo a phlé.
Séasúr 2 – Eagrán 6 – CP26: Cad atá i mBaol Agus Cad ba chóir dúinn Breathnú Amach Dó
Is eolaí aeráide é an Dr. John Hanley ag Met Éireann, agus san eagrán seo tarraingíonn sé aird ar chuid de na torthaí is déanaí maidir le hathrú aeráide chomh maith le príomhchuspóirí CP26, a mbeidh sé ag freastal air.
Séasúr 2 – Eagrán 5 – Aimsir i dtaca le Cuardach agus Tarrtháil
An mhí seo, féachaimid ar an tseirbhís ríthábhachtach a chuireann foirne cuardaigh agus tarrthála ar fáil agus ar an tionchar a bhíonn ag an aimsir ar a gcuid oibríochtaí. Labhraímid le baill d’fhoireann Tarrthála Sléibhe na Gaillimhe, Rory Sherlock agus Eamon Hartley, agus leis an bpíolóta Pauric Slattery ó héileacaptar an Gharda Cósta, Tarrtháil 118.
Faigh tuilleadh eolais faoi na láithreoirí agus faoi gach eagrán ó Shéasúr a hAon inár nótaí thíos
Séasúr 2 - Eagrán 4 - Tionchar na hAimsire ar Fhás Bia
Maidir le bia a fhás, bíodh sé ar an bhfeirm nó inár n-áiteanna cónaithe féin, bíonn ról cinntitheach ag an aimsir agus ag an aeráid maidir le cad is féidir linn fás, cén uair, agus cé chomh rathúil is a bheidh an fómhar.
San eagrán seo de Phodchraoladh Met Éireann, fiosraíonn Noel agus Liz an tionchar a bhíonn ag dálaí éagsúla aimsire ar fhás plandaí, conas is féidir linn oibriú leis an aimsir chun cabhrú linn ár mbarra a tháirgeadh agus conas a d’fhéadfadh athrú aeráide tionchar a imirt ar an mbealach ina bhfásaimid bia.
Roinneann an stiúrthóir agus bainisteoir Feirme le Keogh’s, Derek Keogh, a thaithí ar an tionchar a bhí ag triomach 2018 agus samhradh fliuch 2012 ar phlandáil, ar fhás agus ar thorthaí ag Keogh’s. Roinneann sé a chuid leideanna is fearr freisin chun prátaí a fhás sa bhaile – lena n-áirítear an t-am is fearr chun iad a bhaint.
Chun luí isteach beagán níos doimhne san eolaíocht taobh thiar den tionchar atá ag an aimsir ar fhás plandaí agus barr, míníonn an Dr. Michael O’Donovan, Ceann Taighde Féaraigh ag Teagasc, na bunriachtanais a chaithfidh plandaí a fháil chun fás, agus insíonn sé dúinn faoi shamhail tuartha fáis féir a d’fhorbair Teagasc agus atá ar thús cadhnaíochta ar leibhéal domhanda, agus a úsáideann feirmeoirí ar fud na tíre.
Ar deireadh, leagann an Dr. Klara Finkele, Ceann Meitéareolaíochta Talmhaíochta i Met Éireann béim ar an raon táirgí aimsire is féidir le feirmeoirí agus saothróirí bia a rochtain chun tacú leo na cinntí is fearr a dhéanamh dá mbarra agus dá bplandaí. Pléann Klara freisin an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag athruithe inár n-aeráid ar thalmhaíocht anseo in Éirinn.
Is féidir teacht ar an tráchtaireacht laethúil feirme ó Met Éireann here, nó tiúnáil isteach sa réamhaisnéis sheachtainiúil feirmeoireachta ar an Domhnach ag 1.08pm ar RTÉ a hAon nó ar Sheinnteoir RTÉ.
Coinnigh suas le heagráin mhíosúla de phodchraoladh Met Éireann trí liostáil ag rte.ie/podcasts nó cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí.
Séasúr 2 - Eagrán 3 - An fáth a bhfuil Oighear tábhachtach
Baineann ár bPodchraoladh ó Mhí Aibreáin le hoighear agus a thábhachtaí atá sé don tsochaí agus d’éiceachórais, an chaoi a bhfuiltear á chailleadh mar gheall ar athrú aeráide, agus cén fáth gur chóir go mbeadh imní orainne a bhfuil cónaí orainn i réigiúin saor ó oighear fós faoi seo. Labhraímid le beirt eolaithe atá ag obair sna hAlpa Eorpacha agus sa Ghraonlainn – na hOigheareolaithe an Dr. Harry Zekollari agus an Dr. Penny How, agus pléann Liz agus Noel an eolaíocht ghinearálta (lena n-áirítear beagán ar chúlra oigheareolaíochta Noel). Tá an eipeasóid bunaithe ar alt Met News roimhe seo. Éist tríd an seinnteoir thuas nó cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí.
