Tá Met Éireann an-sásta nuashonrú ar dhearadh agus stíl leathanach baile an tsuímh gréasáin a sheoladh ag www.met.ie chomh maith le réamhaisnéisí nua gach uair an chloig a chur leis.
Nuacht?
- Athdhearadh ar an leathanach baile leis an íomhá shatailíte ardtaifigh infheicthe ‘scamaill’ is déanaí d’Éirinn ar ríomhaire deisce, agus í infridhearg istoíche
- Eispéireas feabhsaithe ar an bhfón póca, go háirithe le féachaint ar réamhaisnéis na haimsire gach uair an chloig agus íomhá lántíre ar an radar titime báistí
- Tá réamhaisnéisí nua curtha lenár réamhaisnéis áitiúil gach uair an chloig – uaireanta an chloig Éirí na Gréine agus Luí na Gréine, Seans (%) de fhrasaíocht gach uair, Séideán, teocht ‘Braitheann sé ar nós’, Bogthaise, teocht Drúchtphointe agus Brú meánleibhéil mara – le rogha mhéadaithe chun níos mó nó níos lú eolais a fheiceáil.
- Tapáil aon cheann de na laethanta chun léim chuig an réamhaisnéis sin. Téann an réamhaisnéis gach uair an chloig 10 lá ar aghaidh anois!
- Taispeánann painéil Réamhaisnéise laethúla uasteocht agus íosteocht a thuartar don lá os ár gcomhair agus céim na gealaí (ríomhaire deisce amháin)
- Tá ár Mapaí Aimsire lánmhéide ar fáil ar a leathanach féin, le leaganacha níos lú ar an leathanach baile
Tá a fhios againn go bhféachann níos mó ná 70% díobh ar ár suíomh ar an bhfón póca, mar sin, in éineacht lenár bhforbróirí gréasáin, táimid tar éis oibriú ar dhearadh nua chun léiriú na seirbhísí suímh gréasáin is mó a bhfuil tóir orthu a fheabhsú.
Chun níos mó a fhoghlaim faoi na nuashonruithe go léir, téigh chuig Réamhaisnéis á Mhíniú.
Tá sé i gceist againn na réamhaisnéisí breise nua a thabhairt chuig aip Met Éireann níos déanaí sa bhliain.