Obair Met Éireann ar Athrú Aeráide
Sa tsraith seo de thrí fhíseán ghearra, tugaimid breac-chuntas ar obair Met Éireann maidir lenár dtimpeallacht reatha agus reatha a thomhas, chomh maith lenár ról chun cuidiú le haeráid na hÉireann sa todhchaí a thuar. Cuirimid béim ar an gcomhar atá riachtanach ar leibhéal Náisiúnta, Eorpach agus Domhanda maidir le heolaíocht aeráide. Agus a fhios againn cé mhéid is dóigh a n-athróidh ár n-aeráid, déanaimid scrúdú ar an gcaoi a gcuidíonn an t-eolas seo le hÉirinn cinntí tábhachtacha a dhéanamh anois.
Físeán 1:
Cén ról atá ag Met Éireann maidir le cuidiú le hÉirinn a ullmhú níos aeráide?
Físeán 2:
Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go bhfuil aeráid na hÉireann ag athrú?
Ar mhaith leat cabhrú le monatóireacht a dhéanamh ar aeráid na hÉireann agus cur le hathrú aeráide a thomhas?
Físeán 3:
Cén chuma a bheidh ar aeráid na hÉireann sa todhchaí, agus trí seo a fháil amach conas a chuidíonn sé seo linn anois?
Baineann athrú aeráide le hathruithe fadtéarmacha i bpatrún aimsire an domhain nó le meán teocht. Cruthaíonn idirghníomhaíochta idir an t-atmaisféar, na haigéin, oighearchlúideacha, mórchríocha agus fásra an córas aeráide. Is féidir le hathruithe san aeráid teacht chun cinn go nádúrtha ó thimthrialta fadtéarmacha i bhfithis an domhain. Is sampla eile d’éagsúlachtaí nádúrtha iad imeachtaí El Niño/La Niña, trína dtagann athruithe ar theocht a sheasann ar feadh roinnt blianta de bharr idirghníomhaíochta idir na haigéin agus an t-atmaisféar. Tá ardú tagtha ar an meánteocht domhanda ó lár na naoú haoise déag ní thugann cúiseanna nádúrtha amháin míniú ar an ráta athraithe le blianta gairide. Léirítear é sin trí mhúnlaí ríomhaire sofaisticiúla de chóras aeráide an domhain, ar a dtugtar múnlaí córais domhanda, a rith, agus ní dhéanann siad sin macasamhail ach d’arduithe a fheictear ar theocht nuair a chuirtear iarmhairtí gáis cheaptha teasa agus aerasóil san áireamh [1].
Cad iad gáis cheaptha teasa?
Tá fianaise ábhalmhór ann a chuireann in iúl gur méadú ar an méid gáis cheaptha teasa san atmaisféar thar an gcéad bliain seo caite nó mar sin de bharr gníomhaíocht daonna is cúis le formhór an téimh [1]. Chun aeráid chothromaithe a bheith ann, níor mhór go mbeadh an fuinneamh atá ag teacht chuig an domhan agus a sholáthraíonn an ghrian (grianradaíocht) cothrom leis an bhfuinneamh a chailleann an domhan; is i bhfoirm radaíocht infridhearg atá an chuid is mó den fhuinneamh a chuireann an domhan amach. Is gáis comhábhair den atmaisféar iad gáis cheaptha teasa a shúnn isteach radaíocht infridhearg an domhain atá ag dul amach agus a chuireann an radaíocht i ngach treo, ar ais chuig dromchla an domhain san áireamh. Is iad na gáis cheaptha teasa is tábhachtaí ná dé-ocsaíd charbóin (CO2,), ceo uisce (H2O), meatán (CH4), agus ózón (O3). De réir mar a thagann ardú ar thiúis na ngás sin, bíonn níos mó den radaíocht atá ag dul amach á shú, rud a chuireann laghdú ar an gcaillteanas teasa a théann sa spás ó dhromchla an domhain. Is é an glantoradh ná go súnn an domhan níos mó fuinnimh (ó ghrianradaiocht) ná mar a spréann sé agus téann an éagothroime seo an pláinéad; tá an próiseas seo cosúil leis an rud a tharlaíonn i dteach gloine.
