Eoin Moran, as Éirinn, tofa mar chathaoirleach ar ghníomhaireacht satailítí meitéareolaíochta na hEorpa

Eoin-Moran

Eoin Moran, Director of Ireland’s national meteorological service, Met Éireann

Tá Eoin Moran, Stiúrthóir sheirbhís mheitéareolaíochta náisiúnta na hÉireann, Met Éireann, tar éis a bheith tofa ina chathaoirleach ar ghníomhaireacht satailítí meitéareolaíochta na hEorpa, EUMETSAT, ar feadh tréimhse dhá bhliain.

Rinne Comhairle EUMETSAT, comhairle de 30 ballstát, a chinneadh ag an 101ú cruinniú inniu.

Is í an chomhairle an comhlacht cinnteoireachta i gceannas in EUMETSAT, eagraíocht a rialaíonn satailítí meitéareolaíochta óna ceanncheathrú in Darmstadt sa Ghearmáin. Scaiptear na sonraí ó na satailítí sin ar na ballstáit chun na saoránaigh agus cinnteoirí a chur ar an eolas maidir le himeachtaí aimsire atá ag teacht aníos agus athruithe ar an aeráid

“Faoi dheireadh na bliana seo, seolfar an chéad satailít sa chéad ghlúin eile de shatailítí geochobhsaí EUMETSAT, An Tríú Glúin Meteosat. An bhliain seo chugainn, lainseálfar an chéad ghlúin eile de shatailítí fithise polaí”, a deir Ard-Stiúrthóir EUMETSAT Phil Evans.

“Is am iontach aistrithe é seo do EUMETSAT. Táim ag súil le hoibriú in éineacht le hEoin Moran ar na dúshláin atá romhainn.”

Deir Moran go dtabharfaidh an dá chóras satailíte nua sonraí aimsire agus aeráide ar chruinneas agus caighdeán nach bhfacthas cheana do sheirbhísí meitéareolaíochta náisiúnta i mballstáit EUMETSAT.

“Aidhm shimplí atá againn, .i. seirbhísí meitéareolaíochta a fheistiú leis na sonraí atá uathu chun réamh-mheastacháin aimsire níos cruinne a sholáthar agus cabhrú le saolta, bonneagar agus slite beatha a chosaint i rith rabhaidh luatha d’imeachtaí aimsire diana,” a deir Moran.

“Tá sé soiléir go bhfuil gá leis sin. Measann an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil go raibh imeachtaí aimsire agus imeachtaí bainteach leis an aeráid ina gcúis le caillteanais eacnamaíocha san LEE dar luach suas le €520 billiún idir 1980 agus 2020. Cailleadh suas le 145,000 saol thar an tréimhse chéanna.

“Tá ballstáit EUMETSAT ag ullmhú anois do na córais nua sin. Is onóir mhór é a bheith tofa mar chathaoirleach ar EUMETSAT ag an am seo, agus ár bpobail ag maireachtáil trí imeachtaí adhaimsire níos minice ná riamh de bharr an athraithe aeráide.”

Forbrófar freagrachtaí EUMETSAT sna blianta atá romhainn faoin gclár um fhaireachán ar an gcomhshaol Copernicus de chuid an Aontais Eorpaigh.

Tá Moran ina bhall de thoscaireacht na hÉireann go EUMETSAT ó 2016, agus ina leaschathaoirleach ar an gcomhairle ó 2018.

Tá sé ina Stiúrthóir ar Met Éireann ó 2016 agus ina bhall dá fhoireann ardbhainistíochta ó 2007. Tá sé ina bhall de Chomhairle Chomhairleach na hÉireann maidir le hAthrú Aeráide ó 2021.

Tá Moran ag dul in áit Gerard van der Steenhoven, ó Institiúid Mheitéareolaíochta Ríoga na hÍsiltíre (IMRÍ), mar chathaoirleach ar Chomhairle EUMETSAT. Bhí van der Steenhoven sa phost ar feadh ceithre bliana.

“Tá Gerard tar éis EUMETSAT a stiúradh le scil iontach tríd an gcéim forbartha dhúshlánach suas go dtí úsáid chórais na heagraíochta den chéad ghlúin eile”, a deir Moran.

“Gabhaim buíochas leis as a sheirbhís dhílis do EUMETSAT agus do mheitéareolaíocht shatailíte agus faireachán aeráide san Eoraip.”

Ag an gcruinniú céanna, toghadh Marianne Thyrring, Ard-Stiúrthóir Institiúid Mheitéareolaíochta na Danmhairge, mar leaschathaoirleach ar feadh tréimhse dhá bhliain.

Faoi EUMETSAT

Déanann EUMETSAT, gníomhaireacht mheitéareolaíochta satailíte na hEorpa, faireachán ar an aimsir agus ar an aeráid ón spás. Lonnaithe in Darmstadt sa Ghearmáin, cuireann EUMETSAT íomhánna agus sonraí meitéareolaíochta ar fáil dá 30 ballstát. Tá na híomhánna agus sonraí sin riachtanach lena bpobail a choimeád slán agus ar mhaithe le hearnálacha tábhachtacha a gcuid geilleagar.

Soláthraíonn ceithre shatailít Meteosat atá i bhfithis gheochobhsaí breathnóireacht leanúnach d’imeachtaí aimsire diana atá ag forbairt go tapa os cionn na hEorpa, na hAfraice agus an Aigéin Indiaigh. Soláthraíonn dhá shatailít fithise polaí Metop sonraí a bhfuil tábhacht riachtanach ag baint leo do réamhaisnéisí suas go 10 lá roimh ré. Seolfar an chéad satailít den chéad ghlúin eile sna córais sin in 2022 agus 2024, faoi seach.

Soláthraíonn cartlann bhreathnóireachtaí satailíte EUMETSAT thar os cionn 40 bliain sonraí fadtréimhseacha, aonchineálacha d’eolaithe aeráide. Tá na sonraí sin riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar an athrú aeráide.

Is príomhchomhpháirtí é EUMETSAT i gClár um Fhaire na Cruinne Copernicus de chuid an Aontais Eorpaigh. Feidhmíonn sé Sentinel-3 agus -6 Copernicus, misin bhreathnóireachta aigéin, agus feidhmeoidh sé an misean CO2M atá ag teacht aníos, faoina ndéanfar faireachán ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin. Cuirfidh EUMETSAT misin Seintinel-4 agus -5 Copernicus ar bord a shatailítí MTG agus Metop-SG féin. Cuirtear na sonraí ó na misin Sentinel sin, agus misin EUMETSAT féin, ar fáil do sheirbhísí aeráide, faireacháin ar an atmaisféar agus muirthimpeallachta Copernicus. Chomh maith leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis (GES) agus Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin, is comhpháirtí é EUMETSAT i dtogra DestinE an AE, a chruthaíonn leathchúpla digiteach de chóras iomlán na Cruinne.

In éineacht le NASA, NOAA, an AE, GES agus le tacaíocht ón nGníomhaireacht Fhrancach Spáis, CNES, is comhpháirtí é EUMETSAT i misin faireacháin aigéin Jason agus Copernicus, Sentinel-6.

Comhoibríonn EUMETSAT le gníomhaireachtaí ar fud an domhain, agus sonraí satailíte breise á bhfáil aige a mbaineann réamhaisnéis aimsire agus faireachán aeráide tairbhe astu.

Is iad seo a leanas 30 ballstát EUMETSAT: An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis, an Tuirc agus an Ríocht Aontaithe.