Láithreoirí Phodchraoladh Met Éireann - Beathaisnéisí
Noel Fitzpatrick
Is meitéareolaí taighde le Met Éireann é Noel Fitzpatrick. D’fhill sé ar Éirinn ó Cheanada le déanaí tar éis dó PhD san Eolaíocht Atmaisféarach a chríochnú. Rinne Noel taighde ar na naisc idir an aimsir, an aeráid, agus cailliúint sneachta agus oighir an phláinéid agus é thall. Chuir Noel tús lena ghairmréim sa mheitéareolaíocht le máistreacht in Ollscoil Reading sula ndeachaigh sé le Met Éireann mar oifigeach meitéareolaíochta, agus é ag obair mar bhreathnóir aimsire eitlíochta agus ag cothabháil an líonra stáisiún aimsire in Éirinn. Sa lá atá inniu ann, tá baint ag Noel le forbairt ar an úsáid a bhaineann Met Éireann as sonraí satailíte agus as ríomhaireacht ardfheidhmíochta, agus é mar aidhm leo feabhas a chur ar sheirbhísí aimsire agus aeráide amach anseo.
“Tá mé paiseanta faoi chumarsáid eolaíochta, agus faoin bhfreagracht atá ar thaighdeoirí a gcuid oibre a chur in iúl go soiléir do lucht féachana leathan. Tá mé ag súil go mór leis an gcéad eagrán faoin athrú aeráide, agus tá súil agam go bhfreagraíonn sé roinnt ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag daoine!”
Liz Walsh
Is réamhaisnéiseoir oibríochtúil í Liz Walsh i Met Éireann. Thosaigh sí ag obair mar Oifigeach Meitéareolaíochta tar éis di Máistreacht sa Mheitéareolaíocht a chríochnú in UCD in 2006. D’imigh sí go dtí an Nua-Shéalainn in 2009 le dul ag obair sa tSeirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta in Wellington, áit sa deireadh ar oileadh í agus inar oibrigh sí mar réamhaisnéiseoir. D’fhill sí ar an Leathsféar Thuaidh in 2014, agus d’oibrigh sí mar Mheitéareolaí do chomhlacht fuinnimh in Reading sa RA sular fhill sí ar thréad Met Éireann i mí Lúnasa 2016.
“Ba mhór an onóir dom páirt a ghlacadh sa cheardlann hairicíní agus rabhaidh ag an National Hurricane Center in Miami, Florida i mí Feabhra/mí an Mhárta 2018, agus mar sin tá mé ag súil go mór leis an bpodchraoladh faoi hairicíní!
Ferdia McCrann
Is é Ferdia McCrann ár n-oifigeach Gaeilge. Tháinig sé go dtí Met Éireann sa bhlian 2006, tá cúlra aige san eolaíocht agus go háirithe eolaíocht ríomhaireachta agus matamaiticí. Chaith sé cheithre bhlian ag obair i réadlann Dairbhre i gcontae Chiarraí sular bhog sé go dtí an ceanncheathrú i Glasnaíon áit a bhfuil sé ina bhall den rannóg taighde. Déileálann sé le fiosruithe uaidh na meáin agus ón bpobal agus is féidir é a chloisteáil go rialta ar raidió na Gaeltachta ag freagairt ceisteanna ar gach cineál aimsir. Beidh an podchraoladh nua uaidh Met Éireann á chur i láthair aige.
Sraith 1 Eagráin 1 - 11
Bunphrionsabail an Athraithe Aeráide agus Réamh-Mheastacháin d’Éirinn
Lenár n-aoi an mhí seo, Seamus Walsh – Ceann Aeráide agus Breathnóireachtaí Met Éireann – tugaimid thú trí bhunphrionsabail an athraithe aeráide, agus pléimid na réamh-mheastacháin aeráide is déanaí d’Éirinn agus don domhan, lena n-áirítear an chaoi a n-athróidh teocht, báisteach, stoirmeacha agus leibhéal na farraige amach anseo.
Fiosróimid an iarmhairt ceaptha teasa, an chaoi a n-oibríonn sí, agus an chaoi a gcuireann astaíochtaí gás ceaptha teasa amhail dé-ocsaíd charbóin agus meatán le hathrú ár n-aeráide.
