Tá móinéir ag Réadlann Dhairbhre arís

Chuir na faichí ag cuimhneamh sinn.

Ag tabhairt móinéir ar ais go dtí réadlann mheitéareolaíochta stairiúil.

Le Calum Sweeney agus Fiach Byrne, Tionscnamh LIVE le UCC.

Fíor 1. Teach na Coille Thiar ag Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre, geimhreadh, 2021. Thimpeallaigh faichí fairsinge bainte go slachtmhar é.

Fíor 1. Teach na Coille Thiar ag Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre, geimhreadh, 2021. Thimpeallaigh faichí fairsinge bainte go slachtmhar é.

Is í Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre an réadlann is faide siar in Éirinn de chuid Met Éireann (fíor 1). Tá obair dhochreidte déanta aici chun sinn a choimeád ar an eolas faoi athruithe comhshaoil – idir luas na gaoithe agus sheismeolaíocht – ónar bunaíodh ar Oileán Dhairbhre í sna 1860idí. I 1892, aistríodh go dtí an suíomh reatha atá aici anois í, ciliméadar siar ó Chathair Saidhbhín ar leithinis Uíbh Ráthaigh (fíor 2). Tá tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leis na sonraí réamhaisnéise aimsire a bhailítear ag an Réadlann, toisc gurb í an áit a bhuaileann aimsir an Atlantaigh Éire ar dtús. Suíomh 19 n-acra atá ann agus tá sé breac le foirgnimh ionstraimíochta aoldaite a sheasann amach i measc faichí fairsinge atá bainte go slachtmhar.

Fíor 2. Tá suíomh reatha Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre ar Leithinis Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí, marcáilte le dath dearg.

Fíor 2. Tá suíomh reatha Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre ar Leithinis Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí, marcáilte le dath dearg.

Ach is iad na faichí glasa sin a chur sinn ag cuimhneamh. Agus foireann LIVE ar chuairt ar an Réadlann in 2021 do chomhoibriú ar leith (Watching the seasons – ecomuseumlive.eu), d’aithin baill na foirne an cumas bithéagsúlachta a bhí ag féarthailte agus fálta sceach an tsuímh. Níor lig baint an fhéir shlachtmhar do phlandaí na bhféarthailte bláthú ná síolú, rud a theorannaigh an méid neachtair agus pailine a bhí ar fáil d’fheithidí le hithe.

Tar éis labhairt le foireann na réadlainne, d’fhoghlaimíomar go gcoimeádtaí na faichí seo mar mhóinéir fhéir (fíor 3). Suas go dtí na 1980idí, baineadh an féar chun beostoc áitiúil a chothú. Chun rith an tsuímh a shimpliú, scoireadh d’fhás an mhóinéir agus aistríodh an suíomh go faichí féarúla gearra. Ba fhorbairt shuimiúil a bhí ann foghlaim faoi sheanbhainistíocht an tsuímh agus spreag sé sinn chun na móinéir a thabhairt ar ais chuig an Réadlann arís. Bheadh athbhunú na móinéar go hiontach don bhithéagsúlacht. Thabharfadh sé ómós d’oidhreacht Réadlann Dhairbhre freisin agus dhéanadh sé éagsúlacht na mbláthanna fiáine atá dúchasach do Leithinis Uíbh Ráthaigh a cheiliúradh.

Fíor 4. Sampla den bhithéagsúlacht plandaí atá le fáil i suíomhanna cósta Uíbh Ráthaigh nuair a bhainistítear na féarthailte mar mhóinéir.Ní ach téama amháin é méadú na bithéagsúlachta ag úsáid móinéar as mórán téamaí atá á bplé ag tionscadal LIVE, tionscadal atá á chómhaoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhoibrithe na hÉireann agus na Breataine Bige.

