AISTRIGH2

Cúlra

Bhí clár taighde AISTRIGH, atá á mhaoiniú, á stiúradh agus á thacú ag Met Éireann, dírithe ar réamh-mheastacháin náisiúnta aeráide d’Éirinn a chaighdeánú agus a phríomhshruthú ar fud amscálaí agus cásanna agus bhí sé dírithe ar sheirbhísí aeráide a fhorbairt chun athléimneacht na hÉireann i leith athrú aeráide a fheabhsú trí thacú le riachtanais faisnéise aeráide earnáil oiriúnaithe na hÉireann agus na gcinnteoirí in Éirinn. Tá AISTRIGH ina dhara timthriall faoi láthair (AISTRIGH 2) a mhaireann ó mhí Lúnasa 2023 go mí Lúnasa 2025. Tá sé mar aidhm ag an gclár na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

  1. Tacar sonraí caighdeánaithe náisiúnta i dtaca le réamh-mheastachán aeráide a fhorbairt ó amscálaí bliantúla go hamscálaí aeráide.
  2. Seirbhísí aeráide inscálaithe agus in-atáirgthe a fhorbairt atá dírithe ar fhaisnéis aeráide a chur i ngníomh chun tacú le cinnteoireacht éifeachtach rioscabhunaithe faoi neamhchinnteacht .
  3. Feabhas a chur ar líon na ndaoine a úsáideann faisnéis aeráide agus seirbhísí aeráide le haghaidh cinnteoireachta trí thaighde ar sheirbhísí aeráide a aistriú go héifeachtach.
  4. Feabhas a chur ar an gcumarsáid ar fud an phobail go léir ionas gur féidir leis an tsochaí dul i ngleic leis an athrú aeráide agus leis an neamhchinnteacht a bhaineann leis ar bhealach níos fearr.
  5. Tacú leis an gCreat Náisiúnta um Sheirbhísí Aeráide, (CNSA), chun an pobal seirbhísí aeráide náisiúnta a neartú ar fud an chomhéadain taighdeora – cleachtóra – lucht ceaptha beartas.

Tá an clár AISTRIGH mar bhonn faoi go leor treoracha aeráide bunriachtanacha náisiúnta agus áitiúla. Cuireann sé go díreach leis an gCreat Náisiúnta um Sheirbhísí Aeráide (CNSA) chun tacú le forbairt, comhordú agus caighdeánú seirbhísí aeráide ar fud na tíre. Tá sé mar bhonn ag réamh-mheastacháin le haghaidh Aeráid Éireann, an tairseach náisiúnta maidir le hoiriúnú don aeráid. Tá sé leabaithe sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe (CNO) agus sa Mheasúnú Riosca Náisiúnta ar an Athrú Aeráide (MRNAA) agus mar thoradh air sin tacaíonn sé le pleananna áitiúla gníomhaithe ar son na haeráide agus le pleananna oiriúnaithe earnála atá sainordaithe ag an Rialtas. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go bhfuil faisnéis agus seirbhísí ón gclár ábhartha agus láidir fós chun a chinntiú go mbeidh beartas agus cinntí bunaithe ar an bhfaisnéis aeráide is cruinne agus is déanaí, chomh maith lena chinntiú go bhfuil rochtain ag cinnteoirí ar shonraí aeráide den chaighdeán is airde nuair is gá agus go bhfuil comhsheasmhacht sna timthriallta pleanála.

Cur síos ar an Aschur

Sonraí atá mar Bhuntaca

  • Leathnaítear in AISTRIGH 2 an buntacar sonraí bunaithe ar CMIP5 AISTRIGH chun croí-athróga breise i dtaca le luas gaoithe, le bogthaise choibhneasta agus le radaíocht na gréine a áireamh thar chásanna (RCP2.6, RCP4.5, RCP 8.5) chomh maith le leibhéil téimh dhomhanda (1.5oC, 2oC, 2.5oC, 3oC, 4oC). a áireamh. Ceartaítear le haghaidh laofachta iad siúd le sonraí athanailíse ERA-Interim íos-scálaithe i gcomparáid le breathnóireachtaí greillithe.
  • Bogtar AISTRIGH 2 ó CMIP5 go CMIP6. Áirítear sa chéim thosaigh sin roinnt de shamhlacha CMIP6 íos-scálaithe (lena n-áirítear HCLIM). De bharr moilleanna maidir le CMIP6 Euro-CORDEX a fhorbairt, áfach, ní bheidh ach baill tosaigh den ensemble sin ar fáil ag deireadh na céime sin. Déanfar ensemble CMIP6 a leathnú tuilleadh i leaganacha níos déanaí d’AISTRIGH.

Táscairí Aeráide

  • Táscairí breise atá á bhforbairt bunaithe ar ensemble CMIP5 AISTRIGH agus áirítear leo: Imghalú, Innéacs Caighdeánaithe Imghalaithe-Frasaíochta (ICIF), Strus Teirmeach, Innéacs Dóiteáin agus roinnt innéacsanna fuinnimh in-athnuaite.
  • Déanfar táscairí aeráide a athchruthú le haghaidh CMIP6 nuair is cuí é sin a dhéanamh.
  • Cruthaítear iad go léir ar fud cásanna agus leibhéil téimh dhomhanda agus tá siad/beidh siad ar fáil i bhformáidí éagsúla ó Aeráid Éireann.

Scéalta Aeráide

Tá scéalta bunaithe ar theagmhais á gcruthú faoi láthair. Tá dhá scéal á meas:

  • Teagmhais bháistí thar na bearta agus conas a athróidh na tréimhsí athfhillte maidir le teagmhais stairiúla ardtionchair ar leith amach anseo
  • Samhradh na bliana 2018 – scéal teasa ina bpléitear teochtaí foircneacha, strus teasa, tonnta teasa agus triomaigh.

Seirbhísí Aeráide Rioscabhunaithe

  • Leathnaíodh creat riosca cáilíochtúil AISTRIGH chun cás-staidéir bhreise a chur san áireamh, rud a chuir leis an gcéim tosaigh de chlár AISTRIGH.
  • Déanfar obair ar innéacsanna bithaeráide agus ar chomhtháthú na sonraí sin i gcreat riosca AISTRIGH
  • Leathnaíodh an creat riosca atá cainníochtúil go hiomlán chun comhpháirt chostais agus tairbhe a chur san áireamh.