Tosaíonn réamhaisnéis phailine agus Innéacs UV 2022 inniu

Is é inniu tús an tséasúir pailine agus Innéacs UV. Cuireann Met Éireann réamhaisnéis ar fáil do na trí lá amach romhainn agus bíonn sí ar fáil ar ár suíomh agus ar an aip.

Réamhaisnéis Phailine

Táimid ag súil go mbeidh séasúr na pailine beithe meánach nó mar sin de i mbliana, ag tosú sa tseachtain dheireanach i mí an Mhárta in oirdheisceart na tíre, agus ag scaipeadh go dtí an tuaiscirt faoi thús mhí Aibreáin. Leanfaidh an buaic-am chomh déanach le deireadh mhí Aibreáin, le hardriosca ar laethanta tirime, grianmhara, go háirithe in oirthear na tíre.

Tarlóidh an séasúr pailine fuinseoige ag an am céanna leis an séasúr pailine beithe, agus beidh riosca measartha ann, i gceantair san oirthear den chuid is mó arís. I mbliana, tarlóidh an séasúr pailine darach i lár Aibreáin agus lár na Bealtaine.

Tosóidh séasúr na pailine féir thart ar lár mhí na Bealtaine, leis an mbuaic-am ag titim sa dá sheachtain lárnacha i mí an Mheithimh.

Tá an Réamhaisnéis Phailine ar fáil ar na Réamhaisnéisí Réigiúnacha ar ár suíomh gréasáin agus aip agus tá sí á cur ar fáil ag Ollscoil Worcester, an Ríocht Aontaithe. Sa réamhaisnéis 3 lá seo clúdaítear an lá inniu, an lá amárach agus an lá ina dhiaidh sin, agus tá riosca Íseal, Measartha nó Ard i ngach réigiún. Tá na réamhaisnéisí réigiúnacha ar fáil ón Roghchlár Réamhaisnéise ar ár suíomh, mar shampla anseo atá Cúige Laighean, nó ar an aip ach ceantar sa réigiún sin a chuardach.

Innéacs UV Gréine

Tá an tInnéacs UV Gréine laethúil ar fáil sna Réamhaisnéisí Réigiúnacha go dtí deireadh mhí Lúnasa, le sonraí faighte ag Deutscher Wetterdienst.

Agus sinn ag dul tríd an earrach agus an ghrian níos airde sa spéir, éiríonn solas na gréine níos láidre agus bíonn an cumas ag gathanna ultraivialait díobhálacha damáiste a dhéanamh do chraiceann. B’fhéidir go mbeadh iontas ar dhaoine go ndódh an ghrian iad go luath i mí Aibreáin, ach ba cheart a chuimhneamh go bhfuil an ghrian chomh láidir in Éirinn i mí Aibreáin is atá sí i mí Lúnasa. Tá solas na gréine chomh láidir is a bheidh sé i rith ghrianstad an tsamhraidh i mí an Mheithimh, agus tá sí chomh láidir i mí na Bealtaine is atá sí i mí Iúil, agus chomh láidir i mí Aibreáin is atá sí i mí Lúnasa, agus mar sin de. Mar sin, cé nach bhfuil sé chomh te i mí Aibreáin is atá sé i mí Lúnasa, seans, tá an ghrian chomh láidir céanna, agus dófar thú fós agus tú sa ghrian.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil an poll ózóin thar an Artach níos mó agus níos díobhálaí ag deireadh an gheimhridh agus i rith an earraigh, rud a scaoileann gathanna UV níos díobhálaí chun an dromchla. Tá níos mó eolais air sin agus ar an seal triomaigh le déanaí sa nuashonrú is déanaí ar an Tráchtaireacht Meitéareolaí atá againn agus sa Tuarascáil ar an Aeráid.

Tá níos mó eolais ar an leathanach Innéacs UV maidir le conas tú féin a chosaint i rith mhíonna an earraigh agus i rith an tsamhraidh, chomh maith leis an tomhas ó cheann de na Speictreafótaiméadair Brewer againn (trealamh a thomhaiseann an t-ózón, agus a ríomhann an leibhéal UV).

Source: HealthyIreland.  SunSmart UV Index

Source: HealthyIreland. SunSmart UV Index