An plean

Sa gheimhreadh 2021-2022, chuir an tionscadal LIVE plean gníomhaíochta bithéagsúlachta saincheaptha le chéile do Réadlann Dhairbhre bunaithe ar chomhráite leis an bhfoireann agus ag úsáid litríochta reatha, amhail na hacmhainní iontacha atá ar fáil ón Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta. Ba é cuspóir an phlean ná socrú ar ghníomhartha a dhéanfadh tairbhe do bhithéagsúlacht an cheantair ach nach gcuireadh isteach ar obair íogair na Réadlainne.

Fíor 5. Ag bualadh leis an bhFoireann ag Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre sa gheimhreadh 2021-2022 chun gníomhartha a phlé a d’fhéadfaí a dhéanamh chun bithéagsúlacht a chur chun cinn ar an suíomh.

Fíor 5. Ag bualadh leis an bhFoireann ag Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre sa gheimhreadh 2021-2022 chun gníomhartha a phlé a d’fhéadfaí a dhéanamh chun bithéagsúlacht a chur chun cinn ar an suíomh.

Fíor 6. Muisiriúin caidhpe céaraí, comhartha de mhóinéir a bhí ann cheana, mar a bhfacthas iad i rith suirbhéanna i mí na Nollag 2021.

Fíor 6. Muisiriúin caidhpe céaraí, comhartha de mhóinéir a bhí ann cheana, mar a bhfacthas iad i rith suirbhéanna i mí na Nollag 2021.

Rinneamar suirbhéireacht ar an suíomh ar dtús agus mhapálamar na gnáthóga a bhí i láthair chun ceantair a phiocadh amach ina bhféadfaí gníomhartha ar mhaithe le bithéagsúlacht a dhéanamh (fíor 7). I rith an chéad suirbhé ar an Réadlann, i mí Dheireadh Fómhair 2021, bhí líon Bumbóg agus Cuileog ag tabhairt cuairt ar bhláthanna deireanacha an tséasúir. Ba údar misnigh a tháinig ó chuairt i mí na Nollag ná gur aimsíodh muisiriúin éagsúla caidhpe céaraí dhearga agus bhuí (Hygrocybe spp.) ag fás ar roinnt de na faichí. Is comhartha maith iad na muisiriúin sin ar fhéarthailte atá íseal ar chothaithigh agus fásann siad go minic in áiteanna ina raibh móinéir ag fás cheana. Údar mór misnigh ab ea na geamanna sin.

Sa chéad chéim eile, thug foireann na Réadlainne aiseolas luachmhar dúinn, mar shampla, taispeánadh dúinn áiteanna ar gá an féar a choimeád gearr ar chúiseanna rochtana, .i. chun an balún a dhéanann faireachán ar an ózón a sheoladh go seachtainiúil.

Fíor 7. Mapa gnáthóige Réadlann Dhairbhre, 2021.

Fíor 7. Mapa gnáthóige Réadlann Dhairbhre, 2021.

 

Fíor 8. Ag seoladh an balún a dhéanann faireachán ar an ózón go seachtainiúil agus a ardaíonn suas go dtí an t-atmaisféar uachtarach. Tá féar gearr ag teastáil chun é seo a dhéanamh agus mar sin ní áit oiriúnach í i gcomhair móinéar.

Fíor 8. Ag seoladh an balún a dhéanann faireachán ar an ózón go seachtainiúil agus a ardaíonn suas go dtí an t-atmaisféar uachtarach. Tá féar gearr ag teastáil chun é seo a dhéanamh agus mar sin ní áit oiriúnach í i gcomhair móinéar.

Ag cur a gcomhairle san áireamh, chríochnaíomar an plean chun móinéir agus fálta sceach a chur chun cinn, ag tosú in earrach 2022. Déanfar cúig cheapach d’fhéarthalamh bainistithe a thriail mar mhóinéar. Is éard is ciall leis sin ná nach ngearrfar ná nach mbainfear fásra ach dhá uair sa bhliain féilire. Tá thart ar 4 acra de mhóinéir á dtriail.