Is Dúshlán Domhanda é Athrú Aeráide
Ciallaíonn athrú aeráide go mbeidh patrúin aimsire ar fud an domhain athruithe, agus go mbeidh tionchair dhifriúla ar pháirteanna difriúla den phláinéad. Beidh athruithe ar phatrúin báistí, méadú ar ghaineamhlú, oighearshruthanna agus oighearchaidhpeanna ag leámh, ardú ar leibhéal na farraige agus gach seans go mbeidh imeachtaí aimsire níos déine ann. Tá impleachtaí ann don tsláinte, do shlándáil bhia, do dhíláithriú pobail agus don bhithéagsúlacht [1].
Múnlaí Aeráide
Baintear úsáid as múnlaí córais Aeráide nó Domhanchórais chun feabhas a chur ar an tuiscint atá againn ar an aeráid ar scálaí ama a théann ó scálaí séasúracha go scálaí céad bliain. Tá siad déanta suas as chothromóidí mataimaiticiúla a úsáidtear chun aithris a dhéanamh ar idirghníomhaíochta laistigh den domhanchóras aeráide ar a n-áirítear iad sin idir an t-atmaisféar, na haigéin, dromchla an domhain agus muiroighear. Bíonn múnlaí mar sin déanta dá réir sin as na milliúin línte de chód ríomhaire agus caithfear iad a rith ar sár-ríomhairí úrscothacha.
Níl múnlaí aeráide gan locht; tá roinnt mhaith foinsí a chuireann le neamhchinnteacht fortheilgean aeráide ar a bhfuil éagsúlacht nádúrtha sa chóras aeráide, foirmiú an mhúnla féin agus astuithe gáis cheaptha teasa agus thruailleáin eile amach anseo. Rithimid sraitheanna ionsamhlúchán aeráide (ar a dtugtar ensembles) ag úsáid múnlaí difriúla agus cásanna atmaisféaracha difriúla den todhchaí chun na neamhchinnteachtaí sin a thabhairt san áireamh.
An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC)
Is comhlacht de chuid na Náisiúin Aontaithe é An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), a bunaíodh i 1988, agus a dhéanann measúnú ar eolaíocht athrú aeráide. Déanann an IPCC measúnú ar thaighde athrú aeráide atá athbhreithnithe ag piaraí agus foilsíonn siad tuarascálacha measúnaithe gach 5-7 mbliana.
Láimhseáil na chéad thuarascálacha measúnachta de chuid an IPCC (AR1 go AR4) ar athruithe i gcomhdhéanamh atmaisféarach ag úsáid an Tuarascáil Speisialta ar Chásanna Astuithe (SRES, m.sh. cás A2) agus a bhí bunaithe ar astuithe fortheilgthe, athruithe ar úsáid talúna agus tosca cuí eile. Baineadh úsáid as cásanna nua Chonairí Tiúchana Ionadaíochta (RCP) don AR5. Tá siad sin dírithe ar fhórsáil radantach – an t-athrú sa chothromaíocht idir radaíocht atá ag teacht isteach agus ag dul amach tríd an atmaisféar agus gur athruithe sa chomhdhéanamh atmaisféarach is cúis leis go príomha – in áit a bheith ceangailte le haon chomhcheangal sonrach de chásanna forbartha socheacnamaíocha agus teicneolaíochta. Ní hionann is SRES, tugann siad cásanna san áireamh go soiléir a cheadaíonn maolú aeráide. Tá 4 chás mar sin ann: RCP2.6 (íseal), RCP4.5 (meán-íseal) RCP6.0 (meán-ard) agus RCP8.5 (ard), ainmnítear iad sin ag tagairt do raon luachanna fórsála radantacha don bhliain 2100 nó tar éis .i. 2.6, 4.5, 6.0, agus 8.5 W/m2, faoi sheach.
Foilsíodh an cúigiú tuarascáil mheasúnaithe (AR5) le linn 2013 agus 2014. Ar na príomhthorthaí bhí [1]:
- Tá téamh na haeráide díreach, agus tá go leor de na hathruithe a chonacthas ó na 1950í gan réamhshampla thar na scórtha go na mílte bliain.
- Tá ardú tagtha ar thiúis atmaisféaracha dé-ocsaíd charbóin, mheatáin agus ocsaíd nítriúil ar leibhéil gan réamhshampla ar feadh 800,000 bliain ar a laghad.
