Podchraoladh Stair na hÉireann – Stair Réamhaisnéis na hAimsire

Cuirtear Evelyn Cusack agus Noel Fitzpatrick faoi agallamh san eipeasóid is déanaí de Phodchraoladh Stair na hÉireann, áit a labhraíonn siad faoi stair na haimsire in Éirinn – Ón nGráinseach Nua go D-Day: Stair Réamhaisnéis na hAimsire

I measc nithe eile, pléann siad bunús na meitéareolaíochta, ról stairiúil na hÉireann sa tuiscint atá againn ar ár n-aimsir, ceangal aimsire na hÉireann le D-Day, agus cad atá i ndán don bhreathnóireacht agus do thuar na haimsire agus na haeráide. Ar fáil pé áit a fhaigheann tú do phodchraoltaí.

Má thaitníonn sé sin leat, bí cinnte The Met Éireann Podcast a sheiceáil freisin – podchraoladh a chuireann Noel Fitzpatrick agus Liz Walsh i láthair; tá leagan Gaeilge ann freisin Podchraoladh Met Éireann a chuireann Ferdia McCrann i láthair, agus ár bpodchraoladh gearr laethúil ar réamhaisnéis aimsire Réamhaisnéis na hAimsire ó Met Éireann Ar fáil ar gach líonra podchraolta.