Is sruth cumhachtach tobann leictreachais (díluchtú leictreastatach) í an TINTREACH a bhfuil toirneach á tionlacan agus a tharlaíonn le linn stoirm leictreachais. Bíonn an díluchtú ag taisteal idir na réigiúin laistigh de scamall toirní a bhíonn luchtaithe go leictreach, nó ó scamall go scamall, nó ó scamall go dromchla pláinéid. Cothromaíonn na réigiúin luchtaithe laistigh den atmaisféar iad féin go sealadach trí scal tintrí, ar a dtugtar buille tintrí go coitianta má bhuaileann sé an talamh nó rud éigin.
Tá trí phríomh- chineál tintríann:
- ó scamall chuige féin (ion-scamall nó IC)
- ó scamall amháin go scamall eile (CC)
- idir scamall agus an talamh (CG)
Cé go mbíonn torann toirní i gcónaí ag tionlacan tintrí, d’fhéadfá tintreach a bheadh i bhfad uait a fheiceáil ach b’fhéidir go mbeadh sé ró-fhada ó bhaile leis an toirneach a chloisteáil.
Críochnaíonn gnáthscal tintrí i gcruth chainéal plasma, a sheolann leictreachas tríd an aer agus atá os cionn 5 ciliméadar ar airde ó laistigh den scamall go dtí dromchla na talún. Is é an díluchtú féin an chéim dheiridh de phróiseas atá an-chasta. Bíonn minicíocht na tintrí thart ar 40-50 uair sa soicind ar an Domhan nó beagnach 1.4 billiún scal sa bhliain agus maireann sí 30 micreasoicind ar an meán.
Na coinníollacha a bhfuil gá leo i gcomhair néalchruthaíochta
Tarlaíonn tintreach go príomha nuair a mheasctar aer te le meall aer fuar, agus bíonn suaitheadh atmaisféarach a bhfuil gá leis chun an t-atmaisféar a pholarú mar thoradh air.
Tá gá le dhá rud chun go dtarlóidh díluchtú leictreastatach:
- Caithfidh poitéinseal leictreach ard a dhóthain a bheith idir an dá réigiún spáis; Tá sé tuigthe go maith go bhfuil deighilt agus comhbhailiúchán luchtaithe i réigiúin áirithe den scamall nó ó scamall go talamh le linn stoirm thoirní mar sin féin níl tuiscint iomlán ar na próisis dhíreacha trína dtarlaíonn sé seo.
- Is cosúil go bhfuil meán ardfhriotaíochta ag cur bac ar chothromú saor gan chonstaic ar na luchtanna malartacha. Cuireann an t-atmaisféar an t-insliú leictreach, nó an bac ar fáil, a chuireann cosc ar saor-chothromú idir réigiúin luchtaithe atá ar pholaraíocht mhalartach. Faigheann “tintreach”, próiseas casta a dtugtar “scal” toirní air, an ceann is fearr ar seo.
Buille tintrí
Bíonn teas agus fórsaí maighnéadacha ar mhéid mhór ag gabháil le rudaí a bhuaileann tintreach. D’fhéadfadh an teas a chruthaíonn sruthanna tintrí agus iad ag taisteal trí chrann gal a dhéanamh as an sú, rud a chruthódh pléascadh gaile a scoiltfeadh tamhan an chrainn.
Cé go maireann thart ar 90% dóibh siúd a bhuaileann tintreach, d’fhéadfaidís droch-ghortú a fháil as. D’fhéadfaí damáiste a dhéanamh d’fhoirgnimh nó do struchtúir arda nuair a bhíonn an tintreach ag cuardach conair neamhbheartaithe go dtí an talamh. Cuireann seoltóirí tintrí deis ar fáil le buille tintrí a sheoladh go sábháilte go dtí an talamh.
Toirneach
Mar gheall go bhforthéann díluchtú leictreastatach thintreach dhomhanda an t-aer go teochtaí plasma fad an chainéil díluchtaithe in achar gearr, de réir theoiric chinéiteach tagann méadú mear ar an mbrú ar mhóilíní gásacha agus leathnaíonn siad amach ón tintreach ag cruthú tonn turrainge a chloistear mar thoirneach.
Ós rud é gur ar fad chonair na tintrí a scaipeann na fuaimthonnta agus ní ó fhoinse phointe amháin, is féidir leis na hachair éagsúla atá foinse na fuaime ón mbreathnóir éifeacht rollach nó tormála a ghiniúint.
Gluaiseann solas ag thart ar 300,000,000 m/s. Gluaiseann torann tríd an aer ag thart ar 340 m/s. Bheadh scal tintrí a d’fheicfeá cúig soicind sula gcloisfeá an toirneach thart ar mhíle (1.6 km) (5×340 m) ó bhaile. Beidh plimp toirní le cloisteáil ag an am céanna le buille tintrí atá in aice láimhe agus d’fhéadfadh boladh ózóin a bheith uaidh freisin (O3).