- Tá sé soiléir go bhfuil tionchar daonna ar an gcóras aeráide. Tá sé thar a bheith dóchúil (95-100% dóchúil) gur tionchar daonna a bhí mar phríomh-chúis le téamh domhanda idir 1951-2010.
- Beidh tuilleadh téimh agus athruithe ar gach comhbhall den chóras aeráide mar thoradh ar astuithe leanúnacha gáis cheaptha teasa. Beidh gá le laghduithe suntasacha agus inbhuanaithe ar astuithe gháis cheaptha teasa chun athrú aeráide a theorannú
- • Táthar ag tuar go mbeidh athrú d’os cionn 1.5 °C ar theocht dhromchla an domhain faoi dheireadh na 21ú haoise i gcomparáid leis an tréimhse 1850 go 1900 i ngach cás ach amháin na cásanna is lú a measadh, agus gur dócha go mbeidh sé os cionn 2°C sa dá chás is airde a measadh
Stádas Aeráid na hÉireann 2020
Cuirtear measúnú ar fáil sa Tuarascáil ar Stádas Aeráid na hÉireann 2020 ar staid reatha aeráid na hÉireann agus mar atá athruithe domhanda le brath san atmaisféar, sna haigéin agus sa tírdhreach anseo in Éirinn.
Maidir leis an tuarascáil is déanaí, a foilsíodh i mí Lúnasa 2021, tá fianaise shoiléir ann gurb é an téamh domhanda is cúis le hathrú aeráide in Éirinn. Seo a leanas cuid de na príomhthorthaí:
- Tá ardú breis is 0.9°C tagtha ar an mheánaertheocht dhromchla bhliantúil in Éirinn le 120 bliain anuas, agus ardú teochta le feiceáil i ngach séasúr.
- Bhí frasaíocht bhliantúil 6 faoin gcéad níos airde sa tréimhse idir 1989 agus 2018, i gcomparáid leis an tréimhse 30 bliain idir 1961 agus 1990.
- Tá sé feicthe freisin go bhfuil leibhéal na farraige ardaithe agus go bhfuil teochtaí aigéin níos airde in aigéin na tíre agus inár gceantair le cósta.
Is féidir leat féachaint ar an tuarascáil achomair anseo
“Met Éireann, Foras na Mara agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a chómhaoinigh an tuarascáil seo a d’ullmhaigh MaREI, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.”
Tá an measúnú bunaithe ar shonraí a cuireadh i dtoll a chéile agus a ndearnadh anailís orthu as nach mór 50 Athróg Aeráide Riachtanach (ECV) a braitheadh sa timpeallacht atmaisféarach, aigéanach agus dhomhanda ar fud an domhain.
Cuidíonn tomhais aeráide fhadtéarmacha le hathrú aeráide a chur i gcomhthéacs athrú aeráide an domhain. A bhuíochas do mhonatóireacht leanúnach fadtéarmach stáisiúin aimsire Met Éireann agus le tacaíocht ó na céadta breathnóirí díograiseacha leis na deicheanna de bhlianta anuas, bhí Met Éireann ábalta sraith de thaifid aeráide a chur i dtoll a chéile a théann siar os cionn céad bliain. Leanann Cartlann Náisiúnta Aeráide Met Éireann ag cur tomhas athróg aeráide riachtanach leis an gcartlann ag cuidiú le tacaíocht a thabhairt d’eolaíocht aeráide na hÉireann, beartas aeráide na hÉireann agus gníomhú ar son na haeráide in Éirinn.
Is féidir tuilleadh a léamh faoin Tuarascáil ar Stádas Aeráide na hÉireann 2020
Cén chaoi a mbeidh tionchar ag athrú aeráide ar Éirinn?
Tá Éire gafa sa mhúnlú domhanda trína rannpháirtíocht san fhorbairt eolaíoch ar mhúnla domhanda an CE-an Domhain, ag déanamh ionsamhlúcháin ar scála céad bliain leis an múnlú trí sár-ríomhairí a úsáid agus sonraí a chur ar fáil chun go mbeidh an IPCC in ann measúnú a dhéanamh air. Rinne Met Éireann agus Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibheil (ICHEC) an obair mhúnlaithe domhanda mar chomhpháirtithe sa chuibhreannas idirnáisiúnta CE-an Domhain.