Chomh maith leis sin, déanfar roinnt mhaith d’fhálta sceach an tsuímh a bhainistiú ar shlí atá tairbheach don fhiadhúlra trí mhinicíocht an tsuaite a laghdú. Tá an cumas ann freisin athnuachan a dhéanamh ar fhálta sceach ar leith trí chrainn dhúchasacha, amhail an sceach gheal, an draighean dubh, nó cuileann, a chur sna bearnaí atá tar éis forbairt.

Fíor 9. Mapa críochnaithe de na háiteanna a mbeifear ag cur gníomhartha i bhfeidhm ag Réadlann Dhairbhre i rith 2022.

Fíor 9. Mapa críochnaithe de na háiteanna a mbeifear ag cur gníomhartha i bhfeidhm ag Réadlann Dhairbhre i rith 2022.

Suirbhé éin ag Réadlann Dhairbhre

I mí na Nollag 2021, taifeadadh 15 speiceas éin ag an Réadlann agus ag an gceantar in aice láimhe. Áirítear iad seo a leanas ar na héin sin: lapairí [an Crotach, an Roilleach, an Chorr Réisc], éin ceoil (an Druid, an Lon Dubh, an Lasair Choille, an Glasán Darach, an Spideog, an Riabhóg Mhóna, an Gealbhan Binne, an Ghlasóg Shráide], préacháin [an Rúcach, an Cág, an Charóg Liath, an Cág Cosdearg]. Thug baill na foirne faoi deara go dtagann an Pocaire Gaoithe go dtí an suíomh go minic freisin.

Conas móinéar a dhéanamh

Is próiseas simplí é móinéar a dhéanamh. Go bunúsach, ní bhaintear an féar chomh minic sin agus nuair a bhaintear é, tógtar na gearrtháin amach. Déantar bearradh féir go déanach san earrach agus go luath san fhómhar de ghnáth. Nuair a laghdaítear minicíocht an bhearrtha féir go dtí dhá nó trí huaire sa bhliain, ligtear do bhláthanna fiáine bláthú agus síol a chur – ag críochnú a saolré agus ag cur bia agus dídean ar fáil d’fheithidí atá ag pailniú. Laghdaítear cothaithigh na hithreach nuair a bhaintear gearrtháin. Cothaíonn féarthailte atá íseal ar chothaithigh éagsúlacht plandaí níos fearr níos minice ná mar a dhéanann féarthailte atá ard ar chothaithigh. Tarlaíonn sé sin toisc go bhfásann cúpla speiceas féir go tréan i bhféarthailte atá ard ar chothaithigh agus ní thugann siad spás do phlandaí nach bhfuil chomh hiomaíoch. Cuirfear moill ar fhás an fhéir de bharr go bhfuil na cothaithigh sna féarthailte laghdaithe agus fásfaidh líon níos mó plandaí a bhláthóidh.

Is féidir le móinéir a bheith ar aon mhéid, chomh beag le cúpla méadar cearnach nó chomh mór le gort iomlán.

Is físeán iontach é seo a chuireann síos níos mó ar conas móinéar a chruthú.

Buntáistí na móinéar

  • Cosnaíonn móinéir bithéagsúlacht agus cuireann siad chun cinn í.
  • Laghdaíonn teagmháil le móinéir brú fola.
  • Is féidir spásanna móinéir a úsáid chun oideachas a chur ar dhaoine maidir le raon fadhbanna.
  • Is féidir le síol an bhlátha fhiáin >200euro/kg a bhaint amach agus is féidir féar tirim gearrtha a úsáid mar bhia cothaitheach do bheostoc.
  • Cabhraíonn athraitheacht dhoimhneacht fréimhe de speicis an mhóinéir le seasmhacht i gcoinne athrú aeráide a thógáil toisc go bhfeabhsaítear draenáil i rith imeachtaí tuile agus go gcuirtear cosc le díhiodráitiú i bplandaí i rith triomaigh.
  • Ceapadh carbóin: stóráiltear níos mó carbóin i bhféarthailte le bithéagsúlacht níos airde ná mar a dhéantar iontu siúd le bithéagsúlacht níos ísle
Fíor 10. Ag caint leis an bhfoireann agus an móinéar a bhunú, 2022. Tabhair faoi deara na háiteanna le féar gearr agus na háiteanna le móinéar trialach ar féidir leo fás gan srian.