Labhraímid faoi thomhas ár n-astaíochtaí carbóin, agus sonraímid an gaol idir leibhéil dé-ocsaíde carbóin mhéadaitheacha inár n-atmaisféar agus teochtaí méadaitheacha. Freagróimid ceisteanna freisin faoi cé mhéad a ardóidh teochtaí domhanda faoi dheireadh an chéid seo, cé mhéad a mhéadóidh leibhéal na farraige, agus cé chomh luath agus a d’fhéadfadh samhraí Artacha a bheith saor ó oighear.
Níos gaire don bhaile, pléimid conas a rachaidh an t-athrú aeráide i bhfeidhm ar aimsir agus aeráid na hÉireann, cé mhéad a ardóidh ár dteochtaí, an bhfaighimid níos mó nó níos lú báistí, agus déine na stoirmeacha a d’fhéadfadh a bheith againn inár n-aeráid amach anseo.
San eagrán seo freisin beidh cór Met Éireann – The Isobars – a chuirfidh críoch leis an gclár le leagan álainn de “Samhradh Samhradh”. Féach thíos le haghaidh tuilleadh eolais ar The Isobars.
Nótaí Podchraolta:em>
Sa phodchraoladh, luaimid ‘cuar Keeling’, grafaic ina dtaispeántar an tiúchan dé-ocsaíde carbóin san atmaisféar, atá á thomhas ó 1958.
Féach íomhá de chuar Keeling thíos.
Taispeántar tiúchain dé-ocsaíde carbóin atmaisféaraí a tógadh ón taifead croíleacáin oighir le 800,000 bliain anuas anseo:
Tabhair faoi deara an t-ardú tobann, ingearach nach mór, i dtiúchain CO2 le céad bliain anuas.
Fuarthas an dá íomhá sin ó https://scripps.ucsd.edu/programs/keelingcurve/
Is féidir tuilleadh léitheoireachta ar na hábhair a phléitear san eagrán seo a fháil ar shuíomh gréasáin an PIRAA agus trí obair an Eolaí Aeráide Éireannaigh Paul Nolan.
PIRAA (Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide): https://www.ipcc.ch/
Eagrán 2 – Cad is Cúis le hAimsir na hÉireann
Bíonn tionchar ollmhór ag an aimsir ar an saol laethúil in Éirinn. Mar sin féin, cad is údar leis an aimsir agus leis an aeráid a bhíonn againn sa tír seo? San eagrán seo, beimid ag freagairt na ceiste ‘Cad is Cúis le hAimsir na hÉireann?’ in éindí le meitéareolaí agus réamhaisnéiseoir Met Éireann Pat Clarke.
Ar an gcéad dul síos, cén fáth a bhfuil aimsir againn ar chor ar bith?
Tosóimid leis na bunphróisis dhomhanda, agus ansin díreoimid ar Éirinn.
Cén tionchar a bhíonn ag cruth, rothlú agus ais an domhain ar ár n-aeráid? Cad is ‘aerbhrú’ ann? Cén fáth a mbíonn foraoisí báistí agus fásaigh le feiceáil i mbeagnach na bandaí domhanleithid céanna ar fud na cruinne? Cén fáth a mbíonn brú íseal ag Éirinn go minic agus ceantair eile faoi bhrú ard?
Cén tionchar a bhíonn ag an méid atá ag tarlú san atmaisféar cúig nó deich gciliméadar os ár gcionn ar ár n-aimsir ag an dromchla? Cad é an scairdsruth agus cén fáth go mbíonn sé níos láidre sa gheimhreadh ná sa samhradh? Cad é an fronta polach agus cén taobh de ar mhaith linn a bheith air? Cén fáth a bhfaighimid na stoirmeacha is déine san fhómhar agus sa gheimhreadh de ghnáth.
Tá Éire ar an domhanleithead céanna le Edmonton i gCeanada, Alasca sna Stáit Aontaithe agus Moscó, ach cén fáth nach mbíonn na dálaí foircneacha aeráide céanna againn? Mar shampla, tá Edmonton i gCeanada ar an domhanleithead céanna le Baile Átha Cliath, ach is í an mheánteocht íosta a bhíonn ag Edmonton i mí Eanáir ná -15°C ach ag an tráth céanna is í an mheánteocht íosta a bhíonn ag Baile Átha Cliath ná +2.4°C.