Cuirtear na múnlaí CE-an Domhain ar scála nios lú ansin chun eolas a chur ar fáil ar leibhéal réigiúnach d’Éirinn. Is próiseas é íos-scálú, trína ndéantar múnlú dinimiciúil nó staitistiúil ar mhúnlaí domhanda, a bhfuil idirdhealú tipiciúil de 50km nó níos mó acu ar scála níos míne le hidirdhealú chomh híseal le 4km, rud a thugann idirdhealú níos fearr ar imeallbhoird agus ar thopagrafaíocht.
Rinneadh measúnú ar na tionchair a bheadh ag athrú aeráide ar Éirinn do thréimhse lár an chéid 2041-2060 ag baint úsáide as ensemble ionsamhlúchán íos-scálaithe, bunaithe ar chásanna astuithe meán-go-híseal (RCP4.5) agus astuithe arda (RCP 8.5).
Teilgin Teochta d'Éirinn
Léiríonn teilgin go mbeadh ardú 1-1.6°C sa mheán teocht bliantúil, agus go mbeadh na harduithe is mó in oirthear na tíre. Is do na laethanta foircneacha (.i. laethanta te nó fuara) is mó a bheadh méadú ar an teocht, le teilgean go mbeadh ardú 0.7-2.6°C ar an teocht laethúil is airde sa samhradh agus ardú de 1.1–3°C ar an teocht oíche is ísle sa gheimhreadh. Ag tógáil an mheáin don tír ar fad, teilgtear go dtiocfaidh ísliú de 50% ar an líon laethanta seaca (laethanta a mbíonn an teocht is ísle faoi bhun 0°C) maidir leis an gcás astaithe meán-íseal agus 62% don chás ard-astaithe. Léiríonn na teilgin go mbeidh meán-ardú de 35 agus 40 lá faoi sheach in fhad an tséasúr fáis, de réir na gcásanna astuithe íseal-meán agus ard-astuithe [2][3].
Laghdóidh geimhrí níos boige, ar an meán, na rátaí báis a bhaineann le fuacht i measc dhaoine scothaosta agus dhaoine laga ach b’fhéidir go mbeadh cothromú ar seo de bharr strus a bhaineann le teas i samhraí níos teo [4].
Fortheilgin Báistí d'Éirinn
Léiríonn na hionsamhlúcháin íos-scálaithe laghduithe teilgthe suntasacha sa mheán thitim báistí bliantúil, earraigh agus samhraidh faoi lár an chéid. Is don samhradh is mó atá na laghduithe teilgthe, le laghduithe idir 0% agus 13% agus idir 3% agus 20% do chásanna astuithe meán-go-hiseal agus astuithe arda, faoi sheach. Taispeánann na minicíochtaí a mbeidh imeachtaí le báisteach throm ann arduithe suntasacha de thart ar 20% do mhíonna an fhómhair agus an gheimhridh. Teilgtear go dtiocfaidh ardú mór ar an líon tréimhsí tirime sa bhfómhar agus sa samhradh faoi lár an chéid. Is sa samhradh is mó a bheadh méaduithe teilgthe maidir le tréimhsí tirime, agus bheadh na luachanna idir 12% agus 40% don dá chás astaithe.
Ardú ar Leibhéal na Farraige
Tá leibhéil farraige ag ardú ag meán-ráta de thart ar 3mm gach bliain idir 1980 agus 2010. Tá sé teilgthe go leanfaidh leibhéil farraige ag ardú ag an ráta seo nó ag ráta níos airde. Tá na cathracha is mó in Éirinn i láithreacha cósta agus i mbaol taoidí, agus bheadh tionchair mhóra eacnamaíochta, sóisialta agus timpeallachta ag aon ardú suntasach ar leibhéil farraige. Bheadh méadú ar chreimeadh cósta, tuilte agus damáiste maoine agus bonneagair mar thoradh ar leibhéil farraige a bheith ag ardú timpeall na hÉireann.
