Cuirtear béim sa tuarascáil is déanaí de chuid PIRAA (an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide) ar an bhfianaise láidir atá ann agus ar an ngá atá le gníomh láithreach. Is féidir linn astaíochtaí a laghdú faoina leath faoi 2030.
Foilsíodh an tríú mír den Séú Measúnú de chuid PIRAA, Athrú Aeráide 2022: Foilsíodh Maolú ar Athrú Aeráide, inniu ar an Luan an 4 Aibreán 2022 ag Grúpa Oibre III PIRAA. Leagtar amach sa tuarascáil “nach mbeidh sé indéanta téamh domhanda a theorannú go 1.5°C gan laghduithe láithreacha agus doimhne ar astaíochtaí i ngach earnáil. Tá níos mó fianaise ann de ghníomhú ar son na haeráide, áfach.”
Díríonn Grúpa Oibre III PIRAA ar mhaolú an athraithe aeráide, ag déanamh iniúchadh ar mhodhanna chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus gáis ceaptha teasa a bhaint ón atmaisféar.
“Tá uair na cinniúna buailte linn. Is féidir leis na cinntí a dhéanaimid anois todhchaí inmharthana a chinntiú. Tá na huirlisí agus an saineolas againn atá riachtanach chun téamh a theorannú,” a dúirt Cathaoirleach PIRAA, Hoesung Lee. “Cúis dóchais dom an gníomhú ar son na haeráide atá á dhéanamh in go leor tíortha. Tá beartais, rialacháin agus ionstraimí margaidh éifeachtacha ann. Má dhéantar iad seo a mhéadú agus a chur i bhfeidhm ar shlí níos leithne agus níos cothroime, is féidir leo laghdaithe ar astaíochtaí doimhne a thacú agus nuáil a spreagadh.”
Is é tuarascáil Ghrúpa Oibre III an tríú mír as trí de Thuarascálacha ar an Séú Measúnú de chuid PIRAA. Rinne an chéad tuarascáil, a foilsíodh i Lúnasa 2021, anailís ar eolaíocht fhisiceach an athraithe aeráide, agus rinne an dara tuarascáil, a foilsíodh i bhFeabhra 2022, anailís ar thionchair, oiriúnú agus leochaileacht na haeráide. Tabharfar na trí thuarascáil le chéile in achoimre Tuarascáil Sintéise níos déanaí sa bhliain, ag cur deireadh le cúrsa Séú Measúnú PIRAA.
Tá tuilleadh eolais ar an tuarascáil nuafhoilsithe de chuid Ghrúpa Oibre III ar an Séú Measúnú de chuid PIRAA ar fáil anseo.