About the NFCS

Scéal CNSA na hÉireann:

NFCS logo

Lean bunú an Chreata Náisiúnta um Sheirbhísí Aeráide in Éirinn cur chuige ísealriosca, ach ardtionchair “tionscadal ar dtús” chun tuiscint a fháil ar ábharthacht náisiúnta cur chuige chomhordaithe i leith seirbhísí aeráide agus ar an bhfonn náisiúnta dó. In ionad tosú le Creat Náisiúnta um Sheirbhísí Aeráide, agus gan a bheith cinnte faoin tsuim a bheadh ann nó faoin luach a bheadh leis, thug an cur chuige “tionscadal ar dtús” sin deis do Met Éireann páirtithe leasmhara ábhartha a aithint, rannpháirtíocht a mheas agus fadhbanna féideartha a aimsiú. Ós rud é go mbíonn tionscadail faoi cheangal ama, ba mhodh ísealriosca é sin chun an fonn a dhéanamh amach go dtiocfaí ar réiteach náisiúnta níos buaine ar chomhroinnt faisnéise aeráide.

In 2019, tar éis fhoilsiú an Phlean Náisiúnta Oiriúnaithe agus moltaí ó Chomhairle Chomhairleach na hÉireann um Athrú Aeráide, bhí riachtanas nach bhfacthas cheana ann maidir le faisnéis inrochtana aeráide le haghaidh oiriúnú. Ag an am sin, bhí tírdhreach sheirbhísí aeráide na hÉireann scoilte, agus forbraíodh faisnéis aeráide d’Éirinn ar bhonn ad hoc, ó thionscadal go tionscadal. Chonaic Met Éireann gur ghá sraith choiteann réamh-mheastacháin aeráide a fhorbairt chun cabhrú leis an tsochaí in Éirinn an teanga aeráide chéanna a labhairt. As sin a d’eascair gairm thaighde náisiúnta (chun cumas náisiúnta a thógáil) ó Met Éireann, agus in 2021 bunaíodh an tionscadal TRANSLATE. Ba é TRANSLATE an síol ba chúis le bunú an chreata náisiúnta bhuain sin um sheirbhísí aeráide.

Tá comhoibriú agus comhtháirgeadh náisiúnta sonraí agus seirbhísí lárnach d’éiteas TRANSLATE. Príomhdhúshlán a bhain leis an tionscadal sin ab ea pobal eolaíochta agus seirbhísí aeráide uile na hÉireann a thabhairt le chéile chun cur chuige comhoibríoch a ghlacadh. In áit a bheith ag obair as a stuaim féin, agus a sheasamh mar an tSeirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta á úsáid aige, eagraíocht a dhruideann an bhearna comhéadain eolaíochta-beartais-úsáideora go nádúrtha, thug Met Éireann an pobal náisiúnta le chéile faoi bhratach TRANSLATE. Chinntigh Met Éireann gur phríomhpháirtithe leasmhara ar fud thírdhreach eolaíochta-beartais-úsáideora a bhí ar an gcoiste stiúrtha nach ndearna ionadaíocht orthu laistigh den fhoireann tionscadail, amhail acadóirí, ranna agus institiúidí rialtais, earnálacha stáit agus leathstáit, earnálacha príobháideacha, agus údaráis áitiúla chomh maith le saineolaithe idirnáisiúnta – a mbeadh gá leo go léir faoi chreat náisiúnta. Bhí an cur chuige “uile-Éireann” sin chomh héifeachtach sin gur bunaíodh Creat Náisiúnta buan um Sheirbhísí Aeráide dá bharr.

Tar éis athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar dhea-chleachtas seirbhísí aeráide idirnáisiúnta agus ceardlann náisiúnta rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara aeráide (arna heagrú ag TRANSLATE) i mí Iúil 2021, aontaíodh faomhadh foirmiúil a lorg ón rialtas chun sásra níos buaine a bhunú chun seirbhísí aeráide a chomhordú. In 2022, cuireadh páipéar a mhol go mbunófaí an CNSA, faoi stiúir Met Éireann i gcomhar le pobal TRANSLATE, faoi bhráid an Bhoird Náisiúnta Bainistíochta (cinn na n-institiúidí náisiúnta) lena fhaomhadh. Nuair a aontaíodh é, cuireadh meamram os comhair na comh-aireachta, agus daingníodh é. I mí an Mheithimh 2022, thug an Rialtas sainordú go mbunófaí Creat Náisiúnta um Sheirbhísí Aeráide d’Éirinn, faoi cheannaireacht Met Éireann, a áiríodh ina dhiaidh sin le gníomhartha Phlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide (PGA).

 

NFCS timeline from 2019 to 2023

 

Ag tógáil ar neart TRANSLATE agus bunaithe ar rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus ar riachtanais an phobail úsáideoirí in Éirinn, moladh agus aontaíodh struchtúr rialachais. Tá trí phríomh-chomhpháirt ann, sraith rialachais, sraith úsáideora agus sraith forbartha:

  • Cuimsíonn an tsraith Rialachais Coiste Comhordúcháin nó grúpa stiúrtha chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an CNSA agus chun cur chuige “uile-Rialtais” a chinntiú. Tá ionadaithe ó phríomh-Ranna Rialtais, príomhghníomhaireachtaí stáit agus údaráis áitiúla chomh maith le hionadaithe ó na sraitheanna Forbartha agus Úsáideoirí air.
  • Tríd an tsraith úsáideoirí, téitear i dteagmháil go héifeachtach le gach úsáideoir faisnéise aeráide agus le hionadaithe ó chinnteoirí uile na hÉireann a bhaineann leis an aeráid chun a gcuid riachtanas a fháil amach.
  • Is é an tsraith Forbartha príomhcholún oibríochtúil an CNSA, agus comhordaítear forbairt seirbhísí aeráide i measc páirtithe leasmhara náisiúnta tríd.li>

I mí an Mheithimh 2023, d’iarr an Rialtas go foirmiúil ar bhaill an ghrúpa stiúrtha páirt a ghlacadh sa CNSA, agus, ina dhiaidh sin, aontaíodh straitéis agus téarmaí tagartha an CNSA agus glacadh leo, agus seoladh an Creat Náisiúnta um Sheirbhísí Aeráide faoi chathaoirleacht Met Éireann.

Send a mail to nfcs@met.ie