Conas a dhéanann an tAigéan Atlantach ár n-aeráid a mhaolú?
Cad is aermhais ann? Cén chaoi a gcruthaítear í, agus cé mhéad a chinneann an aermhais atá os ár gcionn faoi láthair an cineál aimsire ar féidir linn a bheith ag súil leis?
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi aimsir agus aeráid na hÉireann ar an leathanach ‘Aeráid na hÉireann’ ar ár suíomh gréasáin.
Críochnaímid an t-eagrán le cór Met Éireann – The Isobars – agus an leagan atá acu de “Raindrops Keep Falling on my Head”.
Eagrán 3 – Hairicíní
Tá an íomhá thuas ó láithreán gréasáin rianaithe eitiltí d’aerárthach lorgaire hairicíní ag druidim le béal na stoirme. I mí Dheireadh Fómhair 2018, bhí gach aerárthach i Murascaill Mheicsiceo ag seachaint hairicín Michael a bhí ag dul in olcas le fonn agus le fuinneamh. Seachas ceann amháin: Lorgaire Hairicíní NOAA. San íomhá rianaithe eitiltí seo, tá an Lorgaire Hairicíní díreach tar éis dul díreach trí bhéal na stoirme, agus tomhais riachtanacha á nglacadh aige chun cabhrú le réamhaisnéiseoirí, agus chun daoine ar an talamh a choinneáil ar an eolas agus sábháilte (íomhá ó flightaware.com).
Físeán Youtube a ndearna ár n-aoi John tagairt dó sa phodchraoladh. Taispeántar ann scannánaíocht a tógadh i mbéal an hairicín chéanna (Michael)
Eagrán 4 – Anord agus Ríomhaireacht i Réamhaisnéis na hAimsire
Go bunúsach, is é an Tuar Uimhriúil Aimsire (TUA) an chaoi a n-úsáidimid ríomhairí chun cabhrú linn an aimsir a thuar. Sa lá atá inniu ann, tá cuid de na sár-ríomhairí is cumhachtaí ar domhan tiomnaithe do réamhaisnéis na haimsire agus d’fheidhmeanna aeráide. San eagrán seo, tá an Dr. Alan Hally ón Rannóg Taighde i Met Éireann i dteannta Liz agus Noel chun labhairt faoi na coincheapa atá taobh thiar de ríomhairí a úsáid chun an aimsir a thuar, cé chomh cruinn is atá siad anois agus cad iad na tosca teorantacha ó thaobh scála agus fad réamhaisnéise de. An féidir leo a rá linn an bhfaighimid Nollaig bhán i mbliana?
Ina theannta sin, cad é an nasc idir TUA agus Jurassic Park? Faighimid míniú ó Jeff Goldblum ag 25 nóiméad.
Cloisimid freisin faoi shamhail réamhaisnéise aimsire ‘Harmonie Arome’ Met Éireann agus na trí mhilliún líne de chód atá ann, agus faoi chomhoibriú idirnáisiúnta na hÉireann i dteicneolaíocht sár-ríomhaireachta agus réamhaisnéise. Pléimid ‘iarmhairt an fhéileacáin’ agus an tionchar a bhíonn ag anord san atmaisféar ar ár réamhaisnéisí, agus labhraímid faoi chórais tuartha chnuasaigh agus faoin gcaoi a bhfuil siad ag athrú ár ndearcaidh agus seachadadh réamhaisnéisí aimsire.
Tugann Paul Moore ónár Rannóg Aeráide na staitisticí dúinn do shamhradh 2019, agus pléimid conas a bhí samhradh 2019 difriúil ó shamhradh 2018 agus cén fáth.
Mar is gnáth, cuireann cór Met Éireann – The Isobars – críoch leis an eagrán. An mhí seo, casann siad a leagan de The Swimming Song.
Eagrán 5 – Ionad Breathnaithe Dhairbhre
Le longbhriseadh in 1859 a thosaíonn scéal Ionad Breathnaithe Dhairbhre i gContae Chiarraí. Leanann sé ar aghaidh le leagan an chéad chábla teileagraif ó Mheiriceá go dtí an Eoraip, Cogadh Cathartha na hÉireann, aistriú an Ionaid Breathnaithe ó Dhairbhre go dtí an mhórthír i gCathair Saidhbhín agus éabhlóid na meitéareolaíochta ó bhreathnóireachtaí uair amháin sa lá go tomhas leanúnach ar an talamh agus ar an spéir.
