Leanfaidh an aimsir luaineach an tseachtain seo tar éis Stoirm Eunice

Leanfaidh an aimsir ghaofar le ceathanna geimhriúla ar an Aoine tar éis Stoirm Eunice, agus leanfaidh an aimsir luaineach seo thar an deireadh seachtaine le níos mó tréimhsí gaotha láidre agus báisteach throm.

Thug Stoirm Eunice gaotha fórsa hairicín diana dochracha léi ar fud iardheiscirt na hÉireann ar maidin, le séideáin gaoithe 137 km/u ar taifead ag Rinn an Róistigh, Contae Chorcaí. Leanfaidh na dálaí aimsire gaofara ar fud na hÉireann inniu le rabhadh gaoithe buí ann go dtí 1800 tráthnóna.

 

Tá tuairisc á déanamh de ghearradh cumhachta forleathan, crainn leagtha agus tuilte cósta i mórán ceantar ar fud na tíre.  Thug titim sneachta throm i gceantair in iarthuaisceart na hÉireann dálaí tiomána dúshlánacha léi.

Tá an méid seo a leanas le rá ag meitéareolaí Met Éireann, Matthew Martin: “Agus Stoirm Eunice ag gluaiseacht léi as Éirinn tráthnóna tabharfaidh sí na gaotha fíorláidre léi. Beidh sé gaofar fós ar fud na hÉireann, áfach, go dtí luath sa tráthnóna. Feicimid ceathanna geimhriúla de chloichshneachta agus sneachta ag teacht inár dtreo inniu agus thar oíche, rud a thabharfaidh dálaí tiomána deacra leis in áiteanna ina mbeidh oighear.”

Tá rabhadh sneachta agus oighir buí ann ar fud na hÉireann go dtí 1000 maidin Shatharn, agus d’eisigh an Oifig Mheitéareolaíochta rabhaidh sneachta agus oighir do Thuaisceart na hÉireann freisin.

Ag déanamh trácht ar an réamhaisnéis don deireadh seachtaine, lean an meitéareolaí Matthew Martin leis an méid seo a leanas: “Leanfaidh leis an aimsir luaineach sa deireadh seachtaine agus luath an tseachtain seo chugainn agus scairdsruth gníomhach ag stiúradh frontaí aimsire Atlantacha inár dtreo.”

“Leanfaidh an aimsir de bheith gaofar go maith ar an Satharn le níos mó tréimhsí báistí agus roinnt flichshneachta agus sneachta ar maidin. Beidh lá gaofar eile ann ar an Domhnach le tuilte áitiúla in áiteanna mar thoradh ar níos mó aimsir fhliuch, agus gaotha ag piocadh suas beagáinín eile oíche Dé Domhnaigh.”

Tá rabhadh báistí buí ann i nDún na nGall, Liatroim, Maigh Eo agus Sligeach ar an Satharn ag 1600 go dtí an Domhnach ag 1600. Tá seans ann go n-eiseofar níos mó rabhadh thar an deireadh seachtaine agus tá Met Éireann ag moladh do dhaoine súil ghéar a choimeád ar na réamhaisnéisí agus rabhaidh aimsire thar an deireadh seachtaine.

Chun an réamhaisnéis is cruinne agus suas chun dáta do do cheantar ar oileán na hÉireann a fháil, téigh chuig met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh is déanaí d’Éireann ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus níos mó ar fáil ar an aip saor in aisce – ar fáil ar App Store don iPhone, agus ó Play Store do ghutháin Android.