Léirítear ann an obair riachtanach atá á déanamh ag Seirbhísí Náisiúnta Meitéareolaíocha agus Hidreolaíocha ar mhaithe le sábháilteacht agus folláine na sochaí agus déantar an obair seo a cheiliúradh trí ghníomhaíochtaí a reáchtáil ar fud an domhain. Is fianaise iad na téamaí a roghnaíodh do Lá Meitéareolaíochta an Domhain ar shaincheisteanna tráthúla – an aimsir, an aeráid nó saincheisteanna a bhaineann le huisce. – Oifig Meitéareolaíochta an Domhain faoi Lá Meitéareolaíochta an Domhain alt
Is é téama Lá Meitéareolaíochta an Domhain 2022 ná
Rabhadh Luath agus Gníomhú Luath. Eolas Hidrimeitéareolaíoch agus Aeráide chun Riosca Anachaine a Laghdú
Imeachtaí:
Dé Céadaoin an 23 Márta, tabharfaidh Ceann Réamhaisnéise Met Éireann Evelyn Cusack an chéad léacht ar an láthair le 2 bhliain de chuid Chumann Meitéareolaíochta na hÉireann, i gcomhar le hInstitiúid an Domhain UCD. Is é an t-ábhar a mbeidh á phlé ná ‘Rabhadh Luath agus Gníomhú Luath: Sábhálann réamhaisnéisí agus rabhaidh aimsire beatha agus slite beatha’. Beidh an léacht ar siúl ag Ionad Eolaíochta Uí Bhriain, UCD, Belfield ag 6:30pm. Tá fáilte roimh chách. Cláraigh le haghaidh ticéad saor in aisce anseo.
Óstálfaidh Oifig Meitéareolaíochta an Domhain ócáid ar Lá Meitéareolaíochta an Domhain maidir leis an téama Rabhadh Luath agus Gníomhú Luath. Eolas Hidrimeitéareolaíoch agus Aeráide chun Riosca Anachaine a Laghdú. Beidh an t-imeacht ar fáil mar bheoshruth ar YouTube, nó is féidir leat páirt a ghlacadh ann trí Zoom, ar an 23 Márta 2022 idir 1:00pm – 2:30pm. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.
The World Meteorological Office will host a ceremony on World Meteorological Day on the theme of Early Warning and Early Action. Hydrometeorological and Climate Information for Disaster Risk Reduction. The event will be available as a live stream on YouTube, or join via Zoom, on 23rd March 2022 from 1:00pm – 2:30pm, further information is available here.
Pléifear ar ócáid Lá Meitéareolaíochta an Domhain, Rabhadh Luath agus Gníomhú Luath. Eolas Hidrimeitéareolaíoch agus Aeráide chun Riosca Anachaine a Laghdú
– ó alt Oifig Meitéareolaíochta an Domhain:
Tá imeachtaí adhaimsire, aeráide agus uisce foircneacha ag éirí níos déine agus tá siad ag tarlú níos minice i mórán áiteanna ar domhan mar thoradh ar an athrú aeráide. Táimid nochta níos mó do chontúirtí iomadúla a bhaineann lena chéile, atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar fhás daonra, uirbiú agus díghrádú comhshaoil.
Ní leor feasta réamhaisnéisí faoin gcineál aimsire a BHEIDH ANN. Tá réamhaisnéisí tioncharbhunaithe a chuireann in iúl don phobal cad a DHÉANFAIDH an aimsir riachtanach chun beatha agus slite maireachtála daoine a shábháil. Fós féin, níl duine amháin as gach triúr clúdaithe go cuí ag córais réamhrabhaidh.
Tá géarghá le comhordú níos mó idir seirbhísí meitéareolaíocha agus hidreolaíocha náisiúnta, údaráis bainistíochta anachaine agus gníomhaireachtaí forbartha chun cosc, ullmhacht agus freagra níos fearr a bheith againn.
Tá COVID-19 tar éis dhúshláin na sochaí a dhéanamh níos casta agus córais déileála a lagú. Chuir an phaindéim béim freisin ar an ngá atá le cur chuige ilchontúirtí trasteorann a thógáil i ndomhan atá nasctha le chéile. Dhéanfadh sé sin dul chun cinn i dtreo spriocanna domhanda maidir le gníomh ar son na haeráide, laghdú riosca anachaine agus forbairt inbhuanaithe.
Sábhálfar mórán saolta agus slite beatha i bpobail ar fud an domhain anois agus sa todhchaí má táimid ullamh agus ábalta don ghníomh, ag an am ceart, san áit cheart.
Tá an téama ‘Rabhadh Luath agus Gníomhú Luath’ ag Lá Meitéareolaíochta an Domhain ar an 23 Márta 2022, agus leagann sé béim ar an tábhacht atá le hEolas Hidrimeitéareolaíoch agus Aeráide chun Riosca Anachaine a Laghdú.
World Meteorological Day 23 March 2022 therefore has the theme Early Warning and Early Action, and spotlights the vital importance of Hydrometeorological and Climate Information for Disaster Risk Reduction.