An mhí seo, tá Keith Lambkin – Clíomeolaí Sinsearach i Met Éireann – i dteannta Liz agus Noel chun gach rud geoifisiceach agus meitéareolaíoch óna thréimhse mar Phríomheolaí Ionad Breathnaithe Dhairbhre a phlé.
Tá na staitisticí aimsire agus aeráide ag Paul Moore do mhí Mheán Fómhair, agus casann banna traid Met Éireann “Ceo” dhá fhonn thraidisiúnta “Geallta Bád an Daingin” agus “An Filiméala” chun críoch a chur leis an eagrán.
Eagrán 6 – Taobh thiar den chuirtín: an radharc ón taobh istigh de Met Éireann le linn drochaimsire
Is féidir le stoirmeacha agus drochaimsir dul i bhfeidhm ar Éirinn cúpla uair sa bhliain, agus is ról lárnach do Met Éireann é a chinntiú go bhfuil an pobal agus a chuid seirbhísí ar an eolas faoi na himeachtaí sin. San eagrán seo, caitheann Liz agus Noel súil cúil stáitse ar na hullmhúcháin agus na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl i Met Éireann nuair a bhíonn an baol ann go mbeidh mórimeacht aimsire ar na bacáin. Is í Evelyn Cusack, Ceann Réamhaisnéise Met Éireann, atá leo sa stiúideo an mhí seo.
Cloisimid conas a chinneann réamhaisnéiseoirí neart, uainiú agus suíomh dóchúil drochaimsire, agus foghlaimímid faoi na táscairí nádúrtha agus na huirlisí ríomhairebhunaithe a chabhraíonn leo. Tugaimid aird ar sheisiúin faisnéise ó shaineolaithe inmheánacha agus idirnáisiúnta, agus cloisimid conas a théann Met Éireann i dteagmháil leis an Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála. Cloisimid freisin conas a chuireann Met Éireann faisnéis agus rabhaidh in iúl maidir le drochaimsir a d’fhéadfadh a bheith ann agus an tábhacht a bhaineann le teachtaireacht shoiléir agus bunaithe ar fhíricí a chur ar fáil don phobal agus fuilibiliú á sheachaint ag an am céanna.
Tá Liz agus Noel in éineacht ansin le Evelyn Cusack chun labhairt faoi fheachtas ‘Ullamh don Gheimhreadh’ na bliana seo, conas ár rabhaidh a thuiscint, agus an fáth a n-ainmnímid stoirmeacha. Chun deireadh a chur leis an gclár, déanann cór Met Éireann – The Isobars – leagan iontach de ‘Bad Moon Rising’ le hAoife Murray i mbun stiúrtha agus tionlacan ó Dhónal Black.
Nótaí eagráin:
Innéacs Ascalú an Atlantaigh Thuaidh (AAT):
https://www.met.ie/what-are-teleconnections-and-how-do-they-influence-irelands-weather
https://www.metoffice.gov.uk/weather/learn-about/weather/atmosphere/north-atlantic-oscillation
Eagrán 7 – Nollaig Bhán
In eagrán na Nollag de Phodchraoladh Met Éireann, fiosraíonn Liz agus Noel gach rud a bhaineann le sneachta. Cloisimid faoi cé chomh minic is a fhaighimid Nollaig bhán, cé chomh minic is atá titim sneachta i gcoitinne, agus déanaimid athbhreithniú ar chuid de na himeachtaí móra sneachta suntasacha a tharla in Éirinn agus ar fud an domhain. Fiosróimid na dálaí éagsúla aimsire a bhféadfadh titim sneachta a bheith mar thoradh orthu, lena n-áirítear téamh tobann strataisféarach, agus cén fáth go bhféadfadh sé a bheith chomh deacair sin sneachta a thuar in Éirinn.
Cloisimid go minic go bhfuil gach calóg shneachta uathúil, ach conas a chruthaítear iad? Tógann Liz agus Noel muid tríd an turas a dhéanann calóg shneachta óna cruthú go dtí titim ar an dromchla agus fiosraíonn siad an fáth a mbíonn cruth chomh sainiúil sin orthu. Ar deireadh, foghlaimímid faoin ról atá ag sneachta inár n-aeráid, agus faoin gcaoi a bhfuil an caillteanas leanúnach sneachta agus oighir ónár bpláinéad ag méadú athrú aeráide an lae inniu.
Tá Liz agus Noel i dteannta chór Met Éireann freisin, The Isobars, a bhíonn páirteach go minic sa phodchraoladh. Insíonn siad beagáinín dúinn fúthu féin, agus chun an t-eagrán a chríochnú, déanann siad leagan álainn de ‘White Christmas’ agus Aoife Murray i mbun stiúrtha le tionlacan ó Dhónal Black.