Fíor 10. Ag caint leis an bhfoireann agus an móinéar a bhunú, 2022. Tabhair faoi deara na háiteanna le féar gearr agus na háiteanna le móinéar trialach ar féidir leo fás gan srian.

Saintréithe an tsuímh

Is suíomh spreagúil é seo toisc go bhfuil meascán de cheantair le torthúlacht ard agus íseal ann agus páirteanna a bhfuil taise agus fothain éagsúla ag baint leo. Síneann an suíomh síos chomh fada leis an gcladach agus, mar sin, tá tionchar ag an bhfarraige agus an fiadhúlra a thagann léi air. Is féidir rónta a fheiceáil ón suíomh. Agus sinn ag suirbhéireacht, thángamar ar chreatlach róin ar an bhfaiche, áit atá móinéir ag fás anois. Cuirfidh na tionchair timpeallachta sin pobail plandaí agus ainmhithe éagsúla chun cinn agus spreagfaidh siad an bhithéagsúlacht ar an iomlán.

Fíor 11. Is pictiúr é seo den mhóinéar is lú as cúig mhóinéar, marcáilte le dath dearg i bhfíor 9. Tabhair an chodarsnacht i bhfad an fhéir faoi deara. I gcaitheamh an tsamhraidh, feicimid flúirse agus éagsúlacht níos mó i mbláthanna an mhóinéir (an féar níos faide) agus fanfaidh an fhaiche ghearrtha mar an gcéanna den chuid is mó.

Fíor 11. Is pictiúr é seo den mhóinéar is lú as cúig mhóinéar, marcáilte le dath dearg i bhfíor 9. Tabhair an chodarsnacht i bhfad an fhéir faoi deara. I gcaitheamh an tsamhraidh, feicimid flúirse agus éagsúlacht níos mó i mbláthanna an mhóinéir (an féar níos faide) agus fanfaidh an fhaiche ghearrtha mar an gcéanna den chuid is mó.

An t-eolas is déanaí suas go dtí seo

Tá obair tar éis tosú ar mhóinéir na Réadlainne. Rinneadh iad a bhaint den chéad uair i mbliana i mí Márta. Tá móinéir ag tabhairt an deis do phlandaí bláthú go hiomlán agus síol a chur, seachas a bheith gearrtha síos nuair nach bhfuil siad ach cúpla orlach ar airde. Go dtí seo, táimid tar éis bláthú flúirseach a fheiceáil laistigh de na ceantair ina bhfuil móinéar trialach. I measc na bplandaí sin tá Lus an Treacha, an Biolar Gréagáin agus Féar Cumhra, chomh maith le Caim an Ime, Caisearbháin, Seamra agus Croibh atá ar fud na háite.

Thosaigh an Magairlín ag fás sna móinéir go luath i mí Bealtaine. Tá 20-30 planda aonair ann faoi láthair agus feictear iad ag fás sna móinéir amháin, seachas cúpla planda aonair a d’éalaigh ó lanna an lomaire. Is dócha go bhfuil siad sna faichí freisin ach nach bhfuil an deis acu bláthú. Go dtí seo i mbliana, chonacthas an Bhumbóg Charda Choiteann, an Bhumbóg Earrbhán agus an Bhumbóg Gharraí Bheag ag Réadlann Dhairbhre, agus deir an fhoireann go raibh na feithidí flúirseach go ginearálta.