Fuinneamh Gaoithe agus Rianta Stoirme:
Taispeánann staidéir laghduithe suntasacha teilgthe in ábhar fuinnimh na gaoithe do shéasúir an earraigh, an tsamhraidh agus an fhómhair, agus bheadh na laghduithe teilgthe níos mó i leith an tsamhraidh agus ní bheadh aon treocht suntasach don gheimhreadh. Tá sé teilgthe go dtiocfaidh laghdú de thart ar 10% an líon fhoriomlán cioclón an Atlantaigh Thuaidh . Cuireann torthaí in iúl freisin go leathnóidh conair adhstoirme níos faide ó dheas, rud a chuirfidh ardú ar ghníomhaíocht adhstoirme in Éirinn, ach teilgtear go mbeidh an líon stoirmeacha aonair beag go maith [2]. Ós rud é gur annamh a bhíonn imeachtaí adhstoirme ann, ní mór an taighde ar rianú stoirme a leathnú amach. Díreoidh obair amach anseo ar anailís a dhéanamh ar ensemble níos mó, agus sa chaoi sin tabharfaidh sé deis anailís staitistiúil bhríomhar a dhéanamh ar riain adhstoirme a theilgean.
Athruithe ar an nádúr
Tiocfaidh athruithe ar iompar speicis de bharr athruithe ar an aeráid. Feictear luathú in uainiú phríomhchéimeanna feineolaíochta raon leathan orgánach, ar a n-áirítear crainn, éin agus feithidí de bharr théamh san earrach le blianta gairide. Mar shampla, má bhíonn teocht níos airde ann i ndeireadh an gheimhreadh nó i dtús an earraigh tagann féileacáin amach níos luaithe sa bhliain agus bíonn éin ag athrú a bpatrúin imirce. Cuirfidh an luas a bheidh le hathrú sa todhchaí strus ar na héiceachórais nach mbeidh in ann dul in oiriúint go sciobtha.
Maolú agus Oiriúnú
Caithfidh Éire polasaithe a chur i bhfearas agus iad a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go dtabharfaidh an tír aghaidh ar na dúshláin a thiocfaidh ó athruithe ionchais inár n-aeráid agus ar ár n-oibligeáidí idirnáisiúnta. Is maolú an téarma a thugtar ar iarrachtaí chun astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú. Is féidir plean náisiúnta maolaithe reatha na hÉireann a rochtain anseo. Tagraíonn oiriúnú do ghníomhaíochta a dhéantar chun laghdú a chur ar leochaileacht agus oscailteacht d’athrú agus d’éagsúlacht athraitheacht aeráide a bhfuil súil leo. Is féidir An Creat Náisiúnta Oiriúnaithe na hÉireann a rochtain anseo.
Léamh, Naisc agus Tagairtí Breise
- Intergovernmental Panel on Climate Change (IPCC) 2013: available at https://www.ipcc.ch/
- Nolan, P. 2015. EPA Report: Ensemble of Regional Climate Model Projections for Ireland. EPA climate change research report no. 159. EPA: Wexford.
- O’Sullivan, J., Sweeney, C., Nolan, P. and Gleeson, E., 2015. A high-resolution, multi-model analysis of Irish temperatures for the mid-21st century. International Journal of Climatology. doi: 10.1002/joc.4419.
- Gleeson, E., McGrath, R. & M, Treanor, eds. 2013. Ireland’s climate: the road ahead. Dublin, Ireland: Met Éireann [Online].
- Nolan, P., O’Sullivan, J., & McGrath, R. (2017). Impacts of climate change on mid‐twenty‐first‐century rainfall in Ireland: a high‐resolution regional climate model ensemble approach. International Journal of Climatology.
- Dwyer N. 2012. The Status of Ireland’s Climate, 2012. Dwyer N (ed). CCRP Report No. 26. EPA, Wexford, Ireland.
- United Nations Framework Convention on Climate Change (UNFCCC) available at http://newsroom.unfccc.int/.
- Global Climate Observing System (GCOS) available at http://www.wmo.int/pages/prog/gcos/index.php.
- Caffarra, A., F. Zottele, E. Gleeson, and A. Donnelly. “Spatial Heterogeneity in the Timing of Birch Budburst in Response to Future Climate Warming in Ireland.” International Journal of Biometeorology 58, no. 4 (September 15, 2014): 509–19. doi: 10.1007/s00484-013-0720-5.
- McCarthy, G., E. Gleeson, and S. Walsh. “The Influence of Ocean Variations on the Climate of Ireland.” Weather 70, no. 8 (2015): 242–245. doi: 10.1002/wea.2543.