Nollaig shona agus Athbhliain faoi mhaise dár n-éisteoirí go léir!
Eagrán 8 – Tonnta agus Eolaíocht na Surfála
Suite ar imeall thiar na hEorpa, téann fórsa iomlán thonnta an Aigéin Atlantaigh i gcion ar Éirinn. Sa chéad chlár de 2020, tá Liz agus Noel in éineacht le taighdeoir mara ó Met Éireann, an Dr. Sarah Gallagher, agus cóitseálaí surfála agus tonnmharcóir coirp gairmiúil Seamus McGoldrick ó Sligo Surf Experience. Le chéile, fiosraíonn siad conas a chruthaítear tonnta agus conas a thaistealaíonn siad, agus na bealaí is fearr chun a bhforbairt a thuar mar réamhaisnéiseoir agus mar shurfálaí. Cloisimid an tionchar a bhíonn ag dálaí áitiúla cosúil le gaoth, taoidí agus grinneall na mara ar mhéid agus ar chruth toinne briste agus ar a poitéinseal surfála.
Tá cáil na hÉireann ag fás go seasta mar cheann de na láithreacha surfála is fearr ar domhan, agus san eagrán seo, foghlaimímid faoi na cúiseanna atá taobh thiar de theacht rialta borrtha móra farraige ar na cladaí seo againne agus caighdeán bhristeacha surfála iomadúla na hÉireann. Teastaíonn taighde agus oiliúint fhairsing chun tonnta nua cumhachtacha a chuardach agus marcaíocht a dhéanamh orthu in Éirinn agus ar fud an domhain. Cloisimid faoin ullmhúchán a chaitear le surfáil ardleibhéil, agus na buntáistí fisiciúla agus intinne a tharraingíonn surfálaithe de gach cumas isteach san aigéan.
Foghlaimímid conas is féidir leis na méideanna ollmhóra fuinnimh a stóráiltear i dtonnta an Atlantaigh ár gcósta a athmhúnlú, bolláin ollmhóra a chaitheamh isteach faoin tír, agus faoin bhféidearthacht leas a bhaint astu chun leictreachas a ghiniúint. Ar deireadh, féachaimid ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide ar thonnta na hÉireann agus ar an gcaoi a bhfuil surfálaithe ag dul i ngleic leis na saincheisteanna comhshaoil níos leithne a théann i bhfeidhm ar ár n-aigéin.
https://www.sligosurfexperience.com/
Tá Páipéar ar iompar bollán le tonnta ar chósta thiar na hÉireann ar fáil anseo. here.
Eagrán 9 – Tóir ar Stoirmeacha
Táimid ag dul sa tóir ar stoirmeacha in eagrán na míosa seo de phodchraoladh Met Éireann! In éineacht le Liz agus Noel, tá an meitéareolaí Paul Downes agus iad ag plé turas anuraidh go ‘Tornado Alley’, réigiún míchlúiteach sna Stáit Aontaithe a mbíonn drochaimsir shuntasach ann.
Cloisimid conas a chaith an fhoireann dhá sheachtain ag rianú stoirmeacha ar fud mhachairí Kansas, Oklahoma agus roinnt stát eile, ag lorg agus ag seachaint guaiseacha cosúil le tintreach, clocha sneachta damáisteacha, agus ar ndóigh, tornádónna! Pléann Pól an áit agus an uair a gcruthaítear na stoirmeacha sin, na coinníollacha a theastaíonn le go bhforbróidh an drochaimsir sin, agus cén fáth gur annamh a fheicimid stoirmeacha móra toirní nó tornádónna anseo in Éirinn.
Cloisimid freisin ó thóraithe stoirme a bhfuil an-taithí acu, Paul agus Sarah Austin, beirt a bhí ina mbaill den fhoireann agus a chaith blianta ag tóraíocht stoirmeacha agus á staidéar in Tornado Alley. Cloisimid faoi conas a thosaigh siad, cad a mheallann iad ar ais agus cuid de na cásanna is déine a chuir siad díobh.