Beidh ról tábhachtach ag na fálta sceach sa phlean bithéagsúlachta freisin, agus iad ag tacú leis na céadta speiceas plandaí, ainmhithe agus fungas. Is acmhainn iontach eile í an chrannlann, a óstálann roinnt cineálacha crann dúchasach a thugann tacaíocht do roinnt mhaith léicean, caonach agus feithidí.

Fíor 12. Lá na bithéagsúlachta ag Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre. Déanann foireann LIVE tionscadal na móinéar a mhíniú do bhaill an phobail áitiúil. Glacann daoine áitiúla páirt i suirbhéanna bithéagsúlachta ar an suíomh. Ár mbuíochas libh, Linda Lyne agus Aoibheann Lambe, as na pictiúir iontacha seo!

Fíor 12. Lá na bithéagsúlachta ag Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre. Déanann foireann LIVE tionscadal na móinéar a mhíniú do bhaill an phobail áitiúil. Glacann daoine áitiúla páirt i suirbhéanna bithéagsúlachta ar an suíomh. Ár mbuíochas libh, Linda Lyne agus Aoibheann Lambe, as na pictiúir iontacha seo!

Fíor 13. Ag cur mheánmhéid na speiceas i láthair agus na speiceas atá ag bláthú sna faichí i gcomparáid leis an meánmhéid sa mhóinéar nuabhunaithe ag Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre i mí Bealtaine 2022. Rinneadh ocht suirbhé cuadraí randamaithe 1m2 (ceithre shuirbhé i ngach cineál féarthalaimh). Míle buíochas leis an bhfoireann dheonach a chabhraigh leis seo!

Fíor 13. Ag cur mheánmhéid na speiceas i láthair agus na speiceas atá ag bláthú sna faichí i gcomparáid leis an meánmhéid sa mhóinéar nuabhunaithe ag Réadlann Mheitéareolaíochta Dhairbhre i mí Bealtaine 2022. Rinneadh ocht suirbhé cuadraí randamaithe 1m2 (ceithre shuirbhé i ngach cineál féarthalaimh). Míle buíochas leis an bhfoireann dheonach a chabhraigh leis seo!

I rith imeacht rannpháirtíochta poiblí i mí Bealtaine, rinne foireann LIVE agus an pobal áitiúil suirbhéireacht ar speicis plandaí a bhí sna móinéir agus sna faichí (Fíor 12). Toisc nach bhfuil na móinéir ann ach ar feadh dhá mhí, ní rabhamar ag súil le mórán difríocht a fheiceáil idir líon iomlán na speiceas i láthair sna móinéir agus sna faichí, ach d’aimsíomar fós go raibh thart ar 25% níos mó speiceas sna móinéir (Fíor 13). An rud ba shuntasaí, áfach, ná go raibh i bhfad níos mó ná dhá oiread an lín speiceas ag bláthú sna móinéir ná mar a bhí sna faichí. Is buntáiste láithreach do na plandaí agus feithidí atá ag pailniú é an méadú ar an méid bláthaithe a fheictear nuair a aistrítear ó fhaiche go móinéar. Chonacthas trí speiceas bumbóige i rith an imeachta seo, chomh maith le 17 speiceas éin!

Tá mórán le bheith ag súil leis i rith an earraigh agus an tsamhraidh agus na móinéir ag déanamh dul chun cinn. Beidh foireann LIVE agus foireann na Réadlainne ag coimeád súil ghéar ar na pobail plandaí a fhásann, chomh maith leis na feithidí agus na héin a mheallann gnáthóg nua na Réadlainne. Tá tionscadal LIVE ag súil le himeachtaí rialta a bheith aige sna móinéir agus sinn ag gluaiseacht ar aghaidh. Coimeád súil ar an leathanach imeachtaí.

Bíonn daoine an-tógtha le móinéir toisc an fhorbairt a dhéanann siad thar am, thar cúpla séasúr nó thar na blianta – agus an t-ualach cothaithigh ag laghdú agus ag laghdú – agus speicis nua agus b’fhéidir neamhchoitianta ag teacht.