Ár dtuiscint a fheabhsú ar chóras aeráide an Atlantaigh Thuaidh agus a éifeacht ar Éirinn

Tá Met Éireann agus taighdeoirí aeráide ó Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéil (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) le feabhas a chur ar ionsamhlú chóras aeráide an Atlantaigh Thuaidh agus a éifeacht ar Éirinn.

Leagadh sa tuarascáil is déanaí ó PIRAA (an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide) béim ar an ngá atá le “gníomhartha práinneacha agus níos uaillmhianaí a dhéanamh chun ár dtodhchaí a chinntiú”. Chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhú ar son na haeráide, tá Met Éireann, agus a chomhpháirtithe, ag déanamh forbairt ar ‘seirbhísí aeráide’ chun eolas aeráide a chur ar fáil d’fhonn cabhrú le cinnteoireacht aeráidíogair. Mar thacaíocht leis na seirbhísí seo, tá an tseirbhís mheitéareolaíoch náisiúnta ag forbairt tuisceana ar aeráid thodhchaíoch na hÉireann agus go háirithe na nithe atá taobh thiar di.

Is é córas Aigéan-Atmaisféar an Atlantaigh Thuaidh ceann de na príomhthionchair ar aeráid na hÉireann. Tá ról tábhachtach ag Aigéan an Atlantaigh Thuaidh maidir le haeráid na Cruinne a mhodhnú trí theas a ionsú, a scaoileadh agus a thabhairt ar fud an phláinéid. Tagraítear do na teochtaí dromchla farraige sin, atá ag athrú go mall, leis an téarma “Ascalú Ildeichbhliantúil Atlantach” (AIA) agus tá tionchar láidir acu ar aeráid na hÉireann. Spreagann athraithe i móid mhóra d’athraitheacht atmaisféarach, mar Ascalú an Atlantaigh Thuaidh (AAT), athraitheacht aeráide na hÉireann go mór freisin.

Chun tionchar chóras aeráide an Atlantaigh Thuaidh ar Éirinn a thuiscint níos fearr, tá Met Éireann ag dul i gcomhpháirtíocht le taighdeoirí aeráide ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh – Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéil (IÉRA) chun comhoibriú ar thionscadal ceithre bliana le feabhas a chur ar a chuid samhaltaithe, ag úsáid samhail úrscothach um chóras an Domhain de chuid EC-Earth.

 

Athrú teochta EC-Earth CMIP6 (℃) don bhliain 2100 le hais na tréimhse réamhthionsclaíche (1850-1900) faoi cheithre phríomhchonair TM6 ScenarioMIP de chuid PIRAA – Figiúr le caoinchead ó Paul Nolan.

Athrú teochta EC-Earth CMIP6 (℃) don bhliain 2100 le hais na tréimhse réamhthionsclaíche (1850-1900) faoi cheithre phríomhchonair TM6 ScenarioMIP de chuid PIRAA – Figiúr le caoinchead ó Paul Nolan.

D’fhorbair cuibhreannas uile-Eorpach EC-Earth. Tá Met Éireann ina phríomhpháirtí sa chuibhreannas sin. Dhá chomhpháirtí Éireannacha eile ná IÉRA agus UCD. Chuir ionsamhluithe aeráide domhanda a d’úsáid EC-Earth leis an tuarascáil AR6 WG ó PIRAA a foilsíodh in 2021. Tá an cuibhreannas tar éis tús a chur le déanaí le forbairt an chéad leagain eile den tsamhail, EC-Earth4, a úsáidfear chun eolas a dhéanamh don chéad tuarascáil mheasúnaithe PIRAA eile, AR7. Cuirfidh an tionscadal taighde seo leis an bhforbairt sin, go háirithe maidir le léiriú na samhla ar chóras Aigéan-Atmaisféir an Atlantaigh Thuaidh a fheabhsú.

Le húsáid EC-Earth4 in éineacht le raon de shamhlacha aeráide réigiúnacha, táirgfidh an tionscadal ionsamhluithe ardtaifigh d’aeráid thodhchaíoch na hÉireann. Cuirfidh sé seo ar chumas taighdeoirí staidéar a dhéanamh ar thionchar shamhlú feabhsaithe an Atlantaigh Thuaidh ar réamh-mheastacháin aeráide in Éirinn amach anseo ar leibhéal áitiúil. Déanfaidh na hionsamhluithe sin eolas do nuashonruithe ar an tionscadal TRANSLATE, tionscadal Met Éireann 2 bhliain atá idir lámha chun eolas aeráide na todhchaí a chaighdeánú in Éirinn.

Chuir an Dr. Saju Vaghese, Ceann Taighde Met Éireann, béim ar an bhfíric go bhfuil “aeráid na hÉireann á chinneadh ag tionchar an Atlantaigh Thuaidh. Dá bharr, tá tábhacht straitéiseach lenár gcumas samhaltú aeráide náisiúnta a thógáil sa réimse seo. Agus Éire ag cur tús le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, beidh gá le heolas aeráide logánaithe sonrach chun eolas a dhéanamh do chinnteoireacht aeráidíogair. Cinnteoidh an tionscadal seo go dtáirgfear an t-eolas aeráide sin ag úsáid samhaltú agus eolaíocht úrscothach um chóras an Domhain.”

Mhaígh an Dr. Paul Nolan, ceannaire tionscadail nuacheaptha an IÉRA, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an méid seo a leanas: “Rachaidh an fhoireann tionscadail i mbun plé leis an gCuibhreannas EC-Earth go minic agus cuirfidh sí le forbairt an chéad leagain eile de EC-Earth4 mar ullmhúchán do CMIP7, rud a dhéanfaidh, dá réir sin, eolas don chéad bhabhta eile de thuarascálacha AR7 PIRAA. Cuirfidh na hionsamhluithe a eascróidh as an obair sin réamh-mheastachán níos géire agus níos cruinne d’aeráid an domhain sa todhchaí ar fáil agus cuirfidh siad lenár dtuiscint, ní díreach ar an gcóras aeráide fisiceach, ach ar an tionchar aeráide ar an tsochaí. Déanfaidh an tionscadal eolas don pholasaí athraithe aeráide náisiúnta trí réamh-mheastacháin aeráide fheabhsaithe a sholáthar faoi raon cásanna astúcháin.”.

Tá an tionscadal maoinithe ag Clár Taighde Aimsire agus Aeráide Met Éireann a dhíríonn ar an gcumas i bpríomhréimsí taighde comhcheangailte leis an meitéareolaíocht, clíomeolaíocht agus hidreolaíocht a neartú agus a fhorbairt. Cuirfidh an t-aschur taighde ón gclár sin an fhianaise agus na huirlisí is gá ar fáil chun eolas a dhéanamh do bheartas agus gníomh an rialtais. Ag tógáil ar a ghníomhaíochtaí taighde inmheánacha, i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus ar a chomhpháirtíochtaí straitéiseacha le heagraíochtaí maoinithe taighde eile, tá Met Éireann bródúil as tacaíocht a thabhairt d’fhás an chumais náisiúnta trína shásraí maoinithe taighde féin.