Sna laethanta amach romhainn, beidh sraith pictiúr agus físeán á gcur suas againn anseo ón turas ar chuid den aimsir iontach a bhí romhainn. Is féidir iad sin a fháil freisin trí chuntais Twitter, Facebook agus Instagram Met Éireann a leanúint @meteireann
Éalaíonn gluaisteáin faoi dheifir ó stoirm thoirní dhian rothlach (íomhá 1) in Kansas. Bhí an stoirm sin ag táirgeadh buillí tintrí go minic (íomhá 2), agus chuaigh sé ar aghaidh chun tornádó beag a chruthú. Piceanna: @fitzpatricknoel
San fhíseán seo ghabh ár bhfoireann tóraíochta stoirme íomhánna de stoirm mhór thoirní sárcheall a bhí á bualadh ag gaotha láidre a bhí ag sileadh isteach sa stoirm ar a dturas anuraidh sna Stáit Aontaithe. Sa mhallghluaiseacht, is féidir leat roinnt de na comhpháirteanna a fheiceáil de rud a bhfuil cuma splaince tintrí amháin air ar an gcéad amharc
Is iad na stoirmeacha toirní rothlacha seo, ar a dtugtar sárchealla, a bhí á lorg againn ar ár dturas tóraíochta stoirme sna Stáit Aontaithe anuraidh. Agus san fhíseán seo aistríonn an fhoireann chun fanacht taobh le stoirm thoirní sárcheall mhór i gceantar tuaithe in Kansas, Meitheamh 2019 (físeán: @fitzpatricknoel). Ghin an stoirm sin tintreach dhian agus tornádó beag.
Eagrán 10 – Antartaice: Aimsir agus Marthanas
Aoi: John Law
Is beag áit ar domhan atá níos dúshlánaí le maireachtáil inti ná an mhór-roinn is faide ó dheas, Antartaice, an mhór-roinn is airde, is tirime, is gaofaire agus is fuaire ar domhan. In eagrán na míosa seo de Phodchraoladh Met Éireann, labhraíonn Liz agus Noel le meitéareolaí Antartach faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ag obair i gceann de na háiteanna is priaclaí ar an bpláinéad.
I mí an Mhárta 2020, d’fhill John Law ó sheal 17 mí in Antartaice ag obair mar mheitéareolaí do Shuirbhé Antartach na Breataine. San agallamh seo, cloisimid faoina chuid ama ar fad in Antartaice, an áilleacht gan sárú agus na dúshláin a bhaineann leis an saol ó lá go lá i gceann de na háiteanna is iargúlta ar domhan, chomh maith leis na droch-choinníollacha a bhí roimhe. Pléann John cuid de na deacrachtaí ar leith a bhaineann leis an aimsir a bhreathnú agus a thuar ag ceann theas an phláinéid, agus na ceachtanna atá foghlamtha aige ó bheith ina chónaí ar uaigneas agus an tionchar a bhí ag na nithe sin ar an gcaoi a dtéann sé i ngleic le réaltacht an scartha shóisialta seo atá á chur dínn go léir. Cloisimid freisin faoi chuid den taighde ar athrú aeráide atá ar siúl in Antartaice agus faoin seal te le déanaí nár taifeadadh riamh cheana ina raibh an teocht ag ardú suas le 18.3°C ar an mór-roinn sin!
Tá pictiúir níos áille d’Antartaice curtha suas ag John ar a leathanach Instagram, cuardaigh johnlawwx.
Eagrán 11 – Aimsir agus Aeráid: Fíricí agus Ficsean
Tá an fonn agus an gá ár n-aimsir agus ár n-aeráid a thuar ann leis na mílte bliain, fiú ó i bhfad sular forbraíodh modhanna agus córais réamhaisnéise nua-aimseartha. Mar thoradh air sin, tá catalóg shaibhir seanfhocal agus nathanna tagtha chun cinn le himeacht ama in iarracht iompraíocht ár n-atmaisféir a thuiscint agus a thuar. Mar sin féin, mar a luaigh Richard Inwards, údar Weather Lore: The Unique Bedside Book, “tá fianaise ar bhreathnóireacht ghéar agus réasúnaíocht cheart i gcuid mhaith seanfhocal aimsire, ach d’eascair líon níos mó díobh as an gclaonadh coitianta conclúidí a chruthú bunaithe ar bhreathnóireacht rótheoranta ar fhíricí.” In eagrán na míosa seo de Phodchraoladh Met Éireann, tá Liz agus Noel ag fiosrú na nathanna aimsire sin chun an fhírinne a dhealú ón mbréag. Ó spéartha dearga san oíche go dtí na ba ina luí, cloisimid faoi conas a d’fhorbair na nathanna sin seans agus má tá bonn ar bith meitéareolaíochta fúthu! Tugann an fhoireann aghaidh freisin ar chuid de na miotais agus míthuiscintí coitianta maidir le hathrú aeráide, agus soláthraíonn siad na fíricí atá taobh thiar de théamh atá tugtha faoi deara ar ár bpláinéid.
