Is galar plandaí í dúchan na bprátaí atá cruthaithe ag orgánach cosúil le fungas arna dtugtar Phytophthora infestans. D’fhéadfaí a rá gurb é an galar is tábhachtaí ó thaobh na bprátaí é toisc go gcruthaíonn sé cailleadh eacnamaíoch agus toisc tionchar comhshaoil bhainistíocht an ghalair in Éirinn. Tá tábhacht ar leith ag baint le dúchan in Éirinn tar éis dó barr na bprátaí a dhíothú sna 1840idí, rud a thug, in éineacht le gnéithe coilíneacha eile, gorta, eisimirce agus bás forleathan go dtí an tír.
Leathann pataigin dhúchan na bprátaí go tapa i mbogradh i measc dhuilliúr na bprátaí agus na dtrátaí; lobhann an duilliúr agus ionfhabhtaítear na bprátaí/na dtrátaí dá bharr. De bharr spleáchas na pataigine ar dhálaí aimsire, rinneadh roinnt modhanna réamhaisnéise a fhorbairt chun cabhair a thabhairt d’fheirmeoirí cinntí a dhéanamh agus an méid fuingicíde atá riachtanach chun an galar a smachtú a laghdú.
Go dtí le déanaí, baineadh úsáid as na Rialacha Éireannacha chun dúchan a thuar in Éirinn. D’fhorbair Austin Bourke ó Met Éireann an modh sin sna 1950idí, agus rinneadh é a chalabrú bunaithe ar thuairisciú gann na stáisiún meitéareolaíoch ag an am, agus braistint riosca níos ísle na saothróirí.
Rialacha Éireannacha Nua
Ó shin i leith, tá córais táirgthe prátaí tar éis athrú go mór, mar aon leis an tuiscint atá againn ar fhorbairt na pataigine agus a gaol le cúrsaí meitéareolaíocha. Fuair staidéir allamuigh, a d’fhiosraigh tarlú na dúchana faoi dhálaí aimsire éagsúla, amach nach raibh na Rialacha Éireannacha chomh cruinn is a bhféadfaidís a bheith. Bhí an tseansamhail thar a bheith coimeádach, níor chuir sí briseadh amach na ráige san áireamh agus theip uirthi rabhadh a thabhairt ar ráigeanna na dúchana nuair a tharla siad. De bharr na lochtanna sin, rinneadh an tsamhail a nuashonrú chun an eolaíocht is déanaí a chur san áireamh.
Déanann an modh nua tairseach na bogthaise coibhneasta a laghdú ó 90% go 88% agus an tréimhse thosaigh (spórú) a laghdú ó 12 uair an chloig go 10 n-uair an chloig. Thaispeáin an anailís freisin go bhféadfaí na tairseacha teochta d’eipidéimí dúchana a athrú ó 10°C go 12°C. Cé go bhfuil an meastachán riosca tar éis méadú i gcomparáid leis na rialacha roimhe seo, meastar go bhfuil úsáid na gceimiceach níos lú i gcomparáid le cleachtas caighdeánach an tsaothróra. Glaoitear na Rialacha Éireannacha Nua ar an modheolaíocht nua.
Léiríonn trialacha allamuigh déanta ag Teagasc gur féidir leis na Rialacha Éireannacha Nua líon iomlán na bhfuingicídí a úsáidtear a laghdú go mór agus an galar á smachtú.
Mapaí Réamhaisnéise Spásúla
Tá Met Éireann tar éis na Rialacha Éireannacha Nua a chur i bhfeidhm lenár gcórais réamhaisnéise nua chun mapaí réamhaisnéise spásúla 3 lá, 4 lá agus 5 lá a chur ar fáil d’oileán na hÉireann. Léiríonn na mapaí seo riosca na dúchana ag 5 leibhéal riosca dhifriúla bunaithe ar na huaireanta dúchana éifeachtúla (UDÉ): An-íseal (0-3 UDÉ), Íseal (4-8 UDÉ), Measartha (7-9 UDÉ), Ard (10-12 UDÉ) and An-ard (>12 UDÉ).
Táthar ag súil gur féidir le saothróirí na mapaí sin a úsáid ar scálaí móra agus beaga chun cosaint a gcuid barr a chinntiú chomh mór agus is féidir trí spraeáil ag na hamanna barrmhaithe, agus spraeáil neamhriachtanach á laghdú freisin. Sábhálfar am agus airgead leis sin, agus cosnófar an comhshaol.
Réamhaisnéisí Pointí Breactha Amshraitheanna Mionsonraithe ag Áiteanna Ionadaíocha
Chomh maith leis na mapaí sin, cuireann Met Éireann Meitéagraim Dúchana ar fáil do roinnt mhaith ceantar ar fud na hÉireann. Léiríonn na meitéagraim sin Bogthaise Choibhneasta, Teocht, Titim Báistí agus Uaireanta Dúchana Éifeachtúla thar am, ag ligean do shaothróirí forbairt na dúchana agus an pointe ag a stopann dálaí na dúchana a fheiceáil.
Ba cheart do shaothróirí na mapaí réamhaisnéise agus na meitéagraim araon a úsáid chun íomhá iomlán a fháil ar dhálaí dúchana, agus ba cheart dóibh seiceáil go laethúil chun na sonraí réamhaisnéise is déanaí a fháil agus chun a fheiceáil má tá aon athrú ar chúrsaí dúchana.
Is féidir leat réamhaisnéis nua na dúchana a fheiceáil ar ár suíomh anseo.