Ansin tá Liz agus Noel in éineacht le Paul Moore chun an t-earrach thar a bheith tirim a phlé, agus, chun an t-eagrán a chríochnú, canann cór Met Éireann, The Isobars, leagan iontach de ‘Here comes the Sun’ chun cabhrú le fáilte a chur roimh an samhradh!
Cór Met Éireann ‘The Isobars’ & Banna Traid Met Éireann ‘Ceo’
Cór Met Éireann – The Isobars
Arna stiúradh ag Aoife Murray.
Á thionlacan ag Dónal Black ar an bpianó agus Linda Hughes ar an veidhlín.
Bunaíodh cór Met Éireann, ‘The Isobars’ go luath in 2017, agus tá sé lonnaithe i gCeanncheathrú Met Éireann i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath. Tá baill foirne atá ar seirbhís agus ar scor tagtha isteach ó gach rannóg den eagraíocht. Amhráin a bhaineann leis an aimsir den chuid is mó atá i stór an chóir. Ba gheall le stoirm an fháilte a cuireadh roimh an gcór nuair a chan siad ag comhdháil bhliantúil Chumann Meitéareolaíochta na hEorpa in 2017, ag ‘The Wind that Shakes the Island’, comhdháil san RDS in 2018, agus ag Comórtas Chór Ionaid Oibre na Bliana in 2017 agus 2018.
Tá The Isobars ar bís a bheith ag cur leis an bpodchraoladh nua de chuid Met Éireann, agus críochnóidh siad gach eagrán le hamhrán nua.
Sopráin: Sarah Gallagher, Sheila McGuinness, Liz Walsh
Ailt: Elizabeth Coleman, Linda Hughes, Phil Stokes, Laura Zubiate
Teanóir: Colm Clancy, Michael McAuliffe
Doird: Paul Downes, Matt Roberts
Canann The Isobars ‘Samhradh, Samhradh’ (traidisiúnta, cumadóir gan ainm)
Scríobh an bailitheoir ceoil Edward Bunting sa 19ú hAois gur “dócha” go bhfuil ‘Samhradh, Samhradh’, nó ‘Thugamar Féin an Samhradh Linn’, “thar a bheith ársa.” Léirítear ann traidisiún Lá Bealtaine bábóga na Bealtaine a iompar faoin tuath. Ceaptar gur ó Cheantar Oirialla ar theorainn Lú agus Ard Mhacha a tháinig an t-amhrán. Le tamall anuas, tá athnuachan tagtha ar an amhrán tar éis taifeadadh le The Gloaming.
Raindrops Keep Fallin’ on My Head, le Burt Bacharach agus Hal David
Cumadh an t-amhrán in 1969 don scannán ‘Butch Cassidy and the Sundance Kid.’ Thaifead B.J. Thomas é don scannán, agus eisíodh é ina dhiaidh sin mar shingil, agus é ar an gcéad uimhir a haon de na 1970idí i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhuaigh sé Duais an Acadaimh don Amhrán Bunaidh is Fearr ina dhiaidh sin. D’fhág an fonn álainn agus na liricí dearfacha gur sheas an t-amhrán amach i gcoinne amhráin a chomhaimsire, lena n-áirítear fuaimeanna níos troime ‘Whole Lotta Love’ le Led Zepplin agus ‘Come Together’ leis na Beatles.
Lá Ghaofar’ (Windy Day)
Bunphíosa ceoil le ‘Banna Traid Met Éireann’. Cumadóireacht bhunaidh le Dónal Black. Dar ndóigh is focal Gaeilge é ‘Ceo’.
Léirithe ag ‘Banna Traid Met Éireann’:
Dónal Black – Maindilín
Linda Hughes – Fidil
Sarah Gallagher – Feadóg Íseal
Colm Clancy – Bainseó
Geallta Bád an Daingin/An Filiméala – Léirithe ag ‘Ceo’ Banna Traid Met Éireann
Is píosa ceoil thraidisiúnta é Geallta Bád an Daingin/An Filiméala a sheinneann Banna Traid Met Éireann – ‘Ceo’, agus tá sé le cloisteáil ag deireadh phodchraoladh Ionad Breathnaithe Dhairbhre.
Taifeadta Meán